Stadas teanga

Beidh seimineár ar "Stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach - impleachtaí o thuaidh agus ó dheas" á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge…

Beidh seimineár ar "Stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach - impleachtaí o thuaidh agus ó dheas" á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge in Óstán an Brandon, Trá Lí, Co Chiarraí, Dé Sathairn ag 3 p.m.

Is mar chuid d'imeachtaí Oireachtas na Gaeilge a bheidh an ócáid ar siúl.

Beidh eolaithe ar reachtaíocht teanga in Éirinn agus thar lear ar an phainéal: Pádraig Breandán Ó Laighin; an tOllamh Noel Ó Maolchatha; Dónall Ó Riagáin agus Daithí Mac Cárthaigh. Is í Helen Ó Murchú a bheidh ina cathaoirleach.