Sraid stairiuil

Big changes are in store for city centre Dublin and traditional Moore Street, writes Seán Ó Riain

Big changes are in store for city centre Dublin and traditional Moore Street, writes Seán Ó Riain

Beocheist: Cheana féin tá falla adhmaid tógtha timpeall ar an áit ar sheas Gallán Nelson tráth, áit a bhfuil An Spíce á thógáil anois.

Níl ansin ach tús na n-athruithe móra atá i ndán do lár Bhaile Átha Cliath. Chuir Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath tús le Tionscadal Shráid Uí Chonaill i 1998, cheapadar gur cheart fíor-áille na sráide a thabhairt chun críche.

Bhíodar buartha leis go raibh na sráideanna máguaird duairc smolchaite.

READ MORE

Chuir an chomhairle roimpi dreach na príomhshráide a athrú ó bhonn ionas go meallfaí daoine isteach go lár na cathrach.

Beidh na sráideanna idir Faiche an Choláiste is Cearnóg Pharnell níos taithneamhaí do choisithe agus sa Chearnóg féin cuirfear cosc ar pháirceáil gluaisteán d'fhonn áilleacht na cearnóige a nochtadh don bpobal.

Tógfar foirgnimh ar shuímh thréigthe is feabhsófar aghaidh na bhfoirgneamh atá ann cheana féin. Go fadtéarmach, tá sé i gceist cosc iomlán ar thrácht a chur i bhfeidhm ó Chearnóg Pharnell chomh fada le Sráid Grafton.

Tá athruithe móra i ndán do mhargadh cáiliúil Shráid Uí Mhórdha leis. Tá an-chion ag daoine ar an tsráid ach deir an chomhairle go bhfuil foirgnimh leath-thréigthe ann agus go bhfuil an tsráid féin smolchaite.

Bíonn margaí tarraingteacha ag an-chuid mórchathracha agus ba chóir, dar leis an gcomhairle, go mbeadh sé indéanta Sráid Uí Mhórdha a athchóiriú go foirfe agus, ag an am céanna, an t-atmaisféar traidisiúnta a chaomhnú.

Chuas chun cainte leis na mangairí, lá gréine, torthaí is bláthanna mar phictiúr daite. Dhiúltaigh triúr labhairt liom mar bhíodar róghnóthach nó ag ól tae. Dúirt duine eile go gcosnódh sé scór euro orm!

Ach croí na cairdiúlachta í Lily Carthy. Dúirt Lily go raibh na mangairí ag éisteacht leis an gcomhairle agus a cuid pleananna le fada: "N'fheadar an bhfíorófar iad riamh."

Ba bhreá léi an margadh bheith faoi cheannbhrat mar atá beartaithe. Thart ar 30 mangaire a bhí ag obair an lá go rabhasa ann.

"Tá a lán daoine ag éirí as," a dúirt Lily, "nó ag fáil bháis. Táimid ag dul in aois agus níl na daoine óga sásta tabhairt faoin obair níos mó."

Ag bun na sráide chuireas forrán ar thriúr eile, arís an chairdiúlacht is dual do na fíor-Dubs.

D'aontaigh Karl gur chóir an margadh bheith faoi dhíon. "Nuair a thagann an bháisteach teitheann na custaiméirí go léir uainne isteach sna hollmhargaí.

Chomh maith leis sin, dá mbeadh ceannbhrat os ár gcionn, d'fhéadfadh bialanna beaga bheith againn ar an gcasán ar nós na mór-roinne."

Bhí Karl ar aon tuairim le Lily nach raibh aon teannas idir iad féin agus na daoine ón Afraic a raibh siopaí beaga ar cíos acu ar an tsráid. "Go deimhin tugann siad beocht chun na háite."

TÁ bia eitneach ar díol, cóirítear gruaig i stíl thíortha na hAfraice is cuirtear glaoch abhaile ó na hionaid teileafóin.

Faraor, beidh orthu glanadh leo go luath mar teastaíonn ó na húinéirí na siopaí a dhíol.

I bhfuinneog amháin fógraítear an seoladh nua maraon leis na focail dhóchasacha: "Good Looking Saloon!"

Síneann suíomh phictiúrlann an Carlton ó Shráid Uí Chonaill siar go Sráid Uí Mhórdha.

Tá cead pleanála ag na húinéirí ionad siopadóireachta a thógáil ann ach tá an suíomh ina luí díomhaoin chomh fada sin go bhfuil an Chomhairle Cathrach ag iarraidh é a cheannach go héigeantach.

Dúirt urlabhraí ón gcomhairle nárbh fhéidir luí isteach ar Shráid Uí Chonaill a athchóiriú fad is a bhí ceist an Carlton gan réiteach.

Taobh thiar den Carlton tá lána cúng, Paráid Uí Rathaille, áit ar maraíodh "The O'Rahilly" i 1916. Bhíodh leacht chuimhneacháin ann ach tá sí imithe le fada.

Ní mór leacht nua a chur ann amach anseo.

Déarfainn go mbeadh spéis ag urlabhraí na comhairle lena rabhasa ag caint sa cheist seo mar throid a sheanathair féin, John Reid, in Ard Oifig an Phoist seachtain úd na Cásca fadó.