Sop gan scuab

Crobhingne: Bhí tráth ann in Éirinn nuair adeirtí le páistí a gcuid plátaí bia a ghlanadh mar bhí oiread sin daoine ag fáil …

Crobhingne: Bhí tráth ann in Éirinn nuair adeirtí le páistí a gcuid plátaí bia a ghlanadh mar bhí oiread sin daoine ag fáil bháis le hocras sa tSín.

Ba chuma cad a bhí á ithe acu - cabáiste glasuaine, meacain liathbhána, turnapaí tufáilte nó bágún gruagach. B'éigean iad a ithe mar bhí páistí ag dul a chodladh ar bholg folamh ar an taobh eile den domhan.

Bhí fonn orainn a rá gur chuma linn pé ocras a bhí orthu nach móide go n-íosfaidís praiseach buí gan siúcra, ná drisín lofa ar chuma nó bolg saighdiúra ar leathadh a bhí ann. Ar chúis éigin bhí a fhios againn nach raibh an scéal chomh holc sin uile sa tSín, mar má bhí, gur ag dul i léig a bheadh an daonra seachas é a bheith ag iomadú thar meon.

B'fhéidir go raibh ocras, agus pianpháis, agus cumannachas, agus ceangal cos, agus Mao ann; ach ar a laghad ní raibh semolina, ná an stobhach saghas bán, ná gríscíní gigot le saill, ná ae amh, ná ubh neamhbhruite ón gcearc le slogadh gan cheist seacht lá na seachtaine.

READ MORE

Deir daoine gurb é dubh an phráta faoi deara na himirce tar éis an ghorta, ach níorbh ea. B'é an aiste bia leamh cabáistiúil gan staonadh a bhí ann a thug orthu triall ar Mheiriceá, áit a raibh cólslá agus burgairí agus stéigeanna ar sileadh le súlach agus gliomaigh feistithe ag siúl na slí agus an uile ní nár shamhlaigh na giúdaigh i ngéibheann ná na gaeil sa ghorta.

Beag an chaint anois atá ann maidir le hocras na Síne in ainneoin an bhreis agus billiún díobh atá ann. Dá laghad gob atá le stupadh is ea is fusa an soláthar. Agus nuair a chuirtear leanaí baineannacha i bhfolach ón saol in otharlanna, agus mórán cleachtas is measa siar amach ná é, bíonn baint éigin aige le smachtú pobail.

Agus is lú fós ná sin an chaint a dhéantar ar ocras na hIndia, an dara tír is mó daonra ar domhan. B'fhéidir go bhfaigheann siad cothú ar a bheith ag sclamhairt ar a chéile, ach is beag é. Cóiriú daonlathach, i bhfoirm, is ea an India, agus ní raibh riamh aon ghorta i dtír neamhspleách dhaonlathach ar chlár na cruinne. Bhí gortaí ann le linn réimeas na Breataine, mar a bhí in Éirinn, agus ní fhéadfadh pasáistí thoir an tsaoil an poll sa bholg a stuanú.

Nuair a luaitear gorta agus ocras agus deireadh le bochtaineacht, is ag trácht ar an Afraic a bhítear. Tá bochtaineacht ar fuaid na hÁise, i mbruachbhailte agus i bhforaoiseacha Mheiriceá Laidnigh, ar láithreáin charabhán an bhruscair dhaonna ghil sna Stáit Aontaithe, i Stainníní na nIarphoblachtaí Sóivéideacha, ar shráideanna na hÉireann agus Luimnigh (go háirithe). Ach ní hí an bhochtaineacht sin is cás linn, ach bochtaineacht na hAfraice.

Samhlaíonn Impirí an Domhain, agus Ríthe na hEorpa, agus An Báb Galldubh, agus Tusa Freisin, agus Lucht Airgid a Riaradh, agus Ceannairí na Teilifíse nach bhfuil le déanamh ach na fiacha a ghlanadh agus tosnú arís ar an gclár bán le cailc neamhscríofa. Cothromaítear páirc na himeartha, mar adeir siad sa chliché féin, agus beidh gach aon ní i dtábla agus i bhfoirm. Is é nach dtuigeann siad ná gur cuma faoi chothroime na páirce, is iad na rialacha féin a mheánn.

Tá rialacha an chluiche scríofa ar shlí nach bhfaighidh an bochtán gorm a chearta choíche. Is iad na tiarnaí geala a chum an cluiche, is iad a cheap na rialacha, is iad a íocann an réiteoir, is iad a thugann breab do chaptaein na bhfoirne, is iad a thugann síntiúis láimhe do na himreoirí eile, is iad adeir nithe deasa neamhurchóideacha leis an lucht féachana. Is iad na sluaite dorcha ocracha lasmuigh den pháirc nach dtuigeann go bhfuil cluiche ar siúl.

Tá dealramh céille éigin le formhór de thíortha na hEorpa. Tháinig ann dóibh tar éis na gcéadta bliain de chogaí in aghaidh na dteaghlach armtha; tháinig ann dóibh ar aon chomhbhíogadh leis an daonlathas. Ní taise don Áis é, bíodh gurb aimpléisí go mór a crot is a leagan ná cumraíocht na hEorpa.

Ach níl de chiall le tíortha na hAfraice ach líne a tarraingíodh ar mhapa nuair a ghluais ginearál amháin aduaidh agus duine eile aneas ar a chamchuaird gabhála. B'iad impireachtaí na hEorpa a cheap stáit na hAfraice ar mhaithe leo féin. Ní bheidh aon rath ar an Afraic go dtí go n-eagrófar iad ar mhaithe leo féin, agus ní ar mhaithe leis an Eoraip. Sop ar an aer sa ghuairneán gaoithe is ea ceolchoirm ar bith dá fheabhas in aghaidh na seansocruithe.

Téid ceol le gaoith, ach téid beart go cnáimh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar