Somers ar sliabh

AR MUIR is ar Sliabh (Cois Life, €12

AR MUIR is ar Sliabh (Cois Life, €12.00) is teideal d’úrscéal nua le Dermot Somers a bheidh á lainseáil in Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn ag 7pm, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Is é seo an dara húrscéal ó Somers, bunaithe ar a thaithí mar shléibhteoir agus mar chraoltóir teilifíse. Suite sna Himiléithe, a bhí an chéad cheann Buaic (2006).

In áiteanna éagsúla ar chósta na hÉireann a thiteann na heachtraí amach in Ar Muir is ar Sliabh agus léiríonn Somers arís a chumas chun scéal eachtrúil a insint in abairtí gearra gonta. Tá an bheirt phríomhphearsana, Lisa agus Brian, páirteach i sraith teilifíse ina gcaithfidh siad tabhairt faoi ghuaisbhearta éagsúla.

Is fearr Brian ar an sliabh agus san aer agus gan dúil ar bith aige san fharraige. Ar a sáimhín só san uisce a bhíonn Lisa agus éiríonn thar barr leis an údar an teannas idir an bheirt, agus iad ag iarraidh sárú ar a chéile os comhair an cheamara, a léiriú.

READ MORE

Is léir saineolas aige ar theicnic na teilifíse agus ar na cleasanna a bhíonn ag lucht déanta clár chun lucht féachana a mhealladh. Stíl an script teilifíse atá aige, é tíosach leis na focail, nó ag ligean don chomhrá idir na pearsana an scéal a insint agus mar a chonacthas ar na cláir theilifíse a rinne sé, é ar fheabhas chun áilleacht agus fiántas na timpeallachta a chur in iúl.

Cé gur mar shléibhteoir is fearr aithne ar Somers is léir ón scéal seo saineolas aige ar spóirt eile, scúbthumadh (scuba-diving) tonnscinneadh (surfing) rópadóireacht anuas (abseiling) agus tá míniú ar chuid de na téarmaí teicniúla i ngluais bheag a ghabhann leis an leabhar.

Leabhar den scoth é seo, a léifidh le fonn duine ar bith a bhfuil dúil san eachtraíocht aige. Léifidh Somers féin sleachta ag an seoladh agus taispeánfaidh sé roinnt pictiúirí dá chuid eachtraí.