‘Snip dochrach’

DÉANFAIDH Tuarascáil Mhic Cárthaigh “dochar millteanach” do chur chun cinn na teanga de réir Fhoras na Gaeilge, a scríobhann …

DÉANFAIDH Tuarascáil Mhic Cárthaigh “dochar millteanach” do chur chun cinn na teanga de réir Fhoras na Gaeilge, a scríobhann Pól Ó Muirí.

D’eisigh an t-eagras thuaidh/theas ráiteas Dé Luain inar thug an príomhfheidhmeannach, Ferdie Mac an Fhailigh, le fios go lagódh moltaí ciorraithe an Bhoird Snip Nua forbairt na Gaeilge:

“Téann moltaí na tuarascála sin glan i gcoinne na hoibre go léir a bhfuilimid ag iarraidh a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn le fada an lá.”

Bheadh na coláistí samhraidh thíos leis na ciorruithe ach go háirithe, a dúirt sé, agus bheadh a dtodhchaí i mbaol.

READ MORE

Ábhar imní eile a bhí ann nach mbeadh Roinn ar leith freagrach as cúrsaí teanga: “Ní féidir gan a bheith buartha nach leagfar tábhacht ar an nGaeilge má bhogtar chuig ceann de na ranna móra í, mar caithfidh sé a tharlú nach dtabharfar an tosaíocht di atá ag dul di.”