Smaointe dainséaracha faoi fhocail scríofa

 

INA SHAOTHAR An Criticeoir Mar Ealaíontóir, deir Oscar Wilde: “An smaoineamh nach bhfuil dainséarach ní fiú smaoineamh a thabhairt air in aon chor.”

An raibh smaoineamh dainséarach agat le déanaí?

Chaitheas an chuid is mó dem shaol oibre istigh sa Ghúm. D’fhéadfá a rá gur ar imeall an tsaoil a bhíomar ansin, ar imeall shaol na Gaeilge fiú amháin.

Is dócha go bhfuil na heagrais Ghaeilge ar fad chomh ceangailte sin leis an Stát gur leasc leo smaoineamh dainséarach ar bith a bheith acu.

Is im Eagarthóir Cúnta a bhíos ón lá a chuas isteach ann. Níor éirigh liom an dréimire a dhreapadh oiread is runga amháin. Chuas á lorg lá mar dhréimire ach theip orm teacht air. Caithfidh gur i bhfolach a bhí sé, áit éigin. Faoin staighre. Nó san íoslach. Nó seans gur os mo chomhair a bhí sé an t-am ar fad ach nár aithníos é.

Ar aon nós, i measc na gcéadta leabhar a cuireadh amach le mo linnse is cuimhin liom pictiúrleabhair oideachasúla a bhain leis na Ceiltigh, na Lochlannaigh, Ré Órga na Mainistreacha in Éirinn agus mar sin de.

Bhíos san Ard-Mhúsaem i Sráid Chill Dara le déanaí. Siopa leabhar an-deas acu ar do shlí isteach ann. Oiread is leabhar Gaeilge amháin níl ar na seilfeanna ann. Cá raibh na Ceiltigh? Cá raibh na Lochlannaigh? Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann i bhfoisceacht scread Lochlannaigh de na heagrais Ghaeilge go léir, Foras na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael-Linn, Conradh na Gaeilge. Nach raibh éinne ó na heagrais Ghaeilge istigh sa mhúsaem le déanaí nó má bhí an é nár chuir sé isteach ná amach orthu gan oiread is leabhar Gaeilge amháin a bheith le feiscint ann? B’fhéidir gur san íoslach atá na leabhair Ghaeilge go léir, an áit ina gcoinnítí Síle na gCíoch fadó agus clúidín uirthi!

D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoin nGailearaí Náisiúnta. Tá sé sin leis, i bhfoisceacht scread ealaíontóra de na heagrais Ghaeilge – agus i bhfoisceacht scread TD de Dháil Éireann! – agus is ann atá ceann de na siopaí leabhar is breátha in Éirinn. Leabhair Ghaeilge? Ná bí ag magadh fúm!

Is institiúidí náisiúnta iad an tArd-Mhúsaem agus an Gailearaí Náisiúnta. Bheifeá ag súil go mbeadh leabhair Ghaeilge acu mura mbeadh aon ní eile ann ach grá don teanga mar shiombail náisiúnta. Ómós. Ach an mbeadh sé sin ag dul rófhada leis an scéal? Nach smaoineamh dainséarach a bheadh ann?

Dúrt i dtosach na haiste seo gur bhraitheas ar an imeall agus mé sa Ghúm. Tar éis scór bliain nó mar sin den imeallú sin bhraithfeá saghas neamhdhaonna, id lobhar. I gcaitheamh mo thréimhse go léir ann níor thugas údar, aistritheoir ná maisitheoir leabhair amach le haghaidh lóin – oiread is uair amháin.

Bhíomar chomh himeallaithe, chomh teanntaithe istigh ann gur bhraitheamar an saol mór amuigh ansin a bheith rófhairsing dúinn; ní fhéadfá déileáil leis. Má bhí ábhair leabhair ag teacht isteach an t-am ar fad ón iasacht chun go ndéanfaí comheagráin díobh, ní raibh bunleabhar Gaeilge ar bith ag dul sa treo eile, ní raibh bunleabhair Ghaeilge á n-aistriú go teangacha móra agus beaga an domhain. Chuir sé sin leis an imeallú. Agus cuireann i gcónaí.

AN CHÉAD rud riamh a chonacsa sa Ghúm ná rolla leithris agus na focail Oifig an tSoláthair clóbhuailte ar gach leathán de. Hú hucs, arsa mise – nath as Fiche Blian ag Fás(ag ligint orm a bhíos gur Blascaodach a bhí ionam) – Hú hucs, cad tá sa diabhal é seo? Faoi mar a dúirt cara liom ina thaobh, bhí sé snasta agus sleamhain agus siléigeach ina dhualgas dá réir.

Tá ráite agam cheana in áit éigin eile – agus smaoineamh dainséarach ab ea é – go bhfuil ardmheas agam ar go leor de na haistriúcháin a d’fhoilsigh An Gúm ó bunaíodh é.

Raidht, seo an chuid dainséarach den smaoineamh anois: dá mbeadh meas ar bith ag Foras na Gaeilge (ar eagla na míthuisceana, is ionann An Gúm agus an Foras), dá mbeadh meas ar bith acu ar an bhfocal scríofa agus ar chultúr na léitheoireachta, chuirfí meitheal ag obair ar na seanaistriúcháin sin, an litriú nua a chur i bhfeidhm orthu agus iad a chur ar fáil ansin ar an Idirlíon do léitheoirí ár linne agus do na glúine atá ag teacht.

Tá glúin nua anois ann nár chuala trácht riamh ar chuid de na seoidaistriúcháin a tháinig ón nGúm. Lámha in airde na daoine a chuala trácht ar Lann Fada? Is leabhar é sin nach gcífeá in áit ar bith. Leabhar gleoite. Is é atá ann a scéal féin á insint ag Lann Fada, Taoiseach Indiach Dubhchosach.

Muiris Ó Catháin a chuir Gaeilge air. Teideal an bhunsaothair Long Lance, The Autobiography of a Blackfoot Indian Chief. An ceart go mbeadh fáil arís air sa chló Rómhánach?

Is cuid dár n-oidhreacht teanga is litríochta an chuid is fearr de na haistriúcháin sin. Is saibhre i bhfad iad, a lán acu, ná na bunsaothair ó thaobh stíle de agus tá an-saibhreas cainte iontu.

Is fiú go mór Lann Fadaa léamh. An fear bocht, throid sé sa Chéad Chogadh Domhanda agus nuair a tháinig sé abhaile cuireadh ina leith gur den chine gorm seachas den chine dearg é agus nach raibh sa dírbheathaisnéis aige ach cumadóireacht. Piléar trína chloigeann a mharaigh é. Ní fios cé a scaoil. É féin? Seans maith.

Seo sliocht as an leabhar aige ach go háirithe agus abair liom, ón méid a léifidh tú anseo de, dá mbeadh fáil arís air, an léifeá go deireadh é?

“Is é an chéad rud im shaol ar féidir liom cuimhneamh air ná tráth a raibh cúrsaí corraithe go leor againn de dheasca troda a tharla idir sinn féin agus treabh eile i dtuaisceart Mhontána. Is amhlaidh a bhí mo mháthair ag caoineadh agus í ag rith anonn is anall agus mise istigh im mháilín connlaigh ar a droim. Is cuimhin liom ar tharla chomh maith is dá mba inné é, cé ná rabhas ach bliain d’aois. Bhí mná agus capaill thart ins gach aon bhall, ach ní cuimhin liom go cruthanta ach amháin beirt bhan: mo mháthair agus m’aintín.

“Bhí lámh mo mháthar ag cur fola. Bhí sí ag gol. Do shín sí mise chun m’aintín, do léim ansan ar mhuin capaill agus as go bráth léi. Bhí léargas éigin i m’aigne leanbaí féin go raibh buairt éigin ag tuar agus, cé gur b’annamh do leanbh Indiach bheith ag gol do ghoileas-sa ag lorg mo mháthar nuair a sceinn sise léi agus d’fhág ansiúd mé. Dar liom ní fheicfinn go deo arís í...”

Níl aon locht air sin, an bhfuil? Agus nach mór an feall é an saothar sin agus na céadta eile a bheith ceilte ar an nglúin atá suas faoi láthair?

Sin a bhfuil de smaointe dainséaracha inniu agam, a chairde gaoil.

- I measc na leabhar is déanaí ón údar tá díolaimí a d’fhoilsigh Coiscéim, Dialann Anama, cín lae spioradálta idirghníomhach, Guthanna Beannaithe an Domhain, dánta, iomainn agus paidreacha ó cheithre hairde na cruinne, Éist Leis Seo, scéalta grinn na nGiúdach agus Guantánamo, dánta a chum cimí an champa