Seoltaí leabhar

SEOLFAIDH AN file Theo Dorgan leabhar nua le colúnaí an Irish Times , an tOllamh Alan Titley, Scríbhneoirí faoi Chaibidil (Cois…

SEOLFAIDH AN file Theo Dorgan leabhar nua le colúnaí an Irish Times, an tOllamh Alan Titley, Scríbhneoirí faoi Chaibidil(Cois Life) an Domhnach seo i Halla na Cathrach, Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath, ag 5pm. Cnuasach cainteanna ar údair mhóra na Gaeilge atá sa leabhar.

Is é an tOllamh Michael Cronin a sheolfaidh leabhar nua le bunaitheoir IMRAM, Liam Carson,

Call Mother a Lonely Field

(Hag’s Head Press) seachtain ón Déardaoin i dteach tábhairne Toner’s, Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath, ag 6.30pm. Is é atá sa leabhar cuimhní cinn Carson ar a thuismitheoirí agus cúrsaí Gaeilge i mBéal Feirste thiar.