Seolann an Rialtas straitéis 20 bliain don Ghaeilge

TUARASCÁIL: SHEOL AN Taoiseach, Brian Cowen, Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge (2010-2030) i mBaile Átha Cliath inné…

TUARASCÁIL:SHEOL AN Taoiseach, Brian Cowen, Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge (2010-2030) i mBaile Átha Cliath inné. Is iad an dá phríomhchuspóir atá ag an straitéis líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil a ardú ó 83,000 go 250,000 agus líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht a mhéadú de 25 faoin gcéad.

Chuige sin, tá naoi réimse gnímh sa straitéis – cúrsaí oideachais, an Ghaeltacht, an teaghlach, seirbhísí poiblí, an geilleagar, na meáin chumarsáide, foclóirí, tionscnaimh eile agus reachtaíocht. Beidh Coiste Rialtais ar an Ghaeilge ann le maoirseacht a dhéanamh ar obair na straitéise de réir mar a théann sí ar aghaidh agus tá oifigigh shinsearacha sa státseirbhís le bheith ar fáil le cuidiú leis an choiste.

Tá Aonad Straitéise bunaithe i Roinn na Gaeltachta agus is é an t-aonad seo a bheidh freagrach as treoir a thabhairt dá feidhmiú, le reachtaíocht a shocrú a bhunóidh Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta agus le cúram a dhéanamh de cheantair Ghaeltachta.

Ceann de na príomh-mholtaí sa straitéis Údarás na Gaeltachta a athchóiriú mar Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

READ MORE

Beidh ceanncheathrú na heagraíochta seo sa Ghaeltacht agus beidh feidhm fiontraíochta ag an údarás nua i gcónaí agus é freagrach as nithe a bhaineann leis an Ghaeilge ar fud an Stáit i gcomhthéacs an phlean úir.

Lena chois sin, leanfaidh Foras na Gaeilge ar aghaidh ar an bhonn céanna agus beidh na freagrachtaí céanna tacaíochta agus maoinithe ar an eagras sin ar bhonn uile-oileáin.

Tugtar le fios sa cháipéis gur gá “tús áite” a thabhairt don ghéarchéim theangeolaíoch sa Ghaeltacht agus “aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin trí ghníomhaíochtaí na bpríomhinstitiúidí Stáit atá freagrach as an nGaeltacht a chur san áireamh i gcreat comhtháite um pleanáil straitéiseach teanga do phobail Ghaeltachta”.

Bronnfar stádas Gaeltachta ar cheantar de réir chritéir theangeolaíocha faoi Acht nua Gaeltachta. Beidh próiseas pleanála teanga ann ina n-ullmhófar plean teanga do gach ceantar Gaeltachta. Beidh faoiseamh dhá bhliain ann do phobal nach bhfuil in ann na critéir a bhaint amach le go mbeidh seans acu pleananna teanga a fhorbairt lena stádas Gaeltachta a choinneáil: “I gcás go dteipfidh ar phobail pleananna teanga inghlactha inbhuanaithe a fhorbairt laistigh den tréimhse dhá bhliain sin, ní áireofar sa Ghaeltacht iad níos mó.”

Déanfar athbhreithniú ar phleananna teanga gach seacht mbliana agus scríobhtar go bhféadfaí “limistéir nua a áireamh mar Ghaeltacht má chomhlíonann siad na critéir theangeolaíocha nua faoin Acht nua Gaeltachta”.

Ó thaobh chúrsaí oideachais de, scríobhtar sa straitéis go ndéanfar iarracht an córas oideachais a fheabhsú trí theagasc na Gaeilge a threisiú i mbunoiliúint múinteoirí agus deis a thabhairt dóibh tréimhsí níos faide a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Cuirfear tuairim is 20 faoin gcéad de na háiteanna i gcoláistí oideachais i leataobh do mhic léinn a gcuirtear oideachas orthu trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna agus dóibh siúd a bhaineann ardleibhéal cumais amach i scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta.

Tá rún ann tuilleadh infheistíochta a dhéanamh san oiliúint inseirbhíse do mhúinteoirí agus i scéimeanna na scoláireachtaí Gaeltachta atá dírithe ar mhúinteoirí atá ag teagasc cheana féin. Cuireann an plean níos mó béime ar an tumoideachas leis an teanga a theagasc sa chóras bunscolaíochta agus cuirfear tacaíocht ar fáil don Údarás um Ard-Oideachas le clár a fhorbairt don oideachas tríú leibhéal.

Tugtar suntas ar leith don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath agus luann an straitéis plean ar leith teanga a ullmhú don chathair agus a timpeallacht, á rá go bhfuil “tábhacht mhór shiombalach” le húsáid na Gaeilge san ardchathair. Cuireann an straitéis roimpi méid na ndaoine a labhraíonn Gaeilge sa chathair a mhéadú trí dheiseanna a chur ar fáil chun í “a úsáid go nádúrtha ó lá go lá”.

Ó thaobh mhaoiniú de, cuirfidh an Roinn an straitéis i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as an acmhainn reatha atá ar fáil.

DÚIRT AN Taoiseach, Brian Cowen, go raibh “plean cuimsitheach fadtéarmach” ag an Stát don Ghaeilge den chéad uair riamh.

Straitéis “stairiúil” a bhí ann agus lá “stairiúil” don Ghaeilge a bhí ann. Bheadh “obair mhór” i gceist le spriocanna na straitéise a bhaint amach ach bhí sé cinnte de go n-éireodh le lucht na Gaeilge.

Ba chuid lárnach d’oidhreacht agus d’fhéiniúlacht phobal na hÉireann í an Ghaeilge: “Níor cheart dúinn riamh dearmad a dhéanamh uirthi agus níor cheart dúinn riamh leithscéal a ghabháil as í a chosaint agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.”

Dúirt Aire na Gaeltachta, Pat Carey, gur slabhra gan bhriseadh a bhí sa Ghaeilge a shínigh siar 2000 bliain agus bhí plean “nua-aimseartha don Ghaeilge” seolta don mhílaois seo – plean a raibh sé mar chuspóir ann a chinntiú nach mbrisfí an slabhra sin.

Ba iad an Rialtas agus an pobal a chur an plean le chéile. Bíodh is gur straitéis rialtais a bhí ann, níor leis an Rialtas í; ba leis an phobal í: “Is libhse í agus is fúinne agus is fúibhse atá sé a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm í.”

Mhol uachtarán Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa, an Rialtas as plean “chomh cuimsitheach, fadradharcach a aontú le tacaíocht traspháirtí”. Bhí áthas air go raibh freagrachtaí breise le fáil ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge agus go mbeadh an príomhról acu i bhfeidhmiú na straitéise san earnáil oideachais.

Ba mhór leis fosta go mbeadh ábhar breise ar an Ghaeilge le múineadh i nGaeilge ar scoileanna Béarla; go ndéanfaí pleanáil teanga de réir contae; go ndéanfar forbairt ar raidió Gaeilge do dhaoine óga agus go raibh tábhacht na Gaeltachta aitheanta sa straitéis. Mar sin féin, níor shásaigh an tagairt sa straitéis do bhunú Gaelscoileanna an grúpa agus leanfadh siad ar aghaidh leis an bhrú ar an ábhar sin.

Thug an t-eagras thuaidh/theas, Foras na Gaeilge, le fios go raibh “spriocanna dúshlánacha” sa straitéis agus go mbeadh ar lucht na teanga “tarraingt le chéile leis an bhfís atá taobh thiar den straitéis a fhíorú”.

Ba é tuairim Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, lárchomhairle na n-eagras deonach, gur ghá “tógáil ar na gealltanais” agus “plean feidhmithe” a chur le chéile le spriocanna na straitéise a bhaint amach.

Dúirt Éamonn Mac Niallais thar ceann an scáthghrúpa, Guth na Gaeltachta, go rachadh an plean chun tairbhe na Gaeilge ach é a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, bhí “cuid mhaith de na moltaí ... an-ghinearálta agus mar sin, braitheann cur i bhfeidhm na straitéise go mór ar thoil pholaitiúil agus ar acmhainní bheith curtha ar fáil ag an chéad Rialtas eile”.

acmhainn- resources, athbhreithniú- review, comhthéacs- context, deis -opportunity, faoiseamh- relief, géarchéim- crisis, infheistíocht- investment, próiseas- process, mílaois- millennium, nádúrtha- natural, slabhra- chain, straitéis- strategy, tábhacht -importance