Seoladh Uí Shé

SEOLFAIDH stiúrthóir Chnuasach Béaloideas Éireann, Ríonach Uí Ógáin, dhá leabhar le Seán Ó Sé: Buile Shuibhne (Coiscéim, €7.50…

SEOLFAIDH stiúrthóir Chnuasach Béaloideas Éireann, Ríonach Uí Ógáin, dhá leabhar le Seán Ó Sé: Buile Shuibhne(Coiscéim, €7.50) agus Cuimhní Pinn, Cuimhní Cinn(Coiscéim, €10) oíche Aoine i gClub Chonradh na Gaeilge, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, ag 7pm.

Ba as Gallaras i gCorca Dhuibhne, Co Chiarraí, dó; ba chainteoir dúchais Gaeilge é agus bhí Ó Sé ina leas-phríomhaistritheoir i nDáil Éireann idir 1986 agus 1995. An file Liam Prút a rinne eagarthóireacht ar na leabhair.