Seo chugainn Des Bishop, aka, Barra Ó Báma na Gaeilge

TUARASCÁIL: Tá Barra Ó Báma ag teastáil ó phobal an Gaeilge, mangaire dóchais a d'fhéadfadh Gaeil, frith-Ghaeil agus neamhspleáigh…

TUARASCÁIL:Tá Barra Ó Báma ag teastáil ó phobal an Gaeilge, mangaire dóchais a d'fhéadfadh Gaeil, frith-Ghaeil agus neamhspleáigh a thabhairt le chéile.

Bítear ag magadh faoi iriseoirí na Gaeilge agus a gcumas an 'ghné' Ghaeilge a aimsiú fiú sna scéalta idirnáisiúnta is mó. Is cuma linn, agus, déanta na fírinne, is cúis bhróid againn an acmhainn iontach seo.

Is le heaspa náire, mar sin, a mholaim go bhfuil Barack Obama dár gcuid féin ag teastáil ó phobal na Gaeilge. Sea, tá Barra Ó Báma uainn, mangaire dóchais a d'fhéadfadh Gaeil, frith-Ghaeil agus neamhspleáigh a thabhairt le chéile i spiorad an athmhuintearais, a spreagfadh sinn chun creideamh a bheith againn arís in aisling na Gaeilge, a áiteos orainn peann a chur le pár le teann muiníne agus caibidil nua a scríobh i stair na teanga.

Bhí slánaitheoirí cheana againn, daoine éagsúla a fuair beannacht na meán i ré seo na cáile, agus daoine a ndúradh fúthu go bhféadfaidís créachta na gcogaí teanga a leigheas agus an ghlúin óg a mhealladh chun páirt a ghlacadh sa ghluaiseacht seo ar son na fuascailte.

Ach tá a dhúil sna gee gees tar éis an ceann is fearr a fháil ar Hector agus tá Seán Óg Ó hAilpín róghnóthach ag cosaint cearta iománaithe céasta Chorcaí.

READ MORE

Chaill David McWilliams suim ionainn, de réir dealraimh, a luaithe agus a fuair sé an cúpla giotán cainte a bhí uaidh agus tá an iomarca Ghaeilge ag leithéid Dháithí Uí Shé, Shíle Ní Bhraonáin, Aoife Ní Thuairisg nó Dhara Uí Chinnéide.

Faraor, tá an braon dúchasach chomh láidir i gcuid dár réaltaí Gaeilge go scanródh sé cuid de na frith-Ghaeil a gcaithfimid iad a mhealladh má tá aon ní cóir i ndán dár gcomhghuaillíocht ar son athraithe.

Ná caillimis misneach, áfach. Tá fear nua chugainn agus, dar liom, go bhfuil an mianach ann.

Tá scéal ar leith ag an mBarra Ó Báma seo, ar aisling na Gaeilge ina steillbheatha é. Imirceoir a raibh culrá dhá chultúr sa bhaile aige é Des Bishop a tháinig go hÉirinn gan fiú an cúpla focal féin aige. Gach aon bhac a bhféadfaí cuimhneamh air, cuireadh roimhe é, ach níor ghlac sé leis an soiscéal ciniciúil nárbh fhéidir an beart a dhéanamh, gur teanga róchasta a bhí inti, gur bhain sí le ré eile agus gur rámhaille a bhí ar bun acu siúd a chreid a mhalairt.

Chuaigh Des chun na Gaeltachta agus d'fhoghlaim sé Gaeilge. Más féidir le Des é a dhéanamh, féadfaidh éinne é a dhéanamh; sin teachtaireacht fuascailte an fhir ghrinn Ghael-Mheiriceánaigh seo. Teachtaireacht is ea é a craobhscaoileadh os íseal ar dtús i bpubanna agus seomraí ranga Chonamara ach tá sé anois le cloisteáil i hallaí móra na tíre agus san oíche amárach beidh na céadta míle duine ag féachaint ar chlár Des, In the Name Of The Fada.

Ag an am céanna, beidh os cionn míle duine eile ag seó beo dá chuid a bheidh go hiomlán as Gaeilge agus atá á reachtáil do Sheachtain na Gaeilge.

An-chuid de na daoine seo bainfidh siad leis an deimeagrafach sin a thugann, de réir an daonáirimh, droim láimhe leis an Ghaeilge a luaithe is atá páipéar a dó sa Ghaeilge don Ardteist caite go caithréimeach sa bhruscar acu. (Is é sin munar duine de na daltaí iad a bhfuil an cineál áirithe sin disléicse orthu a thuilleann díolúine dóibh ón nGaeilge amháin.)

Seo an dream a gcaithfimid iad a mhealladh má tá fúinn a bhfuil fágtha den fhís seo a bhfuil an oiread sin cloiste againn fúithi a fhíoradh. Agus bímis réadúil faoi: dá ildánaí mar Aire é Éamon Ó Cuív ní thiteann daoine óga i bhfanntanais ag a chuid gigeanna. D'fhéadfadh gurb é Des an fear is fearr don chúram seo.

Tá cuid dá dhraíocht feicthe agam. Bheadh Barack féin bródúil as an bhfáilte a fearadh roimhe ar an gCeathrú Rua an tseachtain seo caite. Bhí slua daoine óga bailithe timpeall air tar éis a seó do Sheachtain na nGiobal.

Dúirt cailín amháin go raibh náire uirthi gur éirigh le Des Gaeilge a fhoghlaim laistigh de bhliain, rud nár dhein sí féin bíodh is gur chaith sí 12 bliain i mbun staidéir ar an teanga. Chlaon sé a ceann go tuisceanach agus bhí sí sásta. Bhí cailín eile ann nach raibh uaithi ach barróg ó Des. "That's all I want, just one hug," a dúirt sí. Bhí gach éinne acu ag iarraidh pictiúir le Mac an Easpaig.

"Can I get a picture, pleasssssssse Des."

"Ní thuigim," arsa Des.

"Ahm... An bhfuil cead agam grianghraf a fháil leat, más é do thoil é, Des."

"Tá, cinnte."

Ag an Oireachtas anuraidh ba é leagan Bishop den amhrán hip-hop Jump Around buaicphointe na féile ag mórán dá raibh i láthair. Léimígí thart, a d'impigh sé, agus léimeadar thart ina sluaite.

Bhí, tá agus beidh daoine amhrasach faoi leithéid Des. Déarfaidh siad gur fáidh bréagach atá ann.

Cloisim an chogarnaíl os íseal cheana féin: where's the beef?

Bíodh an diabhal acu. Tá machnamh domhain déanta ag Des ar gach aon ní a bhaineann leis an teanga, idir cheisteanna oideachais agus cheisteanna sochtheangeolaíochta; idir cheisteanna gramadaí agus cheisteanna canúna; idir cheisteanna fealsúnachta agus síceolaíochta.

Tá lán tuarascála de thuairimí aige, agus tá dóthain ábhar cainte aige do bhliain de chruinnithe fóraim nó coistí comhaireachta.

Ní caidreamh aon oíche atá uaidh. Creideann sé sa rud seo, sa ghá atá le hathrú meoin agus treorach.

Tá obair le déanamh fós aige ar a chuid tuiseal, ach is iomaí duine le greim docht ar an nginideach nach bhfuil aon ghrá ina gcroíthe acu.

Ó, agus tá cúpla jóc maith aige, leis.

Duine umhal é Des agus níor cheart an iomarca brú a chur air, ach fear stuifiúil spreagúil é.

An bhfuil an leagan Gaeilge den Obamania ar leac an dorais againn?

An bhfuil Barra Ó Báma na Gaeilge chugainn?

N'fheadar, ach tá Des ag foghlaim agus bímis ag foghlaim ina theannta. Mar a deireann an Seanadóir Meiriceánach féin, is fúinn féin an t-athrú a bhfuilimid ag fanacht air a thabhairt i gcrích. Téimis sa seans agus léimímis thart. Focal suas, mar a deir Mac an Easpaig. Vótáil Bishop '08. Ní foláir dúinn a bheith dóchasach, mar ní hé go bhfuil an oiread sin fágtha againn le cailliúint.

...

Tá In The Name of the Fada ar siúl ar RTÉ ag 10.10pm san oíche amárach. Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar phríomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge, Foinse

barróg hug - bródúil proud - caithréimeach triumphant - comhghuaillíocht coalition - cosaint defence - dóchasach hopeful - domhain deep - glúin generation - ildánach multi-talented - jóc joke - mianach substance - misneach courage - rámhaille raving - slánaitheoir saviour - spreagúil encouraging - umhal humble