Scríbhneoirí óga na Catalóinise

Tuarascáil/R í ona Nic Congáil: Is é "La cultura catalana" aoi oinigh na bliana seo ag Aonach Leabhar Frankfurt (10ú-14ú Deireadh…

Tuarascáil/Rí ona Nic Congáil:Is é "La cultura catalana" aoi oinigh na bliana seo ag Aonach Leabhar Frankfurt (10ú-14ú Deireadh Fómhair 2007), an fhéile leabhar bhliantúil is mó ar domhan.

Rogha chonspóideach atá ann óir tugtar aitheantas idirnáisiúnta do theanga na Catalóinise mar bhunchloch fhéiniúlacht na Catalóine, cé nach dtugann Bunreacht na Spáinne 1978 stádas oifigiúil náisiúnta don teanga.

Tá ceiliúradh an chultúir shaibhir seo faoi lán seoil ó thús na bliana i mBarcelona, príomhchathair na Catalóine, agus sraith imeachtaí cultúrtha idir cheol, ealaín agus litríocht ag múscailt fhiosracht an phobail is ag díriú aird ar chumas is fhéidearthachtaí na n-ealaíon Catalónach.

Tá ealaíontóirí na Catalóine ag cur a gceirdeanna chun cinn ar bhonn idirnáisiúnta chomh maith, sa Ghearmáin ach go háirithe, ní nach ionadh, ag aontaí leabhar agus trí léiriú dhrámaíocht na Catalóine. Tugann Aonach Frankfurt i gcomhar le hInstitut Ramon Llull na Catalóine, deontais do chomhlachtaí foilsitheoireachta idirnáisiúnta chun litríocht na Catalóinise a aistriú agus ardán úr leathan a thabhairt di.

READ MORE

Tá go leor cumann cultúrtha ag glacadh páirt sa cheiliúradh seo, L'Associació de Joves Escriptors en Llengua Catalana, nó Cumann Scríbhneoirí Óga na Catalóinise san áireamh, an t-aon chumann dá chineál do scríbhneoirí óga san Eoraip de réir uachtarán an chumainn, Cinta Arista.

Thug an cumann seo cuireadh do scríbhneoirí óga ón tSlóivéin, ó Phoblacht na Seice agus ó Éirinn, teacht go Barcelona le déanaí lena dtaithí agus stádas mar scríbhneoirí óga i mionteangacha a phlé, ar an gcúinse go gcabhróidís lena chéile le cur chun cinn litríocht na n-óg.

Tháinig an cumann seo ar an bhfód sa bhliain 1980, nuair a bhí scáil Franco, a chuir cosc ar labhairt na Catalóinise fiú le linn a dheachtóireachta, fós ar theanga na Catalóinise, cé go raibh sé marbh le cúig bliana. Bheartaigh scríbhneoir óg fógra a chur in Avui (Inniu) an chéad nuachtán sa Chatalóinis i ndiaidh bhás Franco agus athbhunú an daonlathais, le teacht ar scríbhneoirí óga eile agus an ceann is fearr a fháil ar uaigneas agus imeallú na scríbhneoireachta. Cuireadh tús leis an gCumann sa Zurich Cafè ar fhaiche Catalunya i mBarcelona.

Sa lá atá inniu ann tá tuairim is 100 ball sa chumann seo ó dheisceart na Fraince go dtí na hOileáin Bhailéaracha, i Valencia agus trasna na farraige chomh fada le Alghero, baile i Sairdín na hIodáile, a bhí mar choilíneacht ag ríshliocht Aragon na Catalóine le linn a Ré Órga sa 14ú haois - áit a bhfuil an teanga fós á labhairt. "Països Catalans" a ghlaoitear ar na háiteanna seo uilig.

Tugann an cumann seo an deis do scríbhneoirí óga aithne a chur ar a chéile, tacaíocht a thabhairt dá chéile agus poiblíocht a fháil dá gceird. Deir Arista go raibh borradh faoi fhoilsitheoireacht na Catalóinise i ndiaidh bhás Franco nuair a tugadh aitheantas don teanga in athuair sa litríocht agus sa chóras oideachais.

Ag an tráth sin thug an Rialtas tacaíocht airgid do chomhlachtaí beaga foilsitheoireachta na Catalóinise, ach tháinig deireadh le formhór na gcomhlachtaí céanna nuair a laghdaíodh méid na ndeontas. Fágann sé sin go bhfuil sé i bhfad níos deacra do scríbhneoirí óga na Catalóinise a scríbhinní a fhoilsiú.

Ina theannta sin, tá réimse genre na scríbhneoirí óga an-teoranta, de réir Arista, mar ceannaíonn lucht léitheoireachta na Catalóinise ábhar próis amháin. Síleann filí óga an chumainn go bhfuil neamart déanta ag na comhlachtaí foilsitheoireachta ina gcuid filíochta. Is spéisiúil gur bhain an Renaixença, athbheochan litríocht na Catalóinise sa 19ú haois, leis an bhfilíocht faoi thiochar ghluaiseacht an Rómánsachais go príomha, ach ní fheictear luach na filíochta a thuilleadh.

Agus 35 bliain mar uasteorainn aoise do bhaill an chumainn, níl cuimhne bheacht ag éinne acu ar régime Franco, ach tá an oiread scéalta cloiste acu faoi shéanadh a dteanga agus cinsireacht a litríochta go mbíonn cúis is seasamh polaitiúil go smior ina gcuid scríbhneoireachta comhaimseartha go minic.

Tráchtann coiste chumann na scríbhneoirí óga ar stair liteartha is pholaitiúil na hÉireann agus sáreolas acu uirthi, toisc go bhfeiceann siad an-chosúlacht idir í agus stair na Catalóinise.

Is cinnte go bhfuil an ceart acu, go pointe áirithe, agus an chosúlacht seo ag dul chomh fada siar le haimsir na dtroubadour a raibh tionchar faoi leith ag a ndánta grá ar litríocht an dá thír.

Mhair Decadència (meath) litríocht na Catalóinise agus na Gaeilge le linn na tréimhse céanna, ach ar chúinsí socheolaíochta is polaitiúla éagsúla.

I gcás na Catalóine, ghlac ríshliocht Caistíleach seilbh ar an tír sa 15ú haois agus labhair na huaisle an Caistíleach, teanga oifigiúil na Spáinne sa lá atá inniu ann in ionad na Catalóinise.

Sa 19ú haois chuaigh an lucht athbheochana sa Chatalóin agus in Éirinn i ngleic leis an meath, easpa caighdeánaithe agus lagmhisneach a bhain leis an dá theanga.

Intleachtóirí a bhí eolach ar theoiricí an náisiúnachais, ag baint úsáid as na modhanna bolscaireachta céanna nach mór leis an litríocht a chur chun cinn. Bhí an Chatalóin chun tosaigh ar Éirinn áfach, agus bunaíodh Jocs Florals nó cineál Oireachtais Liteartha sa bhliain 1859, a raibh agus a bhfuil an-rath go deo air.

Is cinnte go bhfuil tionchar ildomhandú na haoise seo ar scríbhneoirí óga na Catalóinise agus na Gaeilge araon, ach tá lucht na Catalóine chun tosaigh arís agus cumann dá gcuid féin ag a scríbhneoirí óga. Is tráthúil tús a chur le cumann do scríbhneoirí óga na Gaeilge ar mhaithe le litríocht na n-óg a chothú. Má tá spéis agat a bheith páirteach sa chumann seo, seol ríomhphost chuig: scribhneoiri.oga@gmail.com.

Is iníon léinn Ph.D. agus Scoláire Taighde Rialtas na hÉireann (IRCHSS) í Ríona Nic Congáil sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Scríobhann sí leabhair chruthaitheacha do dhaoine óga: An Túr Solais(Coiscéim, 2004) agus An Leabhar Órga(Coiscéim, 2006).

aoi guest - cinsireacht censorship - deis opportunity

ealaíontóir artist - féiniúlacht identity - meath decline