'Sconna ort'

Ná habair nach ndéanann an colún seo iarracht leanúnach cur le stór Gaeilge a chuid léitheoirí

Ná habair nach ndéanann an colún seo iarracht leanúnach cur le stór Gaeilge a chuid léitheoirí. Seo chugaibh an tseachtain seo rogha bheag as 500 Mallacht Ort (Coiscéim) le Breandán Mac Gearailt.

Tá togha na mallachtaí i nGaeilge agus aistriúcháin Bhéarla leo sa leabhar:

  • Tochas gan sóchas chugat: an unrelievable itch to you;
  • Go gcuire sé sconna ort: that it may give you 'the runs';
  • Díth is deacair ort: may ruin and difficulty seize you;
  • Go n-ithe an cat thú agus go n-ithe an diabhal an cat: May the cat eat you and may the devil eat the cat;
  • Go dtachta an t-éitheacht thú: May your lies choke you;
  • Luí gan éirí ort: may you never get up again.