Scoil Chaitlin

Reáchtáil Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude i nGaillimh scoil gheimhridh ag an deireadh seachtaine i gcuimhne agus in onóir an…

Reáchtáil Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude i nGaillimh scoil gheimhridh ag an deireadh seachtaine i gcuimhne agus in onóir an fhile agus amhránaí sean-nóis a fuair bás tá 20 bliain ó shin.

Ar na daoine a ghlac páirt sa scoil, bhí na filí Cathal Ó Searcaigh agus Gearóid Mac Lochlainn, an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile agus an t-amhránaí Bríd Ní Mhaoilchiaráin.

Dúirt Oifigeach Forbartha Gaeilge an ionaid, Nuala Ní Chonchúir, go raibh sé d'aidhm acu: "scríbhneoirí agus scríbhneoireacht a chur chun cinn sa chathair, scríbhneoirí atá ag scríobh i nGaeilge agus i mBéarla. Go dtí seo, tá ceardlanna i mBéarla amháin ar siúl san ionad ach tá sé ar intinn againn ceardlanna a chur sa siúl i nGaeilge.

"Seo an chéad ócáid mhór a bhí againn agus tá an chuid is mó den chlár i nGaeilge. Beagnach gach duine atá ag labhairt, tá Gaeilge acu. Is mór an coup é sin don chéad rud atá ar siúl againn."

READ MORE

Bhí dóchas aici go mbeadh siad ábalta seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla. Ba mhian léi féin díriú ar dhaltaí bunscoile atá ag freastal ar na scoileanna lánGhaelacha sa chathair agus ceardlanna a chur ar fáil dóibh.

Chothódh an t-ionad teagmháil le grúpaí eile. Bhí obair ar siúl cheana féin leis an Lucht Siúil agus bhí rún acu dul i dteagmháil le teifigh. Ag iarraidh gan a bheith "elitist" agus fáilte a chur roimh gach duine a bhí siad.