Scealta Johnny

I ndiaidh dó An Chéad Chloch le Pádraic Ó Conaire a léamh, dúirt Seosamh Mac Grianna go raibh sé cosúil le fíon a ól i ndiaidh…

I ndiaidh dó An Chéad Chloch le Pádraic Ó Conaire a léamh, dúirt Seosamh Mac Grianna go raibh sé cosúil le fíon a ól i ndiaidh dó bheith ag ól uisce ar feadh a shaoil.

Chuirfeadh Scéalta Johnny Shéamaisín (Comhaltas Uladh) leis an seanchaí Eoin Ó Domhnaill (nach maireann) uisce i gcuimhne dó - ach chan uisce ón sconna ach deoir ón tobar, uisce an ghleanna. (Agus, sea, ní cur síos go cliché.)

Ar laethanta seo na scannán agus leabhar nua-aoiseach faiseanta domhanda, cuireann scéalta an chnuasaigh seo éifeacht na samhlaíochta traidisiúnta i gcuimhne duit as an nua.

Seanchas atá anseo, síscéalta, scéalta Fiannaíochta, an cineál ábhair nach bhféadfaí aistriú go teilifís gan ceap magaidh a dhéanamh de mheon agus d'inneach an scéil agus an scéalaí.

READ MORE

Ní scéalta sofaisticiúla iad seo sa mhéid is nach gcuireann siad stró ar an léitheoir. Ach is scéalta sofaisticiúla iad sa mhéid is go meallann siad an léitheoir ó leathanach go leathanach agus ar aghaidh ó thús deireadh. Ní beag sin.

Beidh eolas ag léitheoirí ar chuid den ábhar - Banríon an Uaignis - agus dearmad déanta, faraor, de mhórán eile. Ag dul i mbun cliché eile, baineann draíocht leo, chomh simplí saonta agus atá siad.

Bainfidh léitheoir sult as na scéalta féin agus baineann an dara bua leo sa mhéid is gur friotal dílis iad ar Ghaeilge chlasaiceach Chonallach, is é sin, an chanúint a mhair sular chualathas iomrá ar an Chaighdeán Oifigiúil.

Baineann éifeacht chiúin leis an teanga; saothraíonn Johnny Shéamaisín í ar a bhealach eolach féin agus glanann an t-iliomad drochthuairiscí nuachtáin lena gcuid tograí, tionscnamh agus cuspóirí as an intinn. An teanga shaibhir shimplí dhúchasach atá anseo.

Tagann focail a bhí dearmadta ar ais chun cuimhne agus cuirtear i gcomhthéacs iad - "cotadh," "ag caí," - agus focail nua lena gcois: "Leis sin, tchí sé chuige an long faoi sheol agus í ag clasú na farraige ar mhéad is a bhí de shiúl léi. Scanraigh an t-iascaire roimpi, nó smaoinigh sé gur bád sí a bhí inti. Luigh sé ar na rámhaí féacháil an rachadh aige port a dhéanamh sula mbeireadh sí air, ach i bhfaitheadh na súl bhí an long fá fhad rámha dó."

Tá na foilsitheoirí le moladh as trí dhlúthdhiosca a chur leis an chnuasach; beirt chainteoirí dúchais ó Rann na Feirste a léann an t-iomlán. Is é an trua nach ndearna siad an cúram céanna den leabhar féin. Tá crot réasúnta air ach ní spreagfaidh sé daoine óga chun léitheoireachta chomh dúr agus atá na léaráidí agus an clúdach.

Tá gach seans nach dtuigfidh an mhuintir óga gach aon uile fhocal den chanúint seo ach ba cheart iarracht a dhéanamh iad a mhealladh ina treo.

Tá an leabhar le hordú ón Chomhaltas: 048-37548487