Sceal dha chathair

Beocheist: An tsráid a bhfuil cónaí orm i mbaile Gdansk na Polainne faoi láthair, is é Bismarckallee an t-ainm a bhí uirthi …

Beocheist: An tsráid a bhfuil cónaí orm i mbaile Gdansk na Polainne faoi láthair, is é Bismarckallee an t-ainm a bhí uirthi sa bhliain 1901. B'shin mar a bhí anuas go dtí 1939 nuair a athraíodh a hainm go dtí Hitlerallee.

Níorbh fhada a ré siúd, áfach, agus tháinig deireadh leis go tobann i mí an Mhárta 1945, tráth a ghlac an tArm Sóivéadach seilbh ar an gcathair. Aleja Stalina a baisteadh ar an tsráid ina dhiaidh sin, nó an méid di a bhí fágtha.

Ach dealraíonn sé nach go rómhaith a réitigh tíoránaigh leis an tsráidín bhocht. Chuir sí di Uncail Joe gan trua gan taise trí bliana i ndiaidh a bháis. An t-ainm atá ar an tsráid ó shin, Wita Stwosza, tá sé cuíosach neamhurchóideach. Tagraíonn sé do phéintéir a mhair sna meánaoiseanna. Seans go seasfaidh sé seal eile.

Samhail de dhíomuaine na beatha, a deir tú. Is ea, ar leibhéal amháin. Ar leibhéal eile, scáthán atá sna hainmneacha seo ar stair chorrach an réigiúin seo.

READ MORE

Tógaimis ainm an bhaile féin. Danzig a bhí air nuair a bhí mise ar scoil agus Danzig a bheidh air go deo do na Gearmánaigh a rugadh anseo roimh 1945. Níor chuala aon duine lasmuigh den bPolainn an leagan Gdansk go dtí 1980 nuair a tháinig Lech Walesa ar an bhfód. Ach sin an leagan is mó a úsáidtear anois, fiú sa Ghearmáin.

Céad bliain ó shin, is beag duine a chreidfeadh go dtarlódh a leithéid. Bíodh is go raibh tráthanna ann nuair a bhí an chathair faoi smacht ríthe na Polainne, bhí séala láidir Gearmánach uirthi riamh agus tá a rian fós ar an ailtireacht.

Bhain Danzig leis an gconradh Hansach, sa tslí go mbíodh ceardaithe agus ceannaithe ó thíortha eile ag triall air i gcónaí. Laghdaigh ar a thábhacht tar éis 1790 nuair a thit sé faoi smacht na Prúise. Ach calafort mór ab ea é fós don réigiún.

Tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda, thug Conradh Versailles stádas saorchathrach dó, réiteach nár shásaigh an Ghearmáin ná an Pholainn. Bhain Hitler adhmad polaitiúil as seo sna 1930í agus, ar deireadh, is anseo a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda.

Bhí an-tacaíocht ag na Naitsithe i nDanzig agus fearadh fáilte roimh Hitler nuair a tháinig sé ar cuairt ann. Throid na Gearmánaigh go crua ag cosaint Danzig ar an Arm Dearg i 1945. Leagadh an baile go talamh le linn na troda. An méid den bpobal nár theith nó nár maraíodh, díbríodh iad.

Thosaigh ré nua i stair na cathrach tar éis an chogaidh. Baile fíorPholannach a bheadh ann feasta. Féachadh chuige gur glanadh an uile rian den nGearmánachas dá chlár.

Athscríobhadh an stair chun a chruthú go raibh an baile agus an ceantar riamh Polannach. Na daoine cáiliúla a mhair i Gdansk, rinneadh neamhshuim díobh dá mba Ghearmánaigh iad. Cuireadh béim ar pháirt na bPolannach i saol na cathrach.

D'éirigh go maith leis an mbolscaireacht mar bhuanaigh sí na húinéirí nua i seilbh an bhaile. Daoine ab ea iad seo a tháinig ón uile cheantar den bPolainn. Ba mhinic a chaill siad féin a gcuid tailte agus tithe sna ceantair thoir de dheasca an chogaidh.

Ba é an eagla is mó a bhí orthu ná go bhfillfeadh na hiarúinéirí agus go mbainfí díobh arís a raibh acu. Bíodh is gur síníodh conradh idir an Ghearmáin agus an Pholainn i 1990 ag deimhniú an tsocraithe iarchogaidh, tá mothú láidir frithGhearmánach le brath anseo fós.

NÍ fios conas a bheidh maidir le cearta úinéireachta má théann an Pholainn isteach in Aontas na hEorpa. Tá an baol ann go bhféadfadh sliocht an dreama a mhair anseo roimh an gcogadh na tithe a athsheilbhiú go dleathúil.

Le blianta beaga anuas tá scríbhneoirí Gdansk ag cur spéis i stair na cathrach, ag nochtadh na scraithe Gearmánaí, idirnáisiúnta atá laistíos den mbaile nua. Is spéisiúil an rud é go mbraitheann siad gaol spioradálta leis na daoine a tháinig rompu, d'ainneoin an difríocht teanga.

Duine den ghlúin nua, Pawel Huelle, is saghas comharba liteartha é ar an údar Gearmánach Gunther Grass, a rugadh i nDanzig. Tá a chuid scríbhinní féin lán de mhacallaí shaothar Grass.

Diaidh ar ndiaidh, tá cultúr nua á chruthú, cultúr a thagraíonn do na préamhacha Eorpacha atá ag Polannaigh agus ag Gearmánaigh araon.

Dá ngéarófaí ar an bpróiseas seo, b'fhéidir go bhfillfeadh cuid d'atmaisféar an bhaile Hansaigh ar an áit arís.