Scannáin thiar

TÁ SCOIL Scannánaíochta agus Meán Digiteach Huston ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag cur tús inniu le modúl nua ar stair …

TÁ SCOIL Scannánaíochta agus Meán Digiteach Huston ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag cur tús inniu le modúl nua ar stair agus thábhacht na Gaeilge sna scannáin agus léirithe Gaeilge a rinneadh ó 1920 ar aghaidh mar chuid den chúrsa M.A.

Dúirt comhordaitheoir an MA, an Dr Seán Crosson gurbh é seo an chéad uair go raibh “modúl mar seo á sheachadadh trí Ghaeilge mar pháirt de chúrsa MA i Staidéar Scannán. Léiríonn sé fás agus forbairt na meán trí Ghaeilge agus tá súil againn go gcuirfidh sé leis an bhfás sin”.

I measc na n-ábhar a bheidh le plé beidh "An Ghaeilge agus na Scannáin Idirnáisiúnta", "An Gearrscannán Gaeilge", "Scannánaíocht na Gaeilge agus an Tríú Cineama", "An Scannán Faisnéise i nGaeilge" chomh maith le léachtaí ar scannáin ar nós Kings, Cré na Cille agus The Fairytale of Kathmandu.