Scéalta saoirse

“SCRÍBHNEOIR TÁBHACHTACH” an cur síos gonta a rinne Aingeal Ní Chualáin ar an údar Tomás Bairéad (1893-1973) agus ba chóir go…

“SCRÍBHNEOIR TÁBHACHTACH” an cur síos gonta a rinne Aingeal Ní Chualáin ar an údar Tomás Bairéad (1893-1973) agus ba chóir go mbeadh a fhios aici. Tá sí i ndiaidh eagar a chur ar rogha gearrscéalta an scríbhneora as Maigh Cuilinn, Co na Gaillimhe, scéalta atá as cló le fada.

Níor chuir an méid sin beaguchtach ar Ní Chualáin, ámh, agus rinne sí scrúdú ar chúig chnuasach de chuid an Bhairéadaigh le deis a thabhairt do léitheoirí an lae inniu blaiseadh a fháil ar a shaothar in

Tomás Bairéad: Rogha Scéalta

(Cló Iar-Chonnacht, €12).

READ MORE

Tá “meascán iontach téamaí” le fáil ina chuid scéalta, a dúirt Ní Chualáin leis an cholún seo Dé Luain, agus tréimhse mhór fhada i stair na hÉireann faoi chaibidil aige: an Ghorta Mhór; cúrsaí talaimh agus clainne agus Cogadh na Saoirse.

Fear a bhí ann a bhí “i gcónaí ag smaoineamh” ar “shibhialtach ársa tábhachtach” na nGael. Fear a bhí ann fosta nach raibh drogall air aghaidh a thabhairt ar ábhar conspóideach agus bhí cuid de na scéalta a bhain le Cogadh na Saoirse “crua agus cruálach”.

Bhí Bairéad ina bhall de ghluaiseacht na poblachta agus ghlac páirt sna himeachtaí áitiúla a bhain le hÉirí Amach 1916 agus le Cogadh na Saoirse. Níor throid sé i gCogadh na gCarad mar ní raibh sé ag iarraidh bheith páirteach ann.

Chuaigh sé le hiriseoireacht agus bhí tionchar na ceirde sin agus tionchar an Phiarsaigh ar a chuid scéalaíochta. Bhí “an-tóir” ar a chuid scéalta nuair a foilsíodh ar dtús iad. Stíl shoiléir ghonta a chleacht sé agus Gaeilge shaibhir dhúchasach aige lena chois sin.

Bhí sé iontach maith ag scríobh faoin dúlra agus an nádúr agus scríbhneoir a bhí ann a bhí beo idir dhá shaol. Chonaic sé an t-athrú a tháinig ar Éirinn agus d’éirigh leis amharc siar ar an seansaol agus chun cinn ar an saol nua, a dúirt Ní Chualáin.

As Carna a thagann Ní Chualáin féin agus PhD ar siúl aici ar Ollscoil na Gaillimhe. Is í a dóchas go mbeidh “deis ag léitheoirí na haoise seo” aithne a chur ar “scríbhneoir samhlaíoch” Mhaigh Cuilinn as an úr anois.

- Seolfaidh an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh Tomás Bairéad: Rogha Scéalta in Áras Uilinn, Maigh Cuilinn, Co na Gaillimhe, Dé hAoine ag 6.30pm