Scéala Éireann

SCÉALA ÉIREANN is teideal do shraith nua clár ar stair na hÉireann atá anois á craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

SCÉALA ÉIREANN is teideal do shraith nua clár ar stair na hÉireann atá anois á craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Iarcheannasaí RnaG féin, Tomás Mac Con Iomaire, atá ina léiritheoir ar an tsraith. “Aistí,” a thug sé ar na cláir agus é faoi agallamh ag an cholún seo. Bhí sé sásta go raibh saineolaithe i mbun na n-aistí agus nach raibh an cur i láthair chomh trom sin go gcuirfeadh sé éisteoir ó dhoras.

“Níl duine ar bith sa tír nach labhraíonn faoi chúrsaí staire,” a dúirt Mac Con Iomaire ach bhí sé ag iarraidh an bhéim shíoraí ar “dhátaí, dátaí, dátaí” a sheachaint. Ba é a chuspóir mar léiritheoir go mbeadh “insint shimplí” sa tsraith agus “an stair a thabhairt ar ais don phobal”.

Maireann gach aon chlár 12 nóiméad ar fad agus staraithe aitheanta a léann na haistí a bhaineann le stair na hÉireann ó theacht na Críostaíochta go dtí Trioblóidí an Tuaiscirt.

READ MORE

Is iad an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, an tOllamh Dáibhí Ó Cróinín, an Dr. Niall Ó Cíosáin, an Dr. Máire Harris agus an Dr. Nollaig Ó Muraíle a scríobh agus a chuireann na cainteanna i láthair.

Dúirt Mac Con Iomaire gur mhinic go raibh cúrsaí staire "in áit na leathphingne" agus gur thug Scéala Éireanndeis don phobal "blaiseadh de stair na hÉireann a fháil".

* Bíonn Scéala Éireannle cluinstin maidin Dé Sathairn ag 9.45am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá podchraoladh den chlár ar fáil ar www.rte.ie/rnag