Scéal Singapore

LABHRÓIDH Seán Ó Cuinn ar “Singapore – Scéal Spreagúil Inspéise” seachtain ón lá inniu ag 8

LABHRÓIDH Seán Ó Cuinn ar “Singapore – Scéal Spreagúil Inspéise” seachtain ón lá inniu ag 8.30pm i gCultúrlann na hÉireann, Cearnóg Belgrave, Baile na Manach, Co Bhaile Átha Cliath.

Thug Ó Cuinn cuairt ar Singapore trí huaire, a dúirt sé leis an cholún seo inné. Tá cúig mhilliún duine ina gcónaí in áit atá chomh mór le contae Ard Mhacha agus tá ceithre theanga oifigiúla acu. Is é an Béarla an lingua franca ach aithníonn an pobal tábhacht na dteangacha eile dá gcultúr.