Saraithe ag an sneachta i Lublin

Beocheist: Is iontach mar a mhilleann an sneachta an saol, no an saol agamsa ar a laghad

Beocheist: Is iontach mar a mhilleann an sneachta an saol, no an saol agamsa ar a laghad. Bhuail an chead titim sneachta i mbliana anuas ar chathair Lublin in oirthear na Polainne i dtreo dheireadh na Samhna.

Is feidir talamh slan a dheanamh de go mbeidh an chonstaic bhan seo anuas sa mhullach orainn go ceann tri mhi, beag beann ar a dhoicheallai a bheifi roimpi. Sin tri mhi d'ifreann ollfhuar.

As seo amach beidh me a dhuisiu go moch ar maidin agus na fir a ghlanann an sneachta o lar go taobh na gcosan ag scoilteadh a sluaisti in aghaidh na coincreite mar a bheidis ag iarraidh tiompain mo chluas a bhriseadh.

Ach is feidir leis an namhaid bhog bhan seo cur isteach ar mo chuid codlata gan aon chabhair o fhir na sluaisti. Mas oiche ghealai i beidh loinnir na gealai a laidriu is a frithchaitheamh ag an sneachta le go dtoimhdeofa gurb i an ghrian fein ata ag taitneamh isteach tri na cuirtini.

READ MORE

Ach ni hi cailliuint codlata an rud is measa de. Sula rachfa i bhfiontar an tsneachta ba mhaith an chiall duit e breis is gleasadh amhain eadai a chur ort, rud a fhagann go mbeidh an chuma ort go ndearna tu dearmad eadai na hoiche a bhaint diot sular fhag tu an teach.

Ach seachas an teocht sa bhreis, maolaionn an dara brat eadai seo an phian a imeoidh ort nuair a thiteann tu toisc a shleamhna a bhionn an bothar.

In ainneoin na sciorrthai seo a bhaineann do choisithe ta airm bheag daoine fostaithe le feachaint chuige nach chomh dainsearach sin a bhionn na boithre.

Is e a dheanann na daoine seo na tiomaint tri na sraideanna i seanleoraithe agus gaineamh a spraeail timpeall. Teann fostaithe eile de chuid na cathrach de shiul cos ar feadh na gcosan, buicead ina lamh acu agus mamanna gainimh a gcaitheamh rompu agus ina ndiaidh.

Mas eadai de shaghas oifigiuil a bhionn ar na teilgeoiri gainimh seo ni chuirfeadh siad i gcuimhne duit ach duine a bhfuil an-iomarca oicheanta tugtha aige ar bhinse pairce.

Agus iad ag siul leo go mall fadalach d'fheadfaidis bheith ag caitheamh grabhroga arain chuig coluir.

Ma laghdaionn an tseirbhis phoibli seo ar lion an phobail a bhionn ag titim anuas ar a dtoin, cothaionn an gaineamh a fhadhbanna fein.

Nuair a mheasctar gaineamh le titim ur sneachta bionn se mar a bheifea ag streachailt do chos tri ghaineamh tirim tra.

D'fheadfadh se seo bheith taitneamhach ar la brea brothallach cois farraige ach nuair a bhionn tu sa toir ar an mbus agus an teocht timpeall ar -15, ni haon abhar spraoi e do chosa bheith a dtuirsiu is a moilliu ag sneachta gaineamhach.

Ma eirionn leat gan an bus a chailliuint is ar shruthan ar cheithre roth a bheidh tu ag taisteal agus an sneachta o bhroga na bpaisineiri eile tar eis lea.

Agus ni he an sneachta an t-aon rud a leann agus tu istigh in ait nach bhfuil teocht -15 faoi reim ann. Is laistigh de noimead a scaoilfear an smuga o phoill do shroine agus tu istigh on bhfuacht. Duine neamhaireach nach mbeadh dornan maith ciarsur aige.

Rudai eile a bhionn ag teastail o gach duine a chaitheann geimhreadh sa Pholainn na broga baile. Agus tu istigh sa bhaile ni bheidh noimead ealaithe sula mbeidh lochan brea uisce ar an urlar agus an sneachta a ghreamaigh de do choisbheart tar eis lea.

Beidh ceirt eigin ar an urlar ag an te ata glic leis an sneachta leachtach seo a shu. Seachas an t-uisce, ar ndoigh, beidh scaipeadh maith gainimh le feiceail ar an urlar chomh maith muna mbaintear an broga de gach cuairteoir.

Dearfa nach gcothodh na coinniollacha aimsire seo moran triobloide do Pholannaigh a bhfuil roinnt mhaith den bhliain a caitheamh acu faoi leigear ag an sneachta o la a mbreithe.

Ach is orthu a chuirtear isteach, leis. Trathnona amhain thainig titim throm sneachta nach raibh aon choinne lei is bhi an chuma ar an sceal nach mbeadh na busanna ag rith.

Ach fos fein sheas daoine ag stad an bhus le corradh is uair an chloig agus mise amaideach fein ina measc agus iochtar mo bhriste a reo don talamh.

Niorbh fhada gur thainig me ar mo chiall, afach. Sular reodh mo chosa i dteannta iochtar mo bhriste thug me an bothar abhaile orm fein. Ach mas chomh heidreorach sin a bhionn Polannaigh roimh an sort seo aimsire, ni haon ionadh go mbeadh Eireannach saraithe ag an sneachta.