Saol an pholaiteora i gconai - dom do vota

Pictiúr mear agus ní portráid den pholaiteoir Brian Ó Domhnaill a craoladh ar TG4 oíche Dhomhnaigh sa chlár, Brian ag Brú, cuid…

Pictiúr mear agus ní portráid den pholaiteoir Brian Ó Domhnaill a craoladh ar TG4 oíche Dhomhnaigh sa chlár, Brian ag Brú, cuid den tsraith faisnéise, Cogar.

Saothar a bhí ann ar dheise a ghaol leis an fhíseán ceoil ná leis an chlár traidisiúnta polaitíochta agus an polaiteoir mórluachach, a chairde agus lucht a cháinte - lán chomh mórluachach leis - ag caint ar a chumas i mbun oibre; ar a chuid óráidí; ar a fhís agus ar a fhealsúnacht don náisiún.

Ní raibh a leithéid i saol Uí Dhomhnaill. Ba dhuine é a bhí ag cur túis lena shaol polaitiúil, é 26 bliain d'aois, ina bhall d'Fhianna Fáil, agus ag é dul in iomaíocht do shuíochán ar chomhairle contae Dhún na nGall.

Cé nach raibh ach suíochán comhairle i gceist, bhí an Dálach dáiríre ar é a bhaint amach. Thuig sé chéad cheacht na polaitíochta; caithfidh tú baint; ní ceadmhach teip.

READ MORE

Níor labhair Ó Domhnaill leis an cheamara go foirmiúil le linn dó bheith i mbun feachtais. An cineál cainte a bhí le cluinstin, bhain sí le haon ábhar amháin: vótaí a mhealladh. Cibé rud a dúirt sé, agus é ag canadh sa dá theanga oifigiúla, ba leis na daoine ba thábhachtaí i nDún na nGall a dúirt sé é - na vótóirí.

Bhí sé le feiceáil ar bád agus é ar lorg vótaí; bhí sé istigh in oileán ar lorg vótaí. Thug madadh confach faoi agus bhain greim as. Ba chuma leis; dá mbíodh vóta ag an mhadadh, lorgódh sé é. Shiúil sé sráideanna an Fháil Charraigh ar lorg vótaí; thiomáin sé cúlbhóithre Conallacha ar lorg vótaí agus shaothraigh sé vótaí ar an ghuthán.

Chuir sé scairteanna gan stad le fáil amach an raibh a leithéid seo de cháipéis nó a leithéid seo de chead faighte ag an vótóir seo is siúd agus, mura raibh, ba cheart go mbeadh.

Cóiríodh carr Uí Dhomhnaill don fheachtas; chuirfeadh sé bainis i gcuimhne duit agus duais an tsuíocháin mar bhrídeach. Dálta gach aon bhainise, bhain tábhacht leis an cheol agus roghnaigh an Dálach a amhrán catha leis an chúram céanna agus a roghnódh daoine eile iomainn don lá mór.

Níor chuir tuirse as dó. Níor insíodh cad é an post a bhí aige. Chuirfeadh sé iontas ort a leithéid bheith aige nó chaith sé an oiread sin ama ag canbhásáil agus ag pleanáil a fheachtais agus feachtas a bhí ann sa chéill mhíleata de.

Rinne an Dálach ullmhúchán a chuirfeadh bród ar George Patton féin. "Cé a rachas go Fál Carrach liom?" a d'fhiafraigh sé ag cruinniú páirtí amháin. Níor chorraigh na trúpaí. Shílfeá gur iarr sé orthu ionsaí a dhéanamh ar Bheirlín chomh drogallach agus a bhí siad faoin iarraidh.

Níor ghéill Brian; lean sé go dtí gur thoiligh duine nó dhó go rachadh siad sa bhearna bhaoil leis; go n-ionsódh siad an Fal Carrach le bileoga; go scuabfadh siad na hairm eile - mo leithscéal - na páirtithe eile as cosán.

D'éirigh an Dálach corraithe uair amháin tráth a ndearna ball eile de chuid a pháirtí canbhásáil i gceantar nár cheart dó. Ba é an t-aon uair amháin é gur mhothaigh tú é bheith beaguchtúil.

Bhain Ó Domhnaill a shuíochán agus bhain sé go maith é agus ní nach ionadh. Thaisteal sé an ceantar lá an toghcháin agus thug síob do dhaoine chun na n-ionad vótála. Bhí sé chomh díbhirceach sin ag tarraingt daoine amach as a gcuid tithe go raibh eagla orm go dtiocfadh sé chun mo dhorais féin.

Fís, fealsúnacht, náisiún? Ní raibh ciall ar bith dóibh i bpolaitíocht Uí Dhomhnaill; cé a chur ar fáil d'oileán agus seirbhísí a thabhairt do dhaoine. Sin an rud a fuair na vótaí dó; sin saol an pholaiteora.