Samhlú Sheáin

Is minic go n-iarrfaimid ar ár gcuid scríbhneoirí dul faoi chraiceann an tsaoil

Is minic go n-iarrfaimid ar ár gcuid scríbhneoirí dul faoi chraiceann an tsaoil. Iarrfaimid orthu na baill sin a shroichint atá do-fhála don iriseoireacht. In ainneoin na fianaise go minic bímid ag súil go mbeidh teacht acu ar na rúndiamhracha atá laistiar de chaille na hinsinte simplí.

Agus déantar é sin go faíoch. Is beag duine a léifeadh, abair, Dostoeivski nach dtuigfeadh gur diamhaire go mór dúnmharú ar bith ná cinnlitreacha an Star, agus gurb uamhnaí.

Níl aon duine a léifeadh Jane Austin nach gceapfadh gur rud maith é smuga ar chiarsúr; agus níl duine ar bith a bhlaisfeadh de scéalta tosaigh Mháirtín Uí Chadhain a shílfeadh i ndoircheacht na hoíche gur mná deasa inionramhálaithe iad mná deasa Chonamara.

Más ag feitheamh le treoir ón aos ealaíne a bhíonn na polaiteoirí is fuar acu. Ní hé nach bhfuil léirstintí agus léargais agus eipiféiní ag an aos ealaíne nach bhfuil ag na polaiteoirí, dá fheabhas iad duine nó beirt.

READ MORE

Is amhlaidh nach dtuigfeadh na polaiteoirí an rud a bheadh á rá ag an ealaíontóir dá mbeadh cóiste agus seacht gcapall déag á chomáint trína scairt agus buamaí núicléacha á séideadh aige gan stad feadh an ama.

Idir an intinn chúng pholaitiúil agus an t-anam leathan daonna tá clais nach féidir a thrasnú ach leis an draíocht atá imithe as an saol amháin.

Tá iarracht chuthaigh déanta ag John Updike an bhearna sin a thrasnú san úrscéal is déanaí uaidh. Terrorist is teideal dó, agus fógraíonn an teideal a thábhacht is a dhúshlán.

Preab samhlaíochta atá ann ag taighdeadh na cúise go bhfuil daoine sásta buamaí a leagadh ar eitleáin, agus léim báidhiúlachta ag iarraidh blaiseadh den fhíoch agus den fhuath a thugann daoine den chreideamh Ioslamach do mhuintir an iarthair Chríostaí rófhorbartha.

Mar is dual dó, tá an scríbhneoireacht saibhir, rafar, aoibhinn, álainn, meabhrach. Ní reiceann sé nathanna linn, agus is lú ná sin a shimplíonn sé aimpléis an anama ná na tuisceana.

Is é atá láncháilithe chuige sin sa mhéid is go bhfuil úrscéalta scríofa cheana aige ar dheachtóirí na hAfraice agus ar an aimsir fháistineach, agus gur chuid dá dháine é an léim thar bhruach amach seo a thabhairt. Áitíonn sé orainn le haoibhneas agus le cumas a chuid próis gurb í an tulfhírinne atá á hinsint aige, agus b'fhéidir gurb ea.

Fírinne phearsanta a nochtann an scríbhneoir go fiú is nuair atá sin feistithe i gculaithe níos raimhre. Scríobann Updike bunghrinneall íochtarach an chreidimh phiúratánaigh i Meiriceá, agus is mór aige an creideamh céanna mar áis mhínithe ar a bhfuil ar siúl sa domhan mór. Agus is fíor é, go ponc beag.

Tá teora leis an tsamhlaíocht, ámh. Ní féidir liomsa a shamhlú gur Síneach de chuid an 14ú haois mé, dá mhéid taighde is a dhéanaim ar thír is ar theanga. Nó pé samhlú is a dhéanaim beidh bréag air.

Dúirt Updike féin gur chuir sé roimhe an coimhthíos seo idir "thoir agus thiar" a thuiscint: "I felt I could understand the animosity and hatred which an Islamic believer would have for our system."

Is é a ghoilleann orm, ní hea an truslóg samhlaíochta, atá fiata agus iontach agus éiritheach mar a ritheann. Is é a ghoilleann orm an bhuntuiscint, an bhuntéis, an bundún fundaiminteach.

Is dóigh le hUpdike gur creideamh is ea bun an angair agus an oilc eadrainn.

B'fhéidir gur léiriú é sin ar chomh mór is atá "an tIarthar" faoi chuing ag an gcreideamh céanna. Ní hé an creideamh bundúnach fundaiminteach atá ag comáint na dtíortha Arabacha chun cogaidh ach an seanrá riamh.

Gabháltas Gall. B'é an creideamh a chuir Ahmad Ashmawy Molloy (sea, tá máthair Éireannach aige!) príomhlaoch Updike i dtreo na sceimhlitheoireachta, agus is leis an míniú sin atá sé ar a shuaimhneas.

Má tá míniú na sceimhlitheoireachta le fáil i bhfocail bhuile na bhfáithe amuigh sa ghaineamhlach ní gá dhúinn broic leis na cúiseanna is neasa dhúinn.

Is iad na cúiseanna is neasa dhúinn gabháltas na hIaráice ar an bhFrainc, ionsaí na hIaráine ar Mheiriceá, ionradh na hAfganastáine ar Shasana, concas na Liobáine ar an nGearmáin, trúpaí na hAraibe Sáidí i gceartlár na Vatacáine, an balla iata timpeall ar Iosrael, impireacht na Palaistíne ar fud an domhain...

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar