Saint

CROBHINGNE: BHÍ GNÁTHDHAOINE ó thuairim is leath de thíortha an domhain – tíortha saibhre don mhórchuid – amuigh ar na sráideanna…

CROBHINGNE:BHÍ GNÁTHDHAOINE ó thuairim is leath de thíortha an domhain – tíortha saibhre don mhórchuid – amuigh ar na sráideanna nó i gcampaí pubaill an deireadh seachtaine seo caite ag cur in aghaidh na sainte corparáidí.

Tá an chuma air gur slabhra ba ea é timpeall an domhain, slabhra de dhaoine a dhúisigh agus a thug faoi ndeara cad a bhí ar siúl timpeall orthu le breis agus 20 bliain anuas.

Bhí an ramhar ag dul i raimhre agus an gustalach ag dul i ngustalaí agus an t-ataithe ag dul in ataitheacht fad is a bhí cách ag féachaint ar Friendsagus Neighboursagus an X-Factor, nó pé milseog a bhí le cogan d'fhonn aird an phobail a bhaint dena raibh ar siúl.

Duine ar bith a bhí riamh sna Stáit Aontaithe chonaic sé an cabáiste de chláracha ar na príomhstáisiúin. Ar an nuacht féin le coicíos anuas ní raibh de scéalta ach cás Amanda Fox agus dochtúir Mhichael Jackson.

READ MORE

An té go dteastódh uaidh fios a fháil ar cad a bhí ar siúl lasmuigh de choirpigh agus de cheiliúráin bheadh mórán scríobtha agus tochailte le déanamh aige. Mar i lár an bhladair mhóir tá poll mór ciúnais.

Go fiú is nuair a bhí an ghobhairéis cainte ar Dominique Strauss-Kahn agus a chuid pléaráca óstáin i mbéal an phobail i dtús an tsamhraidh agus an IMF ag amhastraigh leis an mac tíre ag ár ndoras féin, níor scrúdaigh duine ar bith cad a dhéanann an ghéag seo den chorcán trí gcos de throika atá os ár gcionn.

Is ea, luaitear an Airgintín agus mar ar stop an t-airgead á thál as na poill sna fallaí. Ní luaitear an Íoslainn ná an Ungáir a chuir suas dá chógas leighis le suim bheag blianta agus a tháinig slán.

Is lú ná sin a luaitear an Mhaláiv mar tá sin san Afraic agus ní bheadh puinn le foghlaim againn uathu siúd. Thuirling an IMF orthu i 1990í na haoise seo caite, sparán airgid i lámh amháin agus siosúr mór géar sa cheann eile.

Mhol siad “coigeartú struchtúrtha” mar cad eile a dhéanfadh siad? – agus d’ordaigh go ndíolfaí gach a raibh ag an stát, amhail is dá mba Bhord Snip féin iad. D’fholáir orthu gan deontais a dháileadh ar leasachán talmhaíochta, an t-aon ní a chuideodh le feirmeoirí bochta na tíre sin barr ar bith a chur ag fás.

Ar a mhuin sin, b’éigean dóibh a stoc grán a dhíol le comhlachtaí príobháideacha d’fhonn, cad eile, aisíoc a thabhairt do na bainc ar mhol an IMF dóibh iasachtaí a fháil uathu ar an gcéad dul síos!

Nuair a tháinig an gorta, mar a thagann, bhí sciar den phobal i dtaobh le coirt na gcrann agus chuaigh francaigh na dúiche ar a gcoimeád go beo. Nuair a chuir an IMF pianós orthu toisc go raibh a gcuid “leasuithe” de réir “an mhargaidh” rómhall, dhein rialtas na Maláive rud ab fhada buí ó Éire bhocht shilte choíche a dhéanamh: chaith siad amach iad. “Hob amach! Bailigh leat! Scuits! Húish! Fágabhalaich!”

Laistigh de dhá bhliain bhí an tír ar a cosa arís agus í ag díol bia le hUganda agus leis an tSiombáib.

Nuair a bunaíodh an IMF i dtreo dheireadh an domhanchogaidh bharbaraigh cheana bhíothas suite de rud amháin. Is é sin, go mbunófaí córas airgeadais domhanda ina súfaí na breáthachtaí i dtreo na dtíortha saibhre agus go bpríobháideofaí maoin na stát. Tharla sin, gan aon bhréag.

Ach bíonn splincíní solais ann agus sractar an idé-eolaíocht uileghabhálach ó am go chéile. Cuid den ortadocsacht is ea nach féidir leis an stát tionscail a threorú. Ní fíor, gan amhras.

Thóg rialtas na Cóiré Theas tionscal cruach ón mbonn aníos leathchéad bliain ó shin, agus d’urraigh siad tionscal na long is na ngluaisteán is na leictreonaice. Mhol an Banc Domhanda dá gcuid ball baghchat a dhéanamh ar earraí na Cóiré Theas de bharr a cuid dánaíochta. Tá de thoradh air gur ghluais siad ó bheith ar cheann de na tíortha ba bhoichte ar domhan go bheith ina ball den G20. Ní gan cabhair stáit a bheidh tú ag féachaint ar scáileán Samsung anocht.

Ní theastaíonn ón sách go dtuigfeadh an seang cad tá ar siúl. Chuige sin an bladar, an tsíorchabaireacht ó thaobh taobh, agus ó rinn go sáil. Chuige sin an bhéim ar theicníc san oideachas, agus ar mhodheolaíocht, agus ar rud ar bith a thógann fál idir an duine agus an rud go dtugtaí smaoineamh air tráth.

Léiríonn na léirsithe go bhfuil dream beag daoine tar éis an cuirtín a roiseadh, agus ní maith leo a bhfeiceann siad laistiar de. Mura dtuigfí as ach na méidín beag seo – nach ionann na daoine is mó rachmas a rachmasú sa bhreis agus cianóg rua a thabhairt do dhuine ar bith eile – bheadh tosach éigin déanta.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar