Saighdiúirí Gaelacha in arm Gallda

 

BEOCHEIST: Tá alt liom dar teideal "Gaelóglaigh" in Feasta (Bealtaine, 2008). Éireannaigh ina saighdiúirí ar tuarastal in airm thíortha seachas Éire an bhrí atá agam le 'Gaelóglaigh', agus is í an abairt "Irishmen fighting in Iraq" a spreag mé.

Saighdiúireacht a bhí i gceist, ar ndóigh. Meisceoireacht a thuigfí as "Irishmen fighting in England".

Sa bhliain 1600, bunaíodh comhlacht gnó i Londain, faoi údarás ríocht Shasana, chun tráchtáil a dhéanamh leis an India agus le hoirthear domhain go ginearálta. "The East India Company" a tugadh air.

Thar thréimhse cúpla céad bliain rinne arm príobháideach an chomhlachta cogaíocht san India, sa tSín, in Java, san Afganastáin, in Myanmar etc. Mhair an comhlacht seo go dtí 1873, ach roimhe sin, i 1861, tugadh an t-arm príobháideach isteach in arm oifigiúil na Breataine. Ceanglaíodh é, faoin ainm 'The Royal Bengal Fusiliers', le mílístí chontaetha Chiarraí, Chorcaí agus Luimnigh. Is i mbaile Thrá Lí, Co. Chiarraí, a bhí buan-ionad na reisiminte. I 1881 cuireadh athrú ainm ar an reisimint - 'The Royal Munster Fusiliers'.

Sa bhliain 1889 bunaíodh comhlacht eile gnó faoi údarás impireacht na Breataine - 'The British South Africa Company'. An rachmasaí Sasanach Cecil Rhodes a bhunaigh an comhlacht seo agus fiontraithe eile i bpáirt leis, leithéid James Hamilton, M. P., Duke of Abercorn, Lord Lieutenant of County Donegal.

An bhliain chéanna thug Rhodes ar na pobail Shona agus Ndebele a dtíortha a ghéilleadh don Bhreatain, agus mianraí an talaimh a ghéilleadh don British South Africa Company. Tugadh Rhodesia ar an ngabháltas sin tíre. Is léir gur bhain Rhodes leis an nglúin sin Eorpach a tháinig le chéile ag Comhdháil Bheirlín 1884-5 chun talamh agus maoin na hAfraice a roinnt eatarthu. Ar ndóigh, bhí tacaíocht saighdiúirí ag Rhodes, mar shampla, the Royal Munster Fusiliers, in aghaidh an mBórach 1899-1902.

Cuireadh deireadh leis an British South Africa Company i 1923 agus bunaíodh dhá chóilíneacht Bhriotanacha ar leith - Northern Rhodesia faoi ghobharnóir Briotanach, agus Southern Rhodesia faoi rialtas a thogh na cóilínithe Eorpacha.

As an dá chóilíneacht sin tháinig Zambia agus Zimbabwe faoi seach. Fógraíodh Northern Rhodesia ina poblacht i 1964, faoin ainm Zambia.

Toisc an forlámhas a bheith ag na cóilínithe geala in Southern Rhodesia níor éirigh leis an bpobal dúchasach ansin a saoirse a bhaint amach go dtí 1980 nuair a fógraíodh Zimbabwe ina poblacht. Is iad gual, copar, diamaintí, ór agus nicil príomhshaibhreas mianrach Zimbabwe.

Le tamall anuas tá tíortha Eorpacha ag éileamh go gcuirfí smachtbhannaí i bhfeidhm in aghaidh Zimbabwe toisc 'easpa daonfhlathais' sa tír sin. Baineadh a ghradaim Bhriotanacha den uachtarán Mugabe (ridireacht, dochtúireacht onórach ollscoile etc). Tá stáit neamhspleácha dheisceart na hAfraice i gcoinne smachtbhannaí.

Tugann an stair sin orm smaoineamh ar an chóilíneachas, agus ar na conraitheoirí príobháideacha, a fhaigheann 'ceadúnas' ó stát eachtrach éigin chun 'gnó' agus 'cóilíniú' agus 'póilíniú' agus 'síocháiniú' agus 'forbairt' a dhéanamh le tacaíocht airm.

Cuimhním ar an pháirt a bhí ag mórán Éireannach sa ghnó sin trí institiúidí éagsúla - misinéireacht, talmhaíocht, mianadóireacht, múinteoireacht etc., agus gan amhras, saighdiúireacht agus póilíneacht.

Fiú má admhaítear gur saint atá taobh thiar den chóilíneachas déarfar nach bhfuil sé cóir ná ceart milleán a chur ar an ngnáthdhuine a ghlacann páirt sna cúrsaí sin mar nach léir dó mar sin é.

Tá cuid den cheart ansin cé nach bhféadfaí a rá gur ghnáthdhuine simplí é Cecil Rhodes. Mar sin féin, bíonn corrdhuine ann a dtagann léargas chuige: Thomas Russell, mar shampla, tar éis dó a óige (1783 - 1787) a chaitheamh in arm Shasana ag tacú leis an East India Company san India. Ba é sin an Thomas Russell a bhí ina Éireannach Aontaithe, agus ina chara mór ag Wolfe Tone. Ba é "The man they hanged at Downpatrick gaol, the man from God knows where". Agus an Ginearál Tom Barry, an Corcaíoch óg aineolach a bhí ina shaighdiúir singil in arm na Breataine san Iaráic i 1916, ba é sin laoch arm na saoirse in iarthar Chorcaí i 1919.

Is dócha go sciúrdann éan as gach ealta. Mar sin féin, na Gaelóglaigh thar lear, is Gallóglaigh iad, amhais eachtrannacha, gach áit a gcuirtear iad.