Súil ar TG4

Níor tugadh aon ardán ag an gcomhdháil acadúil "Súil siar agus Súil ar aghaidh: Deich mBliana de TG4 - Céiliúradh agus Anailís…

Níor tugadh aon ardán ag an gcomhdháil acadúil "Súil siar agus Súil ar aghaidh: Deich mBliana de TG4 - Céiliúradh agus Anailís" don léamh iar-nua-aoiseach ar Paisean Faisean nó an scagadh iarstruchtúraíoch ar Ros na Rún, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Plé bríomhar, fuarchúiseach a bhí ann ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dé Sathairn seo caite agus b'fhíor don chathaoirleach agus ceannaire FIONTAR, Peadar Ó Flatharta, a dúirt ag deireadh imeachtaí gur chun leas eagraíochtaí Gaeilge eile a bheadh sé dá gcaithfí lá á scrúdú siúd leis an bhfaobhar intleachtúil céanna.

Ba spéisiúil na moltaí a bhí ag na léachtóirí ollscoile Uinsionn Mac Dubhghaill agus Áine Ní Ghallachair maidir le forbairt TG4 mar chainéal ilteangach ilchultúrtha a d'fhreastalódh ar phobail nua na tíre agus nach mbeadh chomh mór sin faoi gheasa an chultúir Angla-Mheiriceánaigh.

Bealach éalaithe ó "ansmacht na bhfigiúirí féachana" a bheadh ann, a dúirt Mac Dubhghaill agus bhí ansmacht na bhfigiúirí céanna agus a gceangal le líon na gcláracha Béarla ar TG4 ag dó na geirbe ag cuid de na cainteoirí.

READ MORE

Cé nach d'fhonn íobartach a dhéanamh di féin a thagair Ité Ní Chionnaith don tréimhse a chaith sí i bpríosún de bharr a seasaimh chróga nuair a cuireadh tús leis an bhfeachtas do sheirbhís teilifíse Ghaeilge, bhí ceist bhunúsach á saolú ina cuid cainte agus i gcainteanna go leor daoine eile - an ar mhaithe le Pimp My Ride agus The OC a troideadh?

Bhí ábhar conspóide ag an aisteoir Niall Mac Eachmharcaigh, an cainteoir deireanach, a dúirt go raibh dearmad déanta ag TG4 ar phobal na Gaeltachta agus go bhfacthas dó gur do "Dublin 4" a sheasann an "4" i TG4.

Tharraing cainteoirí éagsúla aird ar an iliomad ábhar suimiúil eile, ach ba é an téama ba láidre ar an lá ná an choimhlint idir brú an mhargaidh agus dualgas teanga agus cultúrtha TG4. B'fhéidir gur fearr a thuigeann lucht TG4 ná lucht léinn a dhéine is atá an choimhlint sin ach, mar sin féin, bhí lón machnaimh dóibh ag an seiminnéar beoga seo, arbh iad Fiontar, DCU, agus ollscoil na Gaillimhe a d'eagraigh.