Síomón ag dul faoin tuath

Beocheist: "Táimid ag iarraidh deireadh a chur leis an easpa dídine, deireadh le homelessness

Beocheist: "Táimid ag iarraidh deireadh a chur leis an easpa dídine, deireadh le homelessness." Noeleen Hartigan, urlabhraí thar ceann an Federation of Simon Communities of Ireland, ag caint.

"Bíonn focail chrosta againn le státseirbhísigh. Ní thaitníonn sé le Noel Ahern, an tAire sóisearach sa Roinn Imshaoil, go mbíonn dearcadh dár gcuid féin againn ar a chuid oibre. Ní maith leis go mbeadh eagraíocht neamhrialtasach (NGO) ag cáineadh pholasaithe an Rialtais. Ceapann sé nach bhfuil Síomón ann ach chun seirbhísí a chur ar fáil. Ach ní thagann meon an Aire le polasaí an Rialtais maidir le grúpaí deonacha pobail ná ní thagann sé leis an daonlathas féin."

Tá Clann Shíomóin seanbhunaithe in áiteanna mar Bhaile Átha Cliath, Chorcaigh, Ghaillimh, Dhún Dealgan. Smaoiníonn daoine ar ainniseoirí ag ól ar na sráideanna sna háiteanna sin agus Síomón ag iarraidh freastal orthu trí anraith agus trí leapacha a thabhairt dóibh i dtithe fothana móra. Leanann an obair sin ar aghaidh i gcónaí ach tá athrú nach beag ag teacht ar obair Shíomóin.

Míníonn Hartigan: "Mórchliseadh sa chlann an chúis is coitianta le heaspa dídine. Ní gá go mbeadh an t-ól i gceist ar chor ar bith. Go minic is i ndiaidh na bhfadhbanna clainne a thagann an t-alcólachas chun cinn. Dá mba rud é gurb é an t-alcólachas an phríomhchúis le heaspa dídine, bhuel ansin, bheadh i bhfad níos mó daoine ar na sráideanna.

READ MORE

"Chomh maith le fadhbanna clainne, tagann sláinte intinne i gceist chomh maith le tionchar na n-ospidéal síciatrach is na bpríosún. Cuir ceann ar bith de na fadhbanna sin i dteannta an bhochtanais agus seans maith go bhfágfar duine gan dídean. Ní bhaineann na fadhbanna sin leis na cathracha amháin, cuireann na fadhbanna céanna isteach ar mhuintir na tuaithe agus ar phobal na mbailte móra."

Idir 1996-1999 méadaíodh faoi dhó ar líon na ndaoine a bhí go hoifigiúil gan dídean, 5,581 duine i 1999. Spreag na figiúirí sin an Rialtas le Homeless-An Integrated Strategy a fhoilsiú. De réir na straitéise sin caithfidh gach aon údarás áitiúil agus an HSE measúnú a dhéanamh gach tríú bliain ar líon na ndaoine atá gan dídean. Agus an méid sin ráite níl dualgas ar bith orthu dídean a chur ar fail! Is ag an bpointe sin a thagann Síomón isteach sa scéal.

I 2003 bunaíodh Midlands Simon Community (An Longfort, Iarmhí, Laois is Uíbh Fhailí) agus South-East Simon Community (Ceatharlach, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann Theas, Port Láirge is Loch Garman) i 2004. Ó shin i leith bunaíodh North-West Simon Community i Sligeach (i mbaile Shligigh tá deichniúr gan dídean gach aon oíche), Dún na nGall is Liatroim agus ó dheas i Luimneach, An Clár agus Tiobraid Árann Thuaidh tá Mid-West Simon Community ag cur chun oibre. Athrú bunúsach do Shíomón.

Tar éis réamhthaighde a dhéanamh, dhein Síomón bord stiúrthóirí a earcú do gach ceann de na ceithre réigiún, daoine a raibh taithí acu i gcúrsaí gnó nó dlí nó san iriseoireacht agus eolas acu leis ar sheirbhísí sóisialta is ar eagraíochtaí neamhrialtasacha.

Ní bheidh tithe fothana móra ná cuairt an anraith ag Síomón faoin tuath. Athrú bunúsach eile. Faoi láthair tá oibrithe ag Síomón i gach ceann de na ceithre réigiún agus é de dhualgas orthu cóiríocht oiriúnach a fháil a luaithe agus is féidir do na daoine a chuireann na húdaráis áitiúla chucu. Formhór mór na ndaoine atá gan chóiríocht is fir shingle iad. Bheadh orthu fanacht idir 2-8 bliain le tigh a fhail ón údarás áitiúil, anois braitheann siad ar Shíomón. Tá daoine ann a deir go bhfuil obair an Rialtais á déanamh ag an eagraíocht. Ábhar díospóireachta.

Uaireanta ceannaíonn Síomón féin tithe ach bíonn orthu airgead a lorg chuige sin ó chomhlachtaí móra, obair mhall. An rud is éifeachtaí, dar le Hartigan, ná tithe/árasáin a fháil san earnáil phríobháideach.

Ach bíonn praghasanna is cíosa ard is na fóirdheontais uireasach. Tá margadh oscailte na tithíochta ina chonstaic abhalmhór do dhaoine gan dídean.

Constaic eile is ea an leisce atá ar dhaoine glacadh leosan atá gan chóiríocht mar chomharsana. Go dtí go dtuigeann daoine conas mar a tharlaíonn do dhaoine bheith gan dídean, ní bheidh réiteach ar an tseanfhadhb seo.

Ceapann Hartigan gur sárú tromchúiseach é an easpa dídine ar chearta daonna an duine in eacnamaíocht an iarthair ach go háirithe. "We are challenging the inevitability of homelessness," a deir sí.