Sétanta na Nollag

Sétanta atá le teacht go Baile Átha Cliath agus ní Santa

Sétanta atá le teacht go Baile Átha Cliath agus ní Santa. Beidh dráma nua de chuid Fíbín – Sétanta – ar siúl in Amharclann na Mainistreach sa chathair idir an Mháirt 6ú agus an Satharn 10ú, Nollaig. (Tá an dráma ar siúl ar Sheanscoil Sailearna, Indreabhán, Co na Gaillimhe, go dtí an lá amárach.)

Is é Paul Mercier – duine de na daoine taobh thiar den tsraith Aifric ar TG4 – a scríobh. Tugann an comhlacht drámaíochta “avant garde” ar an saothar. Amharcann Fíbín ar fhinscéal Sétanta agus a charad, Ferdia, as an nua trí úsáid a bhaint as mascanna agus ceol nuachumtha.

Maireann an dráma uair agus ceathrú agus tá ticéid ar fáil ó Amharclann na Mainistreach.

Eolas: www.abbeytheatre.ie

READ MORE

Seoladh Sheoirse

SEOLFAR ÚRSCÉAL nua le hÉilís Ní Anluain – Filleann Seoirse (Leabhar Breac) san oíche amárach ag 7pm i siopa leabhar The Winding Stair, Baile Átha Cliath. Beidh aithne ag léitheoirí an nuachtáin seo ar Ní Anluain mar bhean de scríbhneoirí Beocheist.

airgead money – anuraidh last year – cáiníocóir taxpayer – cinneadh decision – coimisinéir commissioner – díchéillí senseless– dráma drama – éifeachtach effective – finscéal legend – gáire laughter – geamaireacht pantomime – léitheoir reader – leochaileach sensitive – neamhspleách independent – próiseas process – ráiteas statement – seirbhís service – seoladh launch – tábhacht importance – tromchúiseach serious