Rudd eile de...

Beocheist/Feargal Ó Dubhghaill Seans nár chuala mórán daoine ar thaobh seo an domhain faoi Kevin Rudd go dtí gur bhuaigh a pháirtí…

Beocheist/Feargal Ó DubhghaillSeans nár chuala mórán daoine ar thaobh seo an domhain faoi Kevin Rudd go dtí gur bhuaigh a pháirtí Lucht Oibre olltoghchán na hAstráile ar 24ú Samhain. Agus fógraithe aige go síneodh sé conradh Kyoto agus go dtarraingeodh sé saighdiúirí Astrálacha ón Iaráic, léirigh an príomh-aire nua nach mbeadh an Astráil faoin tionchar céanna ó na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain is a bhíodh.

Tréith speisialta suimiúil faoin uasal Rudd, áfach, ná go bhfuil an t-iarthaidhleoir seo líofa i Sínis Mhandaireach. Is casadh nua agus tromchiallach é don Astráil príomh-aire bheith aici atá in ann ceann de mhórtheangacha na hÁise a labhairt.

Le géilleagar na Síne ag forbairt go tréan, agus tionchar tíortha eile Áiseacha mar an Ind ag méadú chomh maith, is féidir a rá go bhfuil sé nach mór ina riachtanas do leas geopholaitiúil na hAstráile ceannaire bheith aici atá eolasach agus tuisceanach ar ghnóthaí na hÁise.

Le blianta fada anuas, is cnámh spairne faoi leith é stádas agus dearcadh na hAstráile maidir leis an Áis. Sa bhliain 2001, mar shampla, sheas an t-iar-phríomh-aire John Howard agus a chomhrialtas coimeádach den Pháirtí Liobrálach agus an Páirtí Náisiúnta go diongbháilte i gcoinne cead iontrála a thabhairt don bhád Ioruach Tampa agus na céadta teifeach air, an formhór dóibh ón Afganastáin.

READ MORE

Seasamh conspóideach a bhí ann, seasamh nár réitigh le híomhá na hAstráile mar thír fháilteach ilchultúrtha. Ach bhuaigh an comhrialtas an t-olltoghchán a lean go gairid tar éis na heachtra sin.

Téama leanúnach i ngnóthaí eachtracha na hAstráile san aois dheireanach ná gur bhraith sí ar chairde cumhachtacha le dul i mbannaí uirthi chun í a chosaint. Bunús amháin leis seo ná go bhfacthas bagairt ón Áis. I 1942, i rith an Dara Cogadh Domhanda agus an tír i mbaol ionsaí ón tSeapáin, chas an príomh-aire John Curtin go dtí na Stáit Aontaithe i gcóir cabhrach.

Factóir eile tábhachtach ná an dílseacht thraidisiúnta, go háirithe i páirtithe an chomhrialtais, d'oidhreacht Bhriotanach, agus an nasc bunreachtúil le monarcacht na Breataine. Throid Astrálaigh ar son impireacht na Breataine. Ceanglaíodh leas na tíre go dlúth leis na Stáit Aontaithe chomh maith agus throid Astrálaigh i Vítneam.

D'athraigh rudaí i 1972 nuair a thainig rialtas Lucht Oibre i gcumhacht den chéad uair ó na 1940í, agus bhí an príomh-aire Gough Whitlam agus a airí i bhfad níos dúnárasaí i dtreo Londan agus Washington ná mar a bhí rialtais Astrálacha roimhe sin.

Ach tháinig sé seo chun deiridh i 1975 i rith géarchéim airgeadais nuair a bhain an tArd-Ghobharnóir, Sir John Kerr, ionadaí Bhanríon Shasana, úsáid as a chumhacht bunreachtúil Whitlam agus a rialtas a chur as oifig.

Tarlúint talamhchreathach a bhí ann. Is fíor nár thaitin rialtas Whitlam leis na Meiriceánaigh go háirithe agus bhí líomhaintí go raibh an CIA páirteach i gcomhcheilg i gcoinne rialtas Whitlam ach níl fianaise chun é seo a chruthú.

Ó shin, tá cúrsaí tar éis athrú. Is féidir a rá go bhfuil an Bhreatain tar éis dílseacht don Astráil a mhalartú ar dhílseacht d'Aontas na hEorpa agus anois aithnítear gurb í an Áis an mór-chomhghleacaí trádála atá ag an Astráil. Dar ndóigh, tá Banríon Shasana fós ina ceann stáit.

Vótáil na hAstrálaigh i gcoinne an mholadh poblachta a cuireadh os a gcomhair sa reifreann bunreachtúil i 1999. Is scéal eile ar fad é na toscaí a bhain leis an gcinneadh seo. Is leor a rá gur bunreacht docht daingean atá ag an Astráil, níl sé éasca é a athrú, agus mar a déarfadh an gnáth-Astrálach leat "mura bhfuil sé briste, ná deisigh é".

Ní chuirfidh na factóirí seo isteach ar an bpríomh-aire Rudd. Más fíor nach n-athraíonn Astrálaigh a meon go minic, rinneadar sin san olltoghchán seo, ag tabhairt bata agus bóthar do rialtas a bhí ann ar feadh 11 bliain. Bhí na toghthóirí go speisialta dian ar Howard, a chaill a shuíochán parlaiminte chomh maith.

Mar sin, is feidir a rá go bhfuil sainordú láidir ag Rudd don chinneadh atá fógraithe aige polasaí eachtrach na tíre a chasadh i dtreo na hÁise, i bhfábhar na timpeallachta, agus i dtreo athsmaoineamh maidir leis an Iaráic.

Casadh tréan é seo ó na polasaithe a bhí ag comhrialtas Howard. Níos mó ná sin, is cinneadh é a léiríonn ní amháin neamhspleáchas úr ó na seanchairde cumhachtacha ach bá thráthúil leis na nuachairde san Áis.

Is abhcóide é Feargal Ó Dubhghaill a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Chleachtaigh sé tráth mar dhlíodóir i Melbourne