Rogha mhór mhaith de leabhair Ghaeilge ar fáil an Nollaig seo

DÉARFAINN GO mbeadh Tadhg Mac Dhonnagáin ag súil le sos beag an Nollaig seo

DÉARFAINN GO mbeadh Tadhg Mac Dhonnagáin ag súil le sos beag an Nollaig seo. Fear ildánach atá ann: tá sé ar dhuine acu sin a chruthaigh an tsraith teilifíse, Aifric; cumann sé amhráin as an nua agus foilsíonn sé leabhair do pháistí leis an chomhlacht foilsitheoireachta, Futa Fata, atá lonnaithe ar an Spidéal, Co na Gaillimhe.

Cá hiontas é, mar sin, go bhfuil Mac Dhonnagáin i ndiaidh na spéiseanna sin ar fad a thabhairt le chéile agus rogha shamhlaíoch leabhar a chur ar fáil bunaithe ar na nithe sin.

Tá an leabhar, Aifric(Futa Fata, €14.95) bunaithe ar an tsraith teilifíse den ainm céanna ar TG4. Tá Aifriclándaite agus é líon lán le heolas agus le grianghraif faoi charachtair na sraithe; tá cluichí, ceisteanna, agallaimh agus cur síos ar léiriú na sraithe féin ann. D'fhóirfeadh sé gan cheist don neach mistéireach sin, an déagóir Gaelach.

D'aoisghrúpa níos óige a d'fhóirfeadh Peigín Leitir Móir. Tá 20 amhrán agus rann traidisiúnta le fáil in Peigín Leitir Móir(Futa Fata, €19.95) agus dlúthdhiosca leis an ábhar. Tá an leabhar lándaite, faoi chlúdach bog, agus focail na n-amhrán, rannta agus na dtomhas le fáil ann, mar aon le cur síos gairid ar chúlra an ábhair. Tá an-chaighdeán leis na léaráidí.

READ MORE

Chuaigh Futa Fata i bpáirt le Kidwick Books, Los Angeles, leis an dá chlosleabhar, Frog sa Spéir(Futa Fata, €13.95) agus Eileanór an Eilifint Éagsúil(Futa Fata, €13.95), a fhoilsiú. Dírithe ar léitheoirí (nó éisteoirí!) idir trí agus sé bliana d'aois atá an dá shaothar agus clúdach crua orthu beirt. Is é Tadhg Mac Dhonnagáin a d'aistrigh na scéalta go Gaeilge.

Arís eile, tá caighdeán na léaráidí thar barr agus tá dlúthdhiosca le fáil leis an dá leabhar. Ní glór aonair atá le cluinstin anseo ach cór de chainteoirí. Triúr atá ar Frog sa Spéir- Mac Dhonnagáin agus Oisín Ó Fátharta agus Caitlín Ní Chualáin as Indreabhán, Conamara - agus cúigear ar Eileanór an Eilifint Éagsúil: Mac Dhonnagáin; Ní Chualáin; Ó Fátharta arís agus beirt eile, Caoimhe Ní Choisdealbha agus Aoife Ní Nualláin Ní Thuathail a thagann as Indreabhán fosta.

Is breá an chuideachta, mar sin, a bheas ag léitheoirí agus iad ag leanúint iarrachtaí Frainc an frog le heitilt nó iarrachtaí Eileanór an eilifint ceol a dhéanamh lena glór beag fann.

Comhfhiontar eile le Little Tiger Press, Londain, atá in An Oíche Dhorcha(Futa Fata €9.95). Tá clúdach crua ar an cheann seo fosta agus is é Mac Dhonnagáin a rinne an leagan Gaeilge. Scéal atá anseo, gan dlúthdhiosca, ach tá an scéal féin an-simplí agus níor chóir go gcuirfeadh sé crua ar thuismitheoir ar bith scéal Féilim Frog a aithris. Is leor a rá gur frog an-fhaiteach é Féilim agus cuireann an oíche dhorcha agus a cuid scáileanna imní air.