Rogha an phobail

Cuirimis deireadh leis an gcaoineadh agus leis an olagón faoi thoghchán an Tuaiscirt

Cuirimis deireadh leis an gcaoineadh agus leis an olagón faoi thoghchán an Tuaiscirt. Is daoine fásta ciallmhara iad toghlach an Tuaiscirt a bhfuil a rogha déanta acu.

Ní hé nár dúradh minic go leor leo faoin gcontúirt a bhainfeadh le tromlach vótaí bheith ag dhá pháirtí nach réiteodh le chéile ar nós Shinn Féin agus an DUP. Ní féidir le duine ar bith, ach an oiread, an locht a chur ar an aimsir.

Más tábhachtach le duine todhchaí an stáit ina bhfuil a leanaí chun fás suas ann, tiocfaidh sé amach agus caithfidh sé vóta.

Tá an milleán á scaipeadh mar a bheadh urchar as gunna gráin. Cén fáth gur cheadaigh an dá phríomhaire toghchán ar chor ar bith?

READ MORE

Cén fáth gur fágadh an SDLP gan na hainmneacha móra a mheallfadh vótaí?

Cén fáth nár thug an tIRA an sórt soiléireachta a bhí ó David Trimble sa ngníomh díchoimisiúnaithe deiridh?

Níl aon mhaitheas ann bheith ag dul siar anois agus an phraiseach ar fud na mias.

Labhair an pobal agus labhair siad go soiléir. Dúirt siad gurbh fhearr leo páirtithe nach ngéillfeadh, páirtithe a bheadh daingean ina gcuid tuairimí agus a bheadh sásta fód na treibhe a sheasamh.

Ní rud aisteach nó aduain é sin. Tá an fód fuilteach céanna ina bhrat slándála do chuid mhór daoine sa dá phobal. Téann siad ina luí leis san oíche. Músclaíonn siad ar maidin leis ina nglaca acu. Tugann sé an spreagadh dóibh chun lá mí-eachtrúil eile dá saolta a chaitheamh i measc a muintire féin a mbíonn na tuairimí céanna acu, an chanúint chéanna acu, an dúchracht chéanna chun cur in aghaidh aon sórt athraithe agus go háirithe in aghaidh aon sórt géillte.

Mar níl aon pheaca níos measa i meon na ndaoine seo ach géilleadh.

Is féidir leat do mháthair mhór a mharú le tréan foiréigin, puisíní a róstadh beo agus iad a ithe le hanlann géarmhilis agus maithfear duit é. Ach in ainm déithe móra na treibhe, ná géill, na géill oiread agus orlach.

Tá gairm déanta ag Ian Paisley agus ag a lucht leanúna as soiscéal an diúltachais, as an eagla atá neadaithe go domhain i bputóga na treibhe go ngéillfear aon rud don treibh eile. Suibhne Gealt na polaitíochta a bhíodh ann in am amháin. Bhíodh a pháirtí-sean ar imeall an chriathraigh pholaitiúil, grúpa gan meas madaidh.

An cheist atá á cur ag daoine orthu féin ná cén dóigh gur tháinig an dream beag seo isteach ó imeall an chriathraigh go lár na cumhachta. Tá Ian Paisley anois ina phríomhaire sa Tuaisceart gan an teideal agus d'fhéadfadh sé é sin bheith aige dá dtoileodh sé é.

Cad é a tharla i measc an phobail aontachtaigh chun polaiteoir atá ina cheap magaidh ar fud na hEorpa a thoghadh mar cheannaire?

Ná bac gearáin Trimble nár tháinig a lucht tacaíochta amach chun vótála! Fuair an duine is mó ina pháirtí féin a thaobhaíonn le dearcadh an DUP, Jeffrey Donaldson, go leor vótaí le triúr nó mar sin a thabhairt isteach.

Ní hea, David, tá rud éigin drámatúil tarlaithe i measc an phobail Phrotastúnaigh ó thuaidh atá ina íomhá scátháin ar an rud atá tarlaithe sa bpobal náisiúnach.

Is é Gregory Campbell ón DUP is fearr a chuir in iúl é nuair a dúirt sé: "Ní raibh orainne ár gcúis a mhíniú ag na doirse, bhí a fhios ag daoine nach raibh éirithe leis an gComhaontú, thuig siad nach raibh a gcuidsean den gComhaontú comhlíonta ag Sinn Féin/IRA agus gurbh fhánach bheith ag súil go gcomhlíonfadh."

Is léir gur éirigh fiú daoine nach vótálfadh go deo, roimhe seo, don DUP tuirseach den ngeamaireacht faoi dhíchoimisiúnú ina ndearnadh ceap magaidh, mar a chonaic siadsan, de David Trimble chomh minic sin.

Tá a bhfreagra tugtha acu anois agus cé a thógfadh orthu é má roghnaigh siad vótáil do pháirtí a bhfuil an mianach ann bheith lán chomh neamhghéilliúil le haon dream ar an taobh náisiúnach.

De réir an tsean-natha, tá an pholaitíocht ann mar rogha ar an gcogaíocht. An t-aon "ach" amháin nár cuireadh leis sin go gcaithfidh an dá thaobh bheith toilteanach géilleadh.

Ní léir go bhfuil an toil sin ann, ní léir go gceadóidh déithe na treibhe é.

Tá an seans is fearr ar chomhghéilleadh sa Tuaisceart imithe leis an toghchán seo. Tá an dóchas mór a gineadh fágtha marbh ar thaobh an bhealaigh mhóir agus cochall air.

Má sheasann an dá pháirtí fód na treibhe, sioc agus reo a thiocfaidh ar na hinstitiúidí a thug an dóchas sin agus titfidh oíche fhada dhorcha an gheimhridh ar pholaitíocht an Tuaiscirt.

Ach nárbh í sin rogha an phobail?