Re nua teanga

Osclóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pat Cox, ionad eolais nua an Bhiúró Eorpach um Theangacha Neamhfhorleathana in Áras…

Osclóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Pat Cox, ionad eolais nua an Bhiúró Eorpach um Theangacha Neamhfhorleathana in Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath, Dé hAoine a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Nuair a bunaíodh an Biúró 20 bliain ó shin is i mBaile Átha Cliath a bhí an phríomhoifig agus Éireannach, Dónall Ó Riagáin, ina stiúrthóir air. Aistríodh an phríomhoifig go dtí an Bhruiséil dhá bhliain ó shin agus tugadh fógra scoir don fhoireann a bhí ag obair inti.

Oifig réigiúnda a bheidh san ionad eolais atá le hoscailt Dé hAoine agus é faoi réir Choiste Ballstáit na hÉireann den Bhiúró. Beidh gach eolas ar fáil ann faoi theangacha neamhfhorleathana an Aontais, go mórmhór faoi phobail teanga sna tíortha Ceilteacha.

Beidh eolas ar fáil ann fosta faoi chúrsaí an Aontais Eorpaigh, agus beidh idir eolas agus chabhair ar fáil faoi na cláracha Eorpacha a bhaineann le cúrsaí teanga agus oideachais. Beidh páirt ag an ionad i stiúradh tograí éagsúla a thiocfaidh ón bpríomhoifig sa Bhruiséil. Is í Fionnuala Ní Mhuirí, ball d'fhoireann na Comhdhála a bheidh i mbun an ionaid.

READ MORE

Tá aitheantas nach beag bainte amach ag na teangacha neamhfhorleathana sa chuid is mó de bhallstáit Aontas na hEorpa ó tháinig ann don Bhiúró. Beidh dúshlán nua roimhe le leathnú an Aontais agus le teacht isteach na mballstát nua.

Is í an éagsúlacht teanga san Aontas nua a bheidh faoi chaibidil ag Cox sa chaint phoiblí a thabharfaidh sé in Oifigí Pharlaimint na hEorpa, Sr Theach Laighean, tar éis oscailt an ionaid.

Is tráthúil an t-am é seo chun ceist na dteangacha in Aontas na hEorpa a phlé. Ó tugadh ballraíocht sa Chomhphobal Eorpach d'Éirinn 30 bliain ó shin is minic an Rialtas a bhí ann ag an am cáinte as gan stádas teanga oibre a lorg don Ghaeilge. Beidh idirbheartaíocht nua ann faoi stádas na dteangacha san Aontas méadaithe. Tá ráite ag an Rialtas go bhfuil siad chun athbhreithniú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge.