Rapairí TG4

RAPAIRÍ, TÓRAITHE nó ridirí bóthair a tugadh ar na fir a thug dúshlán an dlí in Éirinn sa 18ú agus sa 19ú haois agus is iad atá…

RAPAIRÍ, TÓRAITHE nó ridirí bóthair a tugadh ar na fir a thug dúshlán an dlí in Éirinn sa 18ú agus sa 19ú haois agus is iad atá faoi scrúdú ar shraith, Rapairí, a thosaigh ar TG4 an tseachtain seo caite.

Is é Éamonn Ó Maolriain, nó Éamonn a' Chnuic, Co Thiobraid Árann, a mhair ag deireadh an 17ú haois a bheidh sa tsraith amárach (TG4, 10pm).

Taispeántar mar a chríochnaigh an fear seo, a thug dúshlán an dlí go rialta, ina laoch ag mórán Éireannach. Sna cláir eile, insítear scéal Réamoinn Uí Anluain as Ard Mhacha agus scéalta rapairí eile as Co Laoise, Chill Chainnigh agus na Mí.

Dúirt stiúrthóir na sraithe, Dónall Ó Maolfabhail, gur léirigh cáipéisí úra staire gur chuma cén chúis uasal a spreag duine le cur in éadan an dlí gur mhinic go ndearnadh duine cam de ar deireadh agus gurbh annamh onóir i measc gadaithe ann.