Raitis ag ceadu airgid agus usaid teanga

Cuireann an tAire Éamon Ó Cuív ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta mórán preasráiteas chun an cholúin seo. Foilsítear…

Cuireann an tAire Éamon Ó Cuív ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta mórán preasráiteas chun an cholúin seo. Foilsítear cuid bheag acu - an chuid a bhaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta de.

Ní fhoilsítear an chuid eile - an mhórchuid - a bhaineann le cúraimí eile na Roinne. Mar sin féin, is i bhfoirm dhátheangach a thagann na preasráitis ar fad, bíodh siad ag plé le ceist na Gaeilge nó ná bíodh.

Tóg, mar shampla, an preasráiteas seo ón Aire Ó Cuív: "D'fhógair Éamon Ó Cuív ... inniu go raibh deontas de €181,227 ceadaithe aige le haghaidh insealbhú/tiontú leictreachais ó aonphasach go tríphasach do sé ghnólacht sna limistéir CLÁR i gContaetha an Chabháin, Chorcaí, Chiarraí agus an Longfoirt."

(Tá tú, gan amhras, ag tumadh san fhoclóir anois le fáil amach cad is ciall le "aonphasach" nó "tríphasach". Is é an trua nach bhfuair tú an leagan Béarla den ráiteas mar a fuair mise!)

READ MORE

Ní bhaineann an t-ábhar le limistéar an-teoranta an cholúin seo agus ní bheidh tú ag léamh ó sheachtain go seachtain faoi obair leathbhádóir Uí Chuív sa Roinn chéanna, an tAire Stáit Noel Ahern, agus a chinneadh "tionscadail chun obair dheonach a chur chun cinn, ar fiú €224,000 iad, ceadaithe ó chiste comhtháthaithe forbartha pobail agus áitiúil na Roinne. Fágann an leithdháileadh is déanaí seo ... go bhfuil maoiniú de €300,600 curtha ar fáil ó thús na bliana chun obair dheonach a chur chun cinn". (Sea, jab eile don fhoclóir! Nach tú atá ag saothrú na teanga inniu?)

Dá mbíodh an spás ar fáil, d'fhéadfaí ráitis na Roinne seo a chur i gcló agus bheadh dhá chúis mhaithe agam chun sin a dhéanamh. Sa chéad dul síos, tá Ó Cuív ag cur eolais ar fáil faoina Roinn, eolas faoin dóigh a gcaitheann sé airgead an Stáit agus faoina bhfuil ar siúl aige. Is mór an méid sin.

Sa dara dul síos, tá ceist na teanga ann. Freastalaíonn Ó Cuív ar phobal na Gaeilge agus saibhríonn sé a dtuigse ar an Ghaeilge. An raibh a fhios agat go raibh a leithéid d'fhocal Gaeilge ann agus "aonphasach" go dtí gur léigh tú ar maidin é? Ní raibh a fhios agamsa agus, cé gur beag seans go mbeidh mé ag coinneáil comhrá le duine ar bith faoin cheist seo go luath, is mór liom, mar fhoghlaimeoir Gaeilge, an focal nua a fhoghlaim.

Is costasach an ceacht é mar fhoghlaim, a deir tú, agus b'fhearr an t-airgead a chaitheamh ar ranganna agus ar ghaelscoileanna. Cur amú airgid atá ann a leithéid a aistriú go Gaeilge, a deir tú.

Sea, ba cheart airgead a chaitheamh ar scéimeanna samhraidh agus ar ghaelscoileanna ach cén fáth gan cur lenár dtuigse ar theanga?

Ba é Parnell a dúirt nár cheart teorainn a chur le máirseáil an náisiúin agus tá an rud céanna fíor i gcás teanga. Cén fáth teorainn a chur le máirseáil teanga agus a rá go mbaineann sí le haon cheist amháin - ceist na Gaeilge trí Ghaeilge?

Ach ní hiad Roinn na Gaeltachta amháin a chuireann ábhar i nGaeilge ar fáil. Le deireanas, tháinig ráitis ón Aire Talmhaíochta, Mary Coughlan, agus ón Aire Oideachais, Mary Hanafin, faoi thograí nua oideachasúla do pháistí. Tháinig ráiteas Gaeilge ón Aire Airgeadais, Brian Cowen ar mheastacháin, fáltas agus caiteachais. Scríobhtar: "Na figiúirí a thaispeántar le haghaidh fáltas agus caiteachais in 2006, is aschur réamhmheasta iad agus léiríonn siad an t-eolas reatha. Tá siad faoi réir athbhreithnithe nuair a bheidh figiúirí dheireadh na bliana ar fáil. Beidh na sonraí lániniúchta le haghaidh 2006 ar fáil sna Cuntais Airgeadais 2006 agus sna Cuntais Leithghabhála 2006..."

Sea, níor thuig mise focal de ach an oiread agus caithfidh mé uaireanta fada leis an fhoclóir á dhíchódú sula dtuigfidh mé a chiall. Ach eolas atá ann agus, dá mbeadh an spás ar fáil, tá daoine ann a léifeadh a leithéid, a thuigfeadh é agus thabharfadh an t-ardán poiblí sin - is é sin, foilsiú ar nuachtán - aitheantas don obair a rinneadh.

Agus tháinig ráiteas i nGaeilge ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh faoi ócáid a bhí ar siúl i lár mhí na Samhna: "Tá tús curtha ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh le feachtas eolais foirne le iad a spreagadh le tuilleadh seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge. Chun cur leis an gcuspóir sin beidh comhdháil speisialta ar siúl i mBaile Átha Cliath ...

"Is é a bheas mar théama don chomhdháil ná cur chun cinn na Gaeilge sa Roinn ... Is cruinniú inmheánach agus príobháideach, teoranta do státseirbhísigh agus seirbhísigh phoiblí, a bheas ann."

Scríobh príomhoifigeach na Roinne, John Glennon, i nóta leis an ráiteas go bhfáilteodh "an Roinn roimh aon suim ag na meáin chumarsáide san ócáid seo agus roinnt poiblíochta a fháil di. Is ócáid náisiúnta é don Roinn, agus beidh ionadaithe ann ó gach uile chearn den tír.

"Is é an chéad ócáid den chineál seo eagraithe don Roinn uilig ... agus beimid in ann tógáil ar an mbunús seo chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa Roinn sna blianta amach romhainn."

Is féidir linn bheith ciniciúil faoin taoide seo preasráiteas, á rá gur cleas atá ann agus olltoghchán ag teacht. Seans gur fíor é sin ach is fíor fosta go bhfuil státseirbhísigh ann ar cás leo an Ghaeilge agus atá ag déanamh a ndíchill í a chur chun cinn. Ní fhaigheann siad aitheantas as sin i gcónaí - ó lucht na Gaeilge ach go háirithe.

Nuachtán Béarla é seo le trí cholún bheaga Ghaeilge ach thiocfadh linn, dá mbeadh an spás ann, píosa nuachta i nGaeilge, bunaithe ar phreasráitis Rialtais, a chur i gcló go rialta. Dá gcuirimis i gcló go rialta iad, is dócha go spreagfadh sé Ranna eile tabhairt faoina leithéid agus aitheantas a fháil dá gcuid Airí agus a gcuid oibre.

Ní cur amú airgid é ábhar a chur ar fáil i nGaeilge. Baineann an teip leis na nuachtáin nach bhfuil an spás acu nó an fonn orthu an t-ábhar a chur i gcló - agus siocair nach gcuirtear i gcló é déanann lucht tuairimíochta amach gur cur amú airgid atá ann a leithéid a chur ar fáil sa chéad dul síos. Fáinne fí atá ann.

Scríobhadh ar an cholún an tseachtain seo caite gur Fiontar, DCU, a chuidigh le heagrú na comhdhála "Súil siar agus Súil ar aghaidh: 10 mbliana de TG4 - Ceiliúradh agus Anailís" ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Níorbh iad ach Scoil na dTeangacha Feidhmeacha, DCU. Ár leithscéal.