Raidió Rí-Rá

TÁ RAIDIÓ Rí-Rá, stáisiún raidió Idirlín, anois ina stáisiún raidió FM

TÁ RAIDIÓ Rí-Rá, stáisiún raidió Idirlín, anois ina stáisiún raidió FM. Tá an chéad chairt-stáisiún raidió Gaeilge don aos óg beo ar an aer ar 100.3 FM i mBaile Átha Cliath; 106.7 FM i gCorcaigh; 99.1 FM i nGaillimh; 105.5 FM i Luimneach anois go dtí an Domhnach 22ú Márta 2009.

Dúirt comhrúnaí Raidió Rí-Rá, Julian de Spáinn go mbeadh “teacht ar níos mó ná milliún go leith duine ar Raidió Rí-Rá agus é ar FM le linn mhí an Mhárta, agus is é an craoladh sealadach seo an chéad chéim i dtreo stáisiún raidió lánaimseartha as Gaeilge don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM.”

Tá Raidió Rí-Rá ag craoladh ar an Idirlíon le bliain agus faigheann an suíomh Idirlín 35,000 buille gach aon mhí, a dúirt sé. Bhí ród-seó ag an stáisiún thart ar na coláistí samhraidh agus bhí an “an t-aischothú ó dhaoine óga an-dearfach. Bhí siad an-tugtha leis an stáisiún”.

Chreid sé go bhféadfaí an stáisiún a bhunú go lánaimseartha mar stáisiún FM. Bheadh “cabhair stáit de dhíth ach bheinn dóchasach go seasfadh sé ar a bhonnaí féin” ar ball.

READ MORE

Tá Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar an chóras FM i ndiaidh ceadúnas sealadach ilchathrach a fháil ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann.

Beidh rogha de cheol i nGaeilge agus i mBéarla, seónna beo agus cláracha speisialta curtha i láthair ag leithéidí Chlíona Ní Chiosáin, aisteoir sa tsraith teilifíse Aifric, le cluinstin.

Eolas: www.RaidioRiRa.ie nó eolas@raidiorira.ie