Pointi breise

Beidh cuimhne ag léitheoirí ar an cháineadh a rinne an colún seo ar fhoireann peile Bhaile Átha Cliath as gan ach Béarla amháin…

Beidh cuimhne ag léitheoirí ar an cháineadh a rinne an colún seo ar fhoireann peile Bhaile Átha Cliath as gan ach Béarla amháin bheith ar a gcuid geansaithe.

Thacaigh muid le Fir Bhuí Ard Mhacha agus a ngeansaithe Gaelacha. Bhí dea-thoradh ar an tacaíocht chéanna ag an deireadh seachtaine - bhí an lá leis na hUltaigh i gcluiche leathcheannais na peile.

Ar ndóigh, chuir an colúnaí seo spéis mhór sna tuairiscí iarchluiche. Thóg na tráchtairí an locht air seo agus air siúd agus iad ag cíoradh an chluiche. Chuir siad an dá fhoireann faoi scrúdú mion.

Ach rinne siad dearmad rud amháin a lua atá ar eolas ag lucht na Gaeilge le fada fada; saothraíonn tú pointí breise as Gaeilge a úsáid i scrúdú. Pointe sa bhreis i gcás Ard Mhacha ach ba leor é.