Poblacht an Oil

An Peann Coitianta: Tarraingíonn siad a gcuid carabhán taistil isteach sa chlós le hais an tsean-óstáin sa bhruachbhaile. Ligeann…

An Peann Coitianta: Tarraingíonn siad a gcuid carabhán taistil isteach sa chlós le hais an tsean-óstáin sa bhruachbhaile. Ligeann cúpla liú astu nuair a thagann na boinn slán ag hapáil in airde ar an gcosán, agus feistíonn cosa na gcarabhán ar thalamh.

Is é an baile anois acu féin é. An t-óstán tréigthe, agus a raibh de dhídeannaigh eachtrannacha ann glanta chun siúil. Sé tráth na ndídeannach baile anois é.

An sean-óstán fáiscthe idir ceantar cónaitheach agus an príomhbhóthar, páirceálann an lucht taistil a gcuid carabhán ar thalamh an óstáin faoi mar a bheadh sé ráite leo go baileach cén áit a bheadh agus nach mbeadh cead acu lonnú. É sin, nó tá saineolas agus saintaithí acu ar na línte teorann idir sealúchas príobháideach agus talamh phoiblí.

An tsúil arís. Is máistrí iad ar na cúinní a bhaint amach, ar uillinneacha a thomhas leis an tsúil, ar thoisí an tsaoil mhóir agus a dtoisí saolta féin a chur in oiriúint dá chéile. Seanmhianach ceirdiúlachta agus acmhainn grinn, ní foláir.

READ MORE

Tá cuid de na carabháin níos fearr agus níos batráilte ná a chéile, cláruimhreacha orthu ó Shasana, ó Thuaisceart na hÉireann, ó áiteanna éagsúla faoin tír. Carranna dá réir. Dídean an Fhómhair le hais falla, gan soláthar leictreachais, uisce ná séarachais.

Cáblaí leictreachais ag síneadh as an sean-óstán, ag póitseáil cumhachta. Línte éadaí níocháin crochta. Páistí i gcuid de na carabháin, drabhlásóirí i gcuid eile acu, gineadóirí ag puthaíl agus ag glóraíl sa chlapsholas. Teilifíseáin ag caochadh. Tinte lasta i seanbhairillí, agus cáblaí á ndó. Boladh goirt na gcáblaí loiscthe san aer os cionn na comharsanachta.

Cruinníonn siad ina slua timpeall ar na bairillí istoíche, ar imeall an phobail, scoite ó shaol na comharsanachta, ag cadráil agus ag roinnt amach éadaí agus stuifeanna atá bailithe acu ó thithe i gcéin. Coimeádann siad chucu féin, gan aon chúbadh chucu.

Le tábhairneoir an sean-óstán agus pleananna forbartha aige. Tá ceithre thábhairne ar a laghad aige faoi ainmneacha éagsúla. Fear maoine é ar thóir a thuilleadh brabúis. Ceann de na tábhairní aige fógraithe mar thábhairne traidisúnta faoi bhrat Craic agus Ceol.

Ní raibh dhá fhocal i dteannta a chéile riamh chomh folamh ó bhrí. An tábhairneoireacht agus gnó an óil mar bhunchloch lena chuid pleananna. Bheadh an focal "rachmasóir" oiriúnach dó, ach is focal ó na seascaidí é. Tá achomharc déanta ag na háitritheoirí agus ag an sagart paróiste in aghaidh a chuid pleananna mar gheall ar an gclampar agus an t-achrann a leanann an t-ól i gceantar cónaitheach: sáthadh daoine cheana san óstán; bhíodh dioscónna faoi thalamh ann, agus drugaí á dtógaint ann; all day men ag caitheamh siar ann.

Mar gheall ar chúbláil, an cóngas úd idir tógálaí agus páirtí polaitiíochta, a tógadh an áit an chéad lá ar neamhchead. Tá an smál sin á leanúint riamh is choíche.

Ach an cás a tharraingt anuas chuig ionadaithe áitiúla, deir siad gur beag is féidir a dhéanamh nuair is sealúchas príobháideach atá i gceist. Sealúchas a rialaíonn. Lámha ceangailte. Agus madraí scaoilte.

Is é an scéal céanna ag na húdaráis áitiúla é. Ag na húdaráis sláinte. Ag na húdaráis séarachais. Ag na húdaráis sláinteachais. Ag na húdaráis dlíthiúla. Muna bhfaigheann siad gearán ón úinéir, ní féidir faic a dhéanamh. Ach na focail "lucht taistil" a lua, titeann comhlaí gloine anuas i súile daoine, á ndúnadh ar an saol. Fógraíonn: "I don't want to know".

Bíonn na hionadaithe áitiúla cáiréiseach i dtaobh aon tagairtí i scríbhinn a dhéanamh don lucht taistil. Le heagla leatrom ciníoch a nochtadh. Tagraíonn siad do bhruscar, mar a bheadh códfhocal ann don daonnacht, agus don bhfadhb. Táimid go léir marbh ag an gceart.

Imeaglú glan atá ar bun ag an bhfear gnó, fear an airgid. Cuid den seandream sa chomharsanacht, bíonn eagla orthu cos a chur lasmuigh de dhoras. Formhór an ama, ní dheineann an lucht taistil cur isteach ar bith ar phobal na comharsanachta.

Chuireadar comharsana ag caint le chéile nach raibh am an lae acu dá chéile, sula dtángadar. Ach i bPoblacht an Óil, is é an brútach tábhairneora an t-uachtarán. Dhéanfadh sé praifíd ar an mbraon anuas. Ní foláir leis a shlí féin a fháil. Tá fhios aige gach riail gan beann ar shibhialtas, ar an état civil. Tá na barbaraigh i réim an athuair.

Réiteodh airgead an scéal, cnap an duine don lucht taistil. Airgead bóthair cúpla míle euro an carabhán nó b'fhéidir níos mó. Ghlanfadh sé an fhadhb chun siúil, airgead ag bailiú airgid.

Bíonn an scáileán ag caochadh sa seomra oibre istoíche, é ag comhchaochadh le scáileáin na gcarabhán. Táimid inár gomharsana comhchaocha. Dídeannaigh.