Plean de dhith

Dúirt uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí, go raibh sé "thar am go gceapfaí agus go bhfeidhmeofaí scéim…

Dúirt uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Tomás Mac Ruairí, go raibh sé "thar am go gceapfaí agus go bhfeidhmeofaí scéim náisiúnta chuimsitheach, chomhtháite pleanála teanga".

Bhí Mac Ruairí mar aoichainteoir ag Dáil Mhór Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine. Dúirt sé i ráiteas go raibh súil aige go dtiocfadh a leithéid de phlean as obair an Choiste Chomhairligh a bhunaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív. Beidh an chéad chruinniú den choiste Déardaoin 1ú Iúil.

Dúirt sé "go raibh muid breac le pleananna, le tograí, le scéimeanna éagsúla, le ráitis, le tuarascála, le heagrais agus le go leor eile". Bhí fiúntas i go leor de na nithe seo ach, a dúirt sé, ach bhí easnamh suntasach amháin ann.

"Ní bhainfear an toradh ceart as an dua agus fuinneamh uilig muna ndéantar gach gné díobh a thabhairt le chéile in aon mhórphlean cuimsitheach, comhtháite, loighiciúil, pleanála teanga amháin ina mbeidh ról lárnach maidir lena dhréachtadh agus a fheidhmiú ag na heagrais dheonacha."

READ MORE

Fuair sé locht ar an dóigh ar bunaíodh Foras na Gaeilge, á rá nár ghlac an Rialtas le héileamh na n-eagras go mbeadh siad rannpháirteach ann ón tús. D'ainneoin sin, bhí "cuid mhór" déanta ag an Fhoras agus go leor idir lámha acu.