Plean 20 Bliain

I nDIAIDH chruinniú Rialtais i mBaile Átha Cliath inné, glacadh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

I nDIAIDH chruinniú Rialtais i mBaile Átha Cliath inné, glacadh leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Is é seo an chéim dheireanach maidir le haontú na straitéise.

Dúirt Aire na Gaeltachta, Pat Carey, go mbeadh acmhainn teoranta ar fáil san am a bhí le teacht ach nach ndéanfadh Fianna Fáil aon leithscéal as seasamh láidir a thógáil ar son na Gaeilge.

Chinnteodh an straitéis gur “20 bliain ag fás atá i ndán don Ghaeilge agus tá súil agam go bhfanfaidh pé dream atá i gcumhacht as seo go ceann 20 bliain dílis don phlean tábhachtach náisiúnta seo”.

Bhí straitéis ann, a dúirt sé, a chuirfeadh lucht na Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di ar bhealach a leasa.

READ MORE

Plean cuimsitheach bunaithe ar an phleanáil teanga a bhí ann agus ba é “an dúshlán mór a bhí anois romhainn ar fad ná an straitéis uaillmhianach seo a chur i gcrích”.

D’fhoilseodh an Rialtas sonraí na straitéise faoi dheireadh na bliana, a dúirt sé.