Peil oileáin

CRAOLFAIDH TG4 clár faisnéise, Foireann Peile Árann, Dé Domhnaigh ag 9.30pm

CRAOLFAIDH TG4 clár faisnéise, Foireann Peile Árann,Dé Domhnaigh ag 9.30pm. Cathal Watters agus Brian Ó Tiomáin a léirigh agus a stiúraigh. Dúirt Ó Tiomóin go mbíonn go leor deacrachtaí ag an fhoireann de bharr chúrsaí aimsire agus taistil.

Bíonn “coimitmint an-mhór” i gceist le cúis an chlub a chur chun cinn ach bhí an fhoireann ag dul “ó neart go neart” faoi láthair. Bhí dhá fhoireann shinsearacha anois acu agus go leor foirne faoi aois. Amharcfaidh an clár ar iarrachtaí na foirne ardú céime a fháil ón leibhéal sóisearach go dtí an leibhéal idirmheánach.