Pais Chriost

Beocheist: Rinneadh caint agus caibidil go leor ar an scannán nua le Mel Gibson a tháinig amach tamall roimh an Cháisc, The …

Beocheist: Rinneadh caint agus caibidil go leor ar an scannán nua le Mel Gibson a tháinig amach tamall roimh an Cháisc, The Passion of the Christ. Bhí díospóireacht mhór agus cláracha faisnéise ar na meáin chumarsáide uile.

Ar ndóigh, dá mhéad an phoiblíocht is amhlaidh is fearrde lucht na scannán. Bhí míshásamh mór ar an phobal Iúdach agus iad ag maíomh go raibh an rud ar fad frith-Iúdach ó thus go deireadh. Dar le roinnt Protastúnach go raibh barraíocht béime ar Mhuire agus go raibh bunteagasc an tsoiscéil curtha as a riocht.

Is cosúil go raibh an Pápa Eoin Pól II i bhfábhar lena bhfaca seisean, agus bhí an chléir Chaitliceach ag moladh dá dtréad triall ar an phictiúrlann. Ní ligfeadh an chaidéis dom fanacht uaidh agus chuaigh mé féin a dh'amharc air tráthnóna Aoine an Chéasta.

Mar is léir ón ainm, ní saol iomlán Íosa atá idir chamánaibh anseo ach tréimhse iontach teoranta. Tosaíonn an scannán le radharc ón Phianpháis sa Ghairdín agus leanann sé an scéal go dtí an bás ar an Chrann Céasta. Tá radharc beag gairid (mar a bheadh iarsmaoineamh ann) ar an Aiséirí ag an deireadh, nach maireann 60 soicind féin. Diomaite de sin, tá dhá lá i saol Íosa faoi dhianscrúdú. Baintear úsáid éifeachtach go leor as an rud a dtugtar "teicnic an iardhearcaidh" air - is é sin go mbogann an scéal siar chuig eachtraí a tharla le linn mhinistreacht phoiblí Íosa, ach ní áibhéil ar bith é a rá go gcaitear 90 faoin gcéad den scannán ag plé leis an drochíde a d'fhulaing Íosa in uaireanta deireanacha a shaoil.

READ MORE

Is í chéadteanga Íosa féin agus an Laidin a labhraíodh síos tríd. Mheas mé féin gur mó a chuir sin leis an scannán ná a bhain sé de. Bhí na fotheidil breá sásúil agus bíodh is nár aithin mé ach na cúpla focal "Eloi Eloi lema sabachthani" b'amhlaidh a b'inchreidte an scéal. Bhain mé sult as an mhéid a d'éirigh liom a thuiscint den chomhrá Laidine idir Íosa agus Píolóit.

Bhí an suíomh fóirsteanach, na foirgnimh agus an chréafóg chreagach thirim mar a mbeifeá ag dúil leis. Rinneadh taighde fiúntach ó thaobh na staire de agus taobh amuigh de chúpla eisceacht amaideach (ceann acu a thabharfadh Hitchcock i do chuimhne, nuair a théann préachán a dh'ithe na súl as an drochghadaí!) cloíodh go measartha dílis le cuntas na scrioptúr. Ba í an charachtéireacht an bhua a b'fhearr a bhí ag an scannán dar liom féin.

Íosa, Muire, Máire Magdalene, Peadar, Iúdas, Eoin, Síomóin Arimithea a chuidigh le hÍosa an chrois a iompar, Píolóit, na hArdeaglaisigh agus an Sanhedrin, saighdiúirí na Róimhe, bhí siad uile ar ardchaighdeán ó thaobh na haisteoireachta agus ó thaobh na léiritheoireachta de.

Luafainn dhá eisceacht anseo. I gcás Herod, shíl mé go raibh sé ró-amaideach agus róchosúil leis an léiriú a rinneadh air sa cheoldráma Jesus Christ Superstar. I gcás an diabhail, nach raibh gá ar bith leis/léi i mo thuairim féin, thabharfadh a charachtar siúd Gollum sa scannán Lord of the Rings i do chuimhne.

Chuala mé agallamh raidió a cuireadh ar Shasanach mná inar mhaígh sí gur chothaigh an scannán mothúcháin frith-Iúdacha. Dúirt sí go raibh an lucht féachána ag teacht amach as an phictiúrlann agus iad ar deargbhuile agus iad réidh le greim sceadamáin a fháil ar an chéad Iúdach a chasfaí orthu le go dtabharfadh siad a rogha baile orthu agus le go mbainfidís díoltas amach astu as a ndearna siad ar Íosa.

Chonacthas dom féin nach raibh bunús ar bith leis an tuairim chéanna. Bheadh sé chomh hamaideach a mhaíomh go gcothódh an scannán dearcadh frith-Iodálach ós iad saighdiúirí na Róimhe a thug íde na madadh ar Chríost. Ní ionsaí ar chlann Iosrael atá taobh thiar den scannán seo ach ionsaí ar chaimiléireacht na nEaglaiseach a bhí in éad le hÍosa ar an ábhar gur ghoid sé uatha a lucht leanúna agus ar an ábhar gur náirigh sé os comhair an tsaoil go minic iad nuair a léirigh sé gur drong fimíneach a bhí iontu agus gur fearr an tuiscint agus an t-eolas a bhí aige féin ar na scrioptúir.

Thug sé a ndúshlán siúd agus dar leo gur bagairt chontúirteach dóibh féin a bhí ann. Níor éirigh leis an scannán a mhíniú don aineolach gur seo an chúis a spreag an Sanhedrin le fuil Íosa a éileamh ar údaráis na Róimhe.

Caithfidh mé a rá nach bhfacthas dom gur chuir an bhrúidiúlacht le héifeacht an scannáin a bheag ná a mhór. Ní hé gur chuir sé samhnas ná uafás orm ach d'éirigh mé bréan de roimh mórán achair. B'fhada liom an via dolorosa agus Íosa ag iompar na croise amach go Golgotha.

Sé mharc as deich gcinn a thabharfainn féin don scannán seo. Mura bhfaca tú é níor chaill tú seoid ar bith agus is cinnte nach bhfuil sé ar dhóigh ar bith ionchurtha le sáriarracht Zefferelli Jesus of Nazareth.