Pápaireacht

Bhí an t-ádh leis an bPápa gur bhain an Parthalónach Ó hEichtighearna de na cinnlitreacha é

Bhí an t-ádh leis an bPápa gur bhain an Parthalónach Ó hEichtighearna de na cinnlitreacha é. Murach sin is cinnte go mbeifí ag iarraidh air éirí as. Nó go mbeadh mullah buile éigin ag iarraidh a chloiginn.

Is mó píobaire a bhí ag píobarnach go págánta ar ábhar a chuid cainte go dtí go bhfuarthas an t-airgead a chuaigh amú i Manchuin agus an iasacht nár iasacht ach sórt bhronnadh bhuain go dtí gur íocadh ar ais í.

Is fíor gur tarraingíodh anáil mhór fhada sa Vatacáin an tseachtain seo caite, agus cuireadh na buamaí peitril ar ais i gcúlgharáistí na mórshráide Ioslamaí.

Ach is í ceist a bhíothas á cur le tamall ná, an Caitliceach é an Pápa? Ba dhóigh linn riamh go raibh an freagra againn, ach de dheasca na liúnna fiaigh a lean é bhí amhras orainn.

READ MORE

Bhíothas ag iarraidh a thabhairt le fios gur cineál polaiteora dhaonlathaigh é, tuairimí deasa liobrálacha aige, siúcra ar a theanga, liom-leat ina phluc, sluasmaoineamh le sásamh, tamall den bhóthar le siúl le cách aige.

Ach is amhlaidh gur baineadh geit as daoine gur Caitliceach é an Pápa. Cad é eile a dhéanfadh sé ach suí ar chathaoir Pheadair agus bheith ag peadaireacht leis? Is dual do phápa pápaireacht a dhéanamh.

Is dual do mhullah mallaaitheoireacht a dhéanamh. Is dual do imam a bheith ag iomaidh linn. Is dual do mhinistir a bheith ag mionnú. Is dual d'fhianaí Iáivé a bheith ag fiannaíocht. Is dual do mhormon a bheith ag marana ar mhorónaí. Is dual do chonfiúsach a bheith confiúsáilte. Is dual do thuatach a bheith tútach. Is dual don bhúdach a bheith ag...

Chun a gceart a thabhairt don Phápa tá sé ag tabhairt na díospóireachta idirchreidimh ar ais. Cad is fiú dúinn Caitlicigh agus Protastúnaigh agus jéinigh is jaingléirí a bheith againn, más mar a chéile sinn ar fad?

Dá mb'aon chreideamh daonna amháin sinn, cuir i gcás, cá bhfágfadh sin an seicteachas agus an siosma agus an siosarnach só? Bheimis dall go héag ar aon tuiscint a bheith againn ar Dháibhí Ó hIarfhlaithe a thagair do "Sliocht Liútair na gclaonbheart ná géilleann do Chríost", nó do Thadhg Gaelach Ó Súilleabháin a rabhthas ag prapáil chun a naomhaithe suim bhlianta ó shin agus a thug uaidh línte breátha nach bhféadfadh an dara tuairim a bheith ina dtaobh mar gheall ar Íosa "a chuir na dubh-Ghiúdaigh chun báis".

Léirigh an Pápa go binn agus go fileata go raibh an mheabhair is fearr fós de chuid an tríú haois déag aige agus gurb é an scoláire is léannta é timpeall ar thuairimí Manuel Paleologus II.

Mhol sé a ndúirt Plógas (mar a thugtaí coitianta air in Éirinn) sa mhéid is gur mhaígh sé gur chreideamh ba ea Ioslam a raibh idir "olc agus mhídhaonnacht" go smior ann. Bhagair "Leoin an Aon Dia Amháin" - dream Ioslamach - bás agus léirscrios air dá bharr, agus thug dream eile "madra na Róimhe" air. Is róléir gur leibhéal díospóireachta é seo nach sroichfidh an chuid is mó againn go brách ná choíche.

Is maith mar a thuig an Pápa clis na díospóireachta. Ní raibh aon siar ná aniar ann, ach caol díreach anoir isteach san argóint lena dhá chois. Tús obann agus oscailt phléascach mar a chomhairlítí do lucht gearrscéalta a scríobh agus lucht óráidí a thabhairt. Ár gcara Pailiócus chugainn nach mór ar an gcéad leathanach, agus ar eagla go ndéanfaimís dearmad air, é sáite isteach arís in eireaball an aithisc.

Ní hé nach raibh smut éigin den cheart aige á mhaíomh gur tharraing lucht leanúna an fháidh (moladh go deo leis) na claimhte chucu féin agus iad ag scaipeadh an fhocail. Agus go deimhin, ba dhóbair don fhear ón bPolainn ar ball dul as de dheasca an Ioslaim chéanna, nó leagan cam éigin de.

Ina choinne sin - agus ná bacaimis mórán le "Cailbhin coiteann is Lútar craosach/dias do thréig a gcreideamh ar mhéirdrig" ná a sliocht agus a bhfuil de ghunnaí á lámhach acu faoi láthair mar ghlórtha ag scréach insan fhásach - ní léir dom gurbh é an logos úd na Gréige a scaip an creideamh fírinneach cóir do-earráideach ar fud críocha Mheiriceá Theas. Tharla sin, ar ndóigh, i ndiaidh an 13ú haois, agus seans dá mbeadh scéal Pizarro agus Cortez ar eolas aige, agus The Mission feicthe nach mbeadh an oiread sin de hócas á reic ag Plócus.

Is féidir linne ár bpardún a thabhairt don Róimh agus don Phápa soir mar is Críostaithe sinn agus é ginte ionann maithiúnas a thabhairt do dhaoine le Dia. Níl an leithscéal sin ag lucht leanúna an fháidh (Dia á bheannachadh) mar níl lorg spiorad na Gréige agus an réasúin ar a gcreideamh. Nó, sin é adeir an Pápa, agus is Caitliceach é siúd.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar