Oscailt teilifise

Tá treoirlínte nua eisithe ag TG4 dá scéim ghearrdrámaí scannáin, Oscailt

Tá treoirlínte nua eisithe ag TG4 dá scéim ghearrdrámaí scannáin, Oscailt. Faoi na treoracha nua, glacfaidh an stáisiún le saothar beochana ríomhaireachta (flash animation) agus le drámaíocht fhaisnéise.

De réir an stáisiúin, cuirfear fáilte roimh "iarratais ó léiritheoirí scannán a bhfuil cruthaitheacht agus físiúlacht ar leith acu agus a dtig leo a chruthú gurb acmhainn dóibh ábhar nuálach fiscsin i nGaeilge a léiriú don scáileán trí dhrámaíocht, anamúlacht nó drámaíocht fhaisnéise ar bhealach a thugann léargas nua ar shaol na linne seo".

Scannáin idir 10 agus 26 nóiméad atá i gceist.

I ráiteas scríofa, dúirt Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Proinsias Ní Ghráinne: "Cé gur éirigh thar cionn le scannáin Oscailt go dtí seo, cuirfidh an leathnú seo borradh nua faoin scéim. Ó thaobh na beochana de, is athinisint ar sheanscéal a bhí sa saothar Give up yer owl sins a fuair ainmniúchán do ghradaim Oscar i mbliana. Tá stór iontach scéalta i mbéaloideas na Gaeilge a bheadh feiliúnach do mheán na beochana.

READ MORE

"Den chéad uair riamh, fáilteoimid roimh scéalta atá foilsithe cheana. Ba mhaith linn na scéalta is fearr ó nualitríocht na Gaeilge a chur ar scáileán. Tá go leor scéalta idir fhíorasach agus fhicsean ag muintir na hÉireann freisin. Go minic, is fearr a leithéid a insint sa mhodh dhrámaíocht fhaisnéise."

Tá eolas agus treoirlínte le fáil ag www.tg4.ie nó 091-505050.