Oireachtas na Gaeilge ag filleadh ar bhruacha Laoi

TÁ AN tULLMHÚCHÁN uilig déanta d'Oireachtas na Gaeilge agus beidh stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, ag cur aithne …

TÁ AN tULLMHÚCHÁN uilig déanta d'Oireachtas na Gaeilge agus beidh stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, ag cur aithne ar a chuid seanchairde arís eile agus, gan amhras, ar chara nua nó beirt, á scríobh ag Pól Ó Muirí, Eagarthóir Gaeilge.

Is ag súil le scaifte 10,000 duine a bheidh Ó Maolaodha agus an tOireachtas ar siúl i gcathair Chorcaí go dtí an Domhnach. "Oilithreacht bhliantúil," a thugann sé ar an ócáid chultúrtha.

Bhí an fhéile ar siúl i gCorcaigh in 2005 agus "d'éirigh chomh maith sin leis go bhfuil sé ina ábhar cainte fós ag muintir na háite agus ag an gcuairteoir chomh maith," a dúirt sé.

Beidh sé ag súil go mbeidh an chaint chéanna ar an chuairt seo cois Laoi go ceann na gcianta agus na hiomaitheoirí agus cuairteoirí ag triall ar Óstán Bhaile an Róistigh do na comórtais ardáin agus eile.

READ MORE

Mar is gnách, beidh comórtais in amhrán ar an sean-nós, damhsa ar an sean-nós, scéalaíocht agus agallamh beirte ar siúl le linn na féile. Lena chois sin, beidh seó ar leith eile - tabharfaidh an fear grinn, Des Bishop, gig i nGaeilge mar chuid de na himeachtaí.

Tá aithne mhaith ag pobal na hÉireann faoi seo ar Bishop as a chláir theilifíse, ina measc, In the Name of the Fada. Mar a dúirt Ó Maolaodha, is é Bishop "an duine is deireanaí nár tógadh le Gaeilge ach atá tógtha léi".

Bhí Bishop "an-tugtha" leis an Oireachtas anuraidh, a dúirt Ó Maolaodha agus fonn air filleadh. "Ag fás amach as imeachtaí do dhaoine óga agus mic léinn," a tháinig seó Bishop agus lucht an Oireachtais ag iarraidh daltaí tríú leibhéil a mhealladh. Bhí 300 mac léinn ollscoile acu anuraidh agus tá "cleamhnas nádúrtha" idir iad agus Bishop. (Tá ticéid do sheó Bishop i dTeach an Cheoldráma fós ar fáil.)

Ar na buaicphointí eile a luann Ó Maolaodha, beidh babhtaí ceannais an chomórtas damhsa ar an sean-nós, Steip; oscailt Thaispeántas Ealaíne faoin teideal 'Aisling' sa Cork Vision Centre agus, ar ndóigh, amhráin ar an sean-nós, Corn Uí Riada.

Agus bíodh is go bhfuil an t-ullmhúchán déanta don bhliain seo, tá Ó Maolaodha agus a fhoireann bheag chomrádaithe i mbun réamhullmhúcháin d'Oireachtas 2009 i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, agus 2010 i gCill Áirne, Co Chiarraí.

Ní obair go hOireachtas!

Oireachtas na meán

NÁ BÍODH IMNÍ ort mura dtig leat bheith i láthair don Oireachtas; beidh Raidió na Gaeltachta agus TG4 beirt ag craoladh réimse clár beo as Corcaigh le linn na féile.

Tá TG4 ag cur go mór lena gclúdach beo ar imeachtaí an Oireachtais i mbliana. Craolfar Nuacht TG4 anocht, san oíche amárach agus oíche Aoine ag 7pm as Corcaigh. Le linn Nuacht TG4 anocht, beidh aitheasc oscailte an Oireachtais leis an Uachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa, le feiceáil beo.

Craolfaidh TG4 comórtas damhsa ar an sean-nós, Steip, Dé Sathairn idir 3pm agus 5.30pm agus beidh clár cainte agus ceoil acu oíche Shathairn, Oireachtas 2008, idir 9pm agus 11pm. Le linn an chláir, beidh clúdach beo ar an ghlaoch ar ais le linn Chorn Uí Riada, an dara hamhrán ag iomaitheoirí a bhain gearrliosta na moltóirí amach.

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag déanamh obair na gcapall craolacháin fosta agus mórán clár beo ag teacht as Corcaigh. Beidh Helen Ní Shé ag cur An Saol ó Dheas i láthair ón ródaí sa chathair inniu ag 12.08pm agus beidh Géill Slí le Rónán Mac Aodha Bhuí agus Dónal Mac Ruairí ó Halla na Cathrach ag 9pm.

Beidh Seó Beo an tSathairn ag 11am Dé Sathairn ó Chorcaigh; Corn Uí Riada ag 7pm agus Faoi Chaibidil, clár nua cúrsaí reatha le hÁine Ní Chiaráin Dé Domhnaigh ag 1.10pm.

Beidh le feiceáil

IS É "Feachtas na Feiceálachta: Seachnaíonn Súil Ní Nach bhFeiceann" is ábhar do sheimineár Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl le linn an Oireachtais i gCorcaigh ag 11am in Óstán Bhaile an Róistigh, Dé Sathairn.

Labhróidh Donnchadh Ó Corráin, Pádraig Breandán Ó Laighin agus an t-abhcóide Dáithí Mac Cárthaigh, iar-uachtarán an Chonartha, ar na hábhair éagsúla a bhaineann le feachtas na feiceálachta.

Dúirt uachtarán an Chonartha, Pádraig Mac Fhearghusa, go raibh an t-eagras ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí i saol an phobail. Bhí an Conradh le feachtas "simplí sothuigthe" a thosú.

Mhol siad go mbeadh an leagan ceart Gaeilge de logainm sofheicthe ar chomharthaí bóthair agus go mbeadh Gaeilge le feiceáil ar phacáistí bia.

Is maith Craos

DRÁMA GRINN a bhfuil ábhar machnaimh ann, aisteoireacht den scoth agus caint spleodrach deisbhéalach: sin atá i ndán do lucht féachana an dráma Craos le Darach Ó Scolaí a bheidh ar siúl sa Unitarian Church, Sráid an Phrionsa, Corcaigh ón oíche anocht go dtí an Domhnach ag 8pm, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Agus Oireachtas na Gaeilge ar siúl i gCorcaigh tá súil agam go mbeidh slua níos mó i láthair ag Craos ná mar a bhí i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Ní raibh thar 20 duine in amharclann bheag The New Theatre, i mBarra an Teampaill Dé hAoine seo caite. Ba mhór an trua é mar léiriú snasta proifisiúnta a chuir an compántas nua Salamandar ar an stáitse ann.

Ceathrar atá sa chliar, agus aisteoir den scoth gach duine acu: Nóra (Caitlín Ní Chonghaíle) a mhaireann i ndomhan fantasaíochta dá cuid féin agus a shamhlaíonn scata custaiméirí ag teacht ag ithe sa bhialann bheag atá aici: a nia Seán (Pádraic Ó Tuairisc) agus a bhean Caitlín (Caitríona Ní Chonaola) atá ina gcónaí le Nóra agus fear an phoist Tommy (Peadar Ó Treasaigh) a bhí i ngrá le Nóra tráth.

Cothaíonn an triúr seo an dallamullóg atá ar Nóra ar chúiseanna éagsúla, go dtí go gcuireann Caitlín cos i dtaca agus téann an cur i gcéill ó smacht.

Mar a bheifeá ag súil ó Dharach Ó Scolaí, údar an úrscéil An Cléireach, caint shaibhir atá sa dráma, go mórmhór ó Nóra agus Caitlín agus iad in adharca a chéile; ach d'fhéadfadh duine ar bheagán Gaeilge an scéal a leanúint mar tá neart geáitsíochta ar siúl ag na haisteoirí agus iad ag iarraidh tabhairt le fios go bhfuil bialann ardnósach á reachtáil acu.

Bhí beirt Indiach ó Oileán Muirís i láthair Dé hAoine agus ní raibh deacracht acu an scéal a leanúint. Spreagann an dráma go leor ceisteanna faoin chur i gcéill a chleachtaíonn daoine ar mhaithe leo féin agus ar mhaithe le daoine eile. Is fiú go mór é a fheiceáil.

Beidh Craos le feiceáil i gCultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Béal Feirste, idir an an Déardaoin 6ú agus an Satharn 8ú, Samhain, ag 8pm.

aitheascaddress - ardnósachformal - cleamhnasmatch - craosgluttony - cur i gcéilldeception - deacrachtdifficulty - deisbhéalachwell-spoken - earraígoods - geáitsíochtgesturing - imeachtaíevents - nádúrthanatural - snastapolished - taispeántasdisplay - ullmhúchánpreparation