Oiliuint anall

Beocheist: Is mó tairbhe agus buntáiste atá bainte amach ag muintir na hÉireann thar na blianta de bharr fondúireachtaí éagsúla…

Beocheist: Is mó tairbhe agus buntáiste atá bainte amach ag muintir na hÉireann thar na blianta de bharr fondúireachtaí éagsúla na Stát Aontaithe. American foundations are doing much to help the cause of Irish education, writes Micheál W Ó Murchú

Nuair a luaitear na sloinnte Carnegie agus Kellogg admhaítear láithreach go bhfuil suimeanna móra airgid agus bunchlocha infheistíochta caite acu i réimsí na leabharlann, an oideachais agus forbairt na tuaithe.

Cuireadh an t-airgead ar fáil na tráthanna go raibh na réimsí úd go mór i ndíth acmhainní stáit, ach go háirithe. Sampla maith de dhaonchairdeas na bhfondúireachtaí seo is ea An Grianán, Co Lú.

Cheannaigh Kellogg teach Victeoiriach i dTearmann Feichín sa bhliain 1954 agus bronnadh ar Bhantracht na Tuaithe é ar mhaithe le muintir na hÉireann.

READ MORE

Ba é seo an chéad choláiste cónaithe don oideachas aosach sa tír agus tá an Grianán ag feidhmiú ar an mbonn sin ó shin i leith.

Tá an cúrsa seachtaine ina bhunchloch do chur chuige na Bantrachta sa Ghrianán.

Le déanaí, bhi ionú agam seal a chaitheamh ann ag plé le cúrsaí Gaeilge do na timirí Gaeilge a bhíonn ag obair ar fud na tíre faoi choimirce na Bantrachta. Tháinig ionadaí ó gach contae go dtí Tearmann Feichín do Sheachtain Oiliúna na dTimirí.

Go hiondúil, caitheann an timire tréimhse trí bliana i mbun na Gaeilge agus a mbaineann léi a chur chun cinn. Is tríd na craobhacha éagsúla agus an cónascadh sa chontae a oibríonn an timire.

Tugann na laethanta sa Ghrianán deis dóibh plé agus pleanáil a dhéanamh - féachaint siar ar an mbliain a d'imigh tharainn agus féachaint ar aghaidh ar an mbliain romhainn. Bíonn ranganna Gaeilge, céilí, Tráth na gCeist, rincí seiteanna, seisiúin amhránaíochta agus ceoil ar siúl.

D'fhreastail cúigear ionadaithe ó Institiúid na mBan i dTuaisceart na hÉireann ar an gcúrsa i mbliana.

Ag seisiún deiridh na seachtaine labhair Rosemary Kennedy as Contae Aontroma thar ceann na gcuairteoirí:

"Rosemary is ainm dom. Is mór an chúis áthais dom mo bhuíochas a chur in iúl do Bhantracht na Tuaithe, an lucht urraíochta agus gach duine a bhí bainteach leis an gcúrsa seo.

"Bhíomar an-sásta leis na deiseanna a tugadh dúinn an Ghaeilge a fhoghlaim. Agus sinn ag teacht anseo, mar a thuigfeá, ní raibh a fhios againn cad go díreach a bhí romhainn.

"Is mian linn a chur in iúl gur bhaineamar an-taitneamh as bheith libh agus as bheith ag foghlaim na Gaeilge, teanga álainn gan amhras. An t-aon fhocal amháin a bhí ar eolas againn roimh ré ná "fáilte" agus chonaiceamar é sin ag an stáisiún artola ar an mbealach.

"Nuair a bhainfimid ceannáras na hInstitiúide i mBéal Feirste amach, cuirfimid tuairisc ar fáil ar an gcúrsa don gcoiste feidhmiúcháin agus beidh tuairisc sa tréimhseachán a chuireann an Institiúid ar fáil sa Tuaisceart fosta.

"Bhí spraoi againn sa Ghrianán agus d'fhoghlaimíomar cuid mhaith faoin Ghaeilge agus faoin gcultúr Gaelach. Go raibh maith agaibh."

BÍONN cúrsaí lae, seachtaine agus deireadh seachtaine ar siúl ó cheann ceann na bliana i raon leathan ábhar, cuir i gcás, na healaíona, ceardaíocht, forbairt phearsanta, féinchúram. Tá an-éileamh ar na cúrsaí san fhéinfhorbairt inniu.

Bíodh is gurb eagraíocht ban í an Bhantracht níl aon bhac ar na fir freastal ar na cúrsaí. Tá an deireadh seachtaine ar rincí seiteanna ar an gcúrsa is mó éileamh dá leithéid.

Cad é an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm sa Ghrianán? Bheith ag plé le daoine fuinniúla, flosc chun foghlama orthu agus iad ag tnúth le dul i mbun oibre sna craobhacha, i gCónascthaí na Bantrachta agus tríothu i measc an phobail chun leas na Gaeilge agus an chultúir - agus é sin a dhéanamh ar bhonn deonach.

Cé a chreidfeadh i 1954 go mbeadh tionchar ag muintir Kellogg ar an nGaeilge agus ar chúrsaí trasteorainneacha in Éirinn sa bhliain 2002?