Oiliuint Achta

Sheol Coimisinéirí Teanga na hÉireann agus Cheanada, Seán Ó Cuirreáin agus Dyane Adam faoi seach, cúrsa nua iarchéime sa Chleachtas…

Sheol Coimisinéirí Teanga na hÉireann agus Cheanada, Seán Ó Cuirreáin agus Dyane Adam faoi seach, cúrsa nua iarchéime sa Chleachtas Dátheangach i mBaile Átha Cliath inné.

Cuireann an chéim oiliúint ar fáil do dhaoine chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm. Is é FIONTAR an t-aonad náisiúnta don oideachas fiontraíochta trí mheán na Gaeilge a bheidh ina bun.

Tosóidh na chéad mhic léinn ar an chúrsa i nDeireadh Fómhair na bliana seo.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin go mbeadh iachall ar chomhlachtaí poiblí, de réir dlí, ón chéad lá de Bhealtaine 2004 cur go mór leis na seirbhísí i nGaeilge a chuireann siad ar fáil: "Ón lá sin ar aghaidh, beidh orthu a dtuarascálacha bliantúla agus cáipéisí tábhachtacha a fhoilsiú go comhuaineach sa dá theanga oifigiúla"

READ MORE

Dúirt sé gur chúis áthais dó an comhoibriú a bhí á bhunú idir a oifig féin agus oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla i gCeanada; bhí cuid mhór le foghlaim ag an Stát ón taithí a bhí acu féin ar an dátheangachas a chur chun cinn sa státchóras.

Chuir an Dochtúir Dyane Adam béim ar thábhacht oiliúna don dátheangachas: "Tá sé rí-thábhachtach oiliúint a sholáthar d'oibrithe sa tseirbhís phoiblí ar riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ar bhunphrionsabail chothromaíocht teangacha.

"Is céim riachtanach í seo chun seirbhísí rialtais a chur ar fáil atá éifeachtach agus atá ag freagairt do riachtanais na saoránach."

Mhol sí FIONTAR as an chéim a ullmhú agus dúirt nach raibh a leithéid ar fáil i gCeanada; dea-eiseamláir dá tír féin a bhí sa chúrsa céanna.

Dúirt Stiúrthóir FIONTAR, an Dochtúir Peadar Ó Flatharta, go raibh sé cinnte go mbeadh éileamh ag daoine ar an chúrsa agus, cé go raibh sé dírithe ar dhaoine a mbeadh cúram chur i bhfeidhm an Acht Teanga orthu, bheadh sé fóirsteanach do dhaoine ar spéis leo éagsúlacht teangacha.

Dhéanfaí cuid den teagasc ar líne, rud a chiallódh go mbeadh daoine ábalta páirt a ghlacadh i ranganna áit ar bith in Éirinn.

Tá FIONTAR ag glacadh le hiarratais anois. Eolas: 01-7007590 nó www.dcu.ie/fiontar