O hAolain i mbun Udaras na Gaeltachta

Is é Leas-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, a thiocfaidh i gcomharbacht ar an Phríomhfheidhmeannach…

Is é Leas-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Pádraig Ó hAoláin, a thiocfaidh i gcomharbacht ar an Phríomhfheidhmeannach reatha, Ruán Ó Bric, i mí Aibreáin, a d'fhógair an tÚdarás i ráiteas Dé Luain.

Is in am cinniúnach a thógann Ó hAoláin cúram an eagrais air féin. Tá athbhreithniú ar ról an Údaráis ar siúl ag an Rialtas agus mairfidh an próiseas sin go dtí an Aoine, 25ú Feabhra.

I ndiaidh dóibh scrúdú a dhéanamh ar an Údarás agus ar aighneachtaí ón phobal, tá rún ag an Rialtas an reachtaíocht faoina bhfeidhmíonn an t-eagras a leasú. Lena chois sin, beidh an chéad toghchán eile do bhord an Údaráis ar siúl ag tús mhí Aibreáin.

Is tréimhse ghlórach lán tuairimíochta í tráth toghchánaíochta Údaráis ina nochtanna mórán polaiteoirí agus gníomhaithe teanga a gcuid barúlacha faoina ról. Is faoi Ó hAoláin a bheidh sé feidhmiú le bord úr, féacháil lena gcuid mianta a shásamh agus, ar ball, plé le reachtaíocht nua agus le cuspóirí nua.

READ MORE

Tá polasaithe an Údaráis faoi scrúdú le tamall. Is gearán measartha coitianta é i measc lucht na teanga anois gur chuir an t-eagras róbhéim ar a ról forbartha eacnamaíochta, is é sin, "poist mharthanacha a chruthú agus infheistíocht a mhealladh go dtí na réigiúin Ghaeltachta" agus nach raibh an aird chéanna acu ar ghníomhaíochtaí "forbartha pobail, cultúrtha agus teanga, ag obair i bpáirtíocht le pobail agus eagraíochtaí áitiúla".

Chreid lucht an Údaráis go gcuirfeadh fostaíocht bonn faoi eacnamaíocht na gceantar, nach mbeadh ar dhaoine an ceantar a fhágáil agus, dá réir sin, go dtiocfadh an teanga slán.

Ní mar sin a bhí i gcónaí, áfach. Cé gur éirigh leis an Údarás postanna a chruthú, níorbh ionann sin agus a rá gur lean daoine de bheith ag caint Gaeilge. Tá tuairimíocht i measc saineolaithe anois nach leor forbairt tionsclaíochta ann féin mar straitéis athnuachan agus caomhnaithe teanga.

Agus é faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta le deireanas, mar shampla, dúirt an tOllamh Micheál Ó Cinnéide, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, gur "deacair a rá gurb é Údarás na Gaeltachta is a chuid monarchana a rinne an damáiste. Is féidir linn a rá go cinnte go bhfuil an Ghaeilge níos laige sna ceantair Ghaeltachta is forbartha."

Chuaigh an colún seo i dteagmháil le roinnt daoine féacháil cad é na moltaí a bhí acu féin i leith an Údaráis agus cén leasú a mholfadh siad.

Tá Aodh Mac Laifeartaigh ina chathaoirelach ag Coiste Céim Aniar, grúpa pobail teanga ar na Dúnaibh, Co Dhún na nGall. Tá an ceantar ar cheann de na ceantair is laige ó thaobh labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht Chonallach.

Mhol sé Ó hAoláin mar fhear ábalta ach dúirt go raibh "fuinneamh agus dearcadh úr de dhíth" ar an Údarás mar go raibh siad i ngreim ag an ghnáthamh le blianta.

Ba cheart, a dúirt sé, go mbeadh na cúraimí ar fad atá ar chomhairlí contae ar Údarás na Gaeltachta amháin agus nach mbeadh d'údarás oifigiúil sa Ghaeltacht ach é. Bhí "meascán ceart" idir na cumhachtaí a bhí ag comhairle contae, Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta: "Níl tús ná deireadh leis."

Is beag spéis a bhí ag oifigigh phleanála i gcúrsaí teanga ná sna himpleachtaí teanga a tháinig as na cinnithí pleanála a rinne siad. Bhí sé "náireach na rudaí a bhí ag tarlú" sa Ghaeltacht ó thaobh pleanála de, a dúirt sé.

Mhol sé don Údarás plean teanga a réiteach don Ghaeltacht ar fad agus oifigí réigiúnacha a oscailt i gceantair, ar nós na nDúnaibh, le go mbeadh níos mó teagmhála ag an phobal leis an Údarás.

Thacaigh stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Ó Ceithearnaigh, leis an éileamh faoi chúrsaí pleanála; ba "léir ón méid atá feicthe ó thaobh pleanála fisiciúla le tamall anuas go bhfuil gá le húdarás pleanála sa Ghaeltacht a thuigeann tábhacht na teanga don Ghaeltacht. D'fhéadfadh an ról seo bheith ag an Údarás ach bonn reachtúil an-soiléir a bheith faoi."

Dúirt an gníomhaí teanga i gConamara, Donncha Ó hÉallaithe, go raibh "éacht" déanta ag an Údarás ag cruthú fostaíochta ach gur theip orthu dul i ngleic le caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail. "Amaitéarachas, easpa tuisceana, easpa tola agus reachtaíocht lochtach is cúis leis seo," a dúirt sé.

"Caithfear an reachtaíocht a leasú le go mbeidh ceangal ar an Údarás forbairt a dhéanamh, sa gcaoi is nach mbeadh sé ceadmhach aon cheo a dhéanamh a lagódh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht."

Mhol sé fosta struchtúr nua toghchánaíochta a chur i bhfeidhm le "nach mbeadh an bord déanta suas de chomhairleoirí contae ar an gcuid is mó, ar thábhachtaí leo na suíocháin ar an gComhairle Contae a choinneáil ná dul i ngleic leis na fadhbanna atá ag pobal labhartha na Gaeilge sa Ghaeltacht an teanga a choinneáil beo."

Is léachtóir ar Ollscoil Bhaile Átha Cliath é John Walsh. Tá sé ag críochnú PhD faoi láthair ar an Ghaeilge agus forbairt shocheacnamaíochta na hÉireann.

Dúirt sé: "Dúradh sa reachtaíocht faoinar bunaíodh an tÚdarás gurbh é "caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht" an phríomhfheidhm a bheadh aige. Luadh gníomhaíochtaí tionsclaíochta sa dara háit. Cé gur éirigh thar na bearta leis an Údarás an dara feidhm seo a bhaint amach, is ag dul i léig go tréan atá úsáid na Gaeilge."

Ba mhaith leis go ndéanfaí atheagar ar struchtúr an eagrais. Mhol sé go mbunófaí ceithre rannóg úra a bhain le cúrsaí pleanála teanga, forbairt gnó Gaeilge, cúrsaí pleanála fisiciúla agus forbairt pobail.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, gurbh é an buntáiste ba mhó a bhí ag an Údarás go raibh "sé préamhaithe sa Ghaeltacht agus úinéireacht ag pobal na Gaeltachta air. Tháinig ann dó de thoradh gearáin ón phobal faoi neamhaird an Rialtais maidir le riachtanais na Gaeltachta."

Chreid sé go raibh "athchruthú déanta aige cheana air féin. Trí dhíriú ar fhostaíocht thionsclaíoch d'éirigh leis an Údarás feabhas a chur ar gheilleagar na Gaeltachta, feabhas a bhí le haimhleas na teanga féin ar uairibh, a deir saineolaithe áirithe. Le blianta anuas, áfach, tá athrú treo tagtha ar chlár an Údaráis agus fáiltítear roimhe. Tugtar suntas níos mó anois do thograí teanga-lárnaithe agus cinn atá ag teacht leis an linn ardscileanna atá ar fáil sa Ghaeltacht.

"Dá fheabhas iad na beartais reatha, níor leor iad le stádas teanga na Gaeltachta a chaomhnú. Gné de pholasaí teanga an Stáit í an Ghaeltacht agus caithfear cur le cumhachtaí an Údaráis chun nach mbeidh a chuid oibre á chur ó mhaith ag codanna eile den statchóras.

"Ba chóir fresin go mbeadh ceangail fhoirmeálta ag an Údarás leis na hinstitiúidí stáit eile atá ag plé leis an nGaeilge agus leis an earnáil dheonach. Ba cheart go mbeadh léargas cuimsitheach le fáil ón Údarás ar staid shocheacnamaíoch na Gaeltachta agus ba chóir don Údarás bheith ina abhcóide éifeachtach ar son riachtanais na Gaeltachta."

Cé hé féin? Is as Cloch Shiúrdáin, Co Thiobraid Árann, Ó hAoláin ó dhúchas. Is céimí de chuid Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, é agus tá céim sa dlí aige ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tá taithí leathan aige le gnéithe éagsúla de chúrsaí forbartha agus teanga sa Ghaeltacht ón uair a thosaigh sé ag obair le Gaeltarra Éireann i 1970. Chuaigh sé a dh'obair le hÚdarás na Gaeltachta nuair a bunaíodh an t-eagras sin sa bhliain 1980.

Dúirt duine amháin faoi go raibh "fís iomlán" ag Ó hAoláin don Ghaeltacht agus gur thuig sé do dhá eite an Údaráis - taobh na tionsclaíochta agus na teanga. Thiocfadh dó go mbeadh "brú" air dá bharr sin nó shílfeá gach duine go raibh cara sa chúirt acu.

Tá Ó hAoláin aitheanta mar chumadóir amhráin; ba é a chum Coilín Phádraig Shéamais, ceann de na hamhráin is clúite san amhránaíocht nua-aimseartha.

Cad is ÚnaG ann? Bunaíodh Údarás na Gaeltachta, mar "ghníomhaireacht fhobartha régiúnach" agus é mar ráiteas misin acu: "an Ghaeltacht a bhuanú agus a neartú agus an Ghaeilge a chur chun cinn ionas gur féidir le pobal láidir féinmhuiníneach forbairt chun a lánchumas a chomhlíonadh agus caighdeán ard beatha a bhaint amach."

Tá 20 comhalta ar bhord an Údaráis. Toghann pobal na Gaeltachta 17 duine acu sin agus ceapann an Rialtas triúr eile, ina measc an cathaoirleach.

Tá príomhoifig an eagrais ar na Forbacha, Co na Gaillimhe, agus tá oifigí réigiúnacha i gContaetha Dhún na nGall, Chorcaí, Chiarraí agus Mhaigh Eo.