Nuafhocail

IS BEAG rud nua faoin spéir seachas maidin an lae amáraigh, agus bhí sin againn inné

IS BEAG rud nua faoin spéir seachas maidin an lae amáraigh, agus bhí sin againn inné. Dá mhéid a fhásann an t-eolas is ea is mó a chrapann an ghaois, agus is den eolas agus den fhaisnéis an saol ar fad anois. I gcaitheamh na mblianta fada i stair an chine dhaonna ní raibh léamh ná scríobh ag an duine; agus ní hea amháin nach raibh léamh ná scríobh aige, níorbh eol dó a leithéid a bheith ann. B’éigean gach a raibh ar eolas a iompar timpeall laistigh den bhlaosc bheag sin.

Sa lá atá inniu ann, is féidir na blianta a chaitheamh ar thráchtas dochtúireachta a thaispeáineann ar deireadh thiar thall nach muiníneach lucht an airgid. Fadó deirtí “Is sleamhain iad leaca an tí mhóir,” agus bhí an t-eolas céanna agat. Bíonn síceolaithe ag clascairt a chéile agus ag gabháil de phianpháis ar lucha beaga deasa d’fhonn a fháil amach an láidre tionchar an oideachais nó na timpeallachta ar dhuine seachas a bhfuil de bhuanna aige ó nádúr. Fadó deirtí “Is treise dúchas ná oiliúint” agus b’shin deireadh na hargóna go héag. Scríobhfar leabhair mhór ramhra fós ag iarraidh a chiallú conas a tharla gur cheap daoine go raibh tallann de shaghas ar bith ag Jedward, ach ar ndóigh, “Dhá dtrian den damhsa is ea an chosúlacht”.

Is iontach mar a cheapann an nath an ghaois. Ní raibh againn ach iad roimh theacht an léinn, ach chuimsigh siad fios feasa na gcianta laistigh de chnó beag cainte amháin. Tá litríocht na Gaeilge breac leo agus bhí tráth ann nuair gurbh ionann dea-scríbhneoireacht agus iomad seanfhocal ríofa trína raibh á rá agat. Is é a dhála céanna ag litríochtaí eile é. Deir Chinua Achebe “proverbs are the palm-oil with which words are eaten”, agus ba dhóigh leat ar a chuid carachtar go minic nach raibh faic le rá acu féin, ach gurb iad na seanfhocail a bhí ag caint ar a son.

Stíl mhachnaimh is ea an stíl sheanfhoclach. Na céadta nath mar sin bhí ag Íosa fág nach dtuigtear fós é. Cad is brí le “Ach tá mórán ar thosach a bheidh ar deireadh, agus ar deireadh a bheidh ar thosach,” murab é go raibh sé ag tabhairt le fios go mbuafadh Liatroim Craobh na hÉireann?

READ MORE

Ráitis gan chomhthéacs mar sin ar fad atá ag Confucius: “Cara is ea an ciúnas nach mbraithfidh choíche ort,” nó “Bíodh meas agat ort féin, agus beidh meas ag daoine ort.” Ní fearrde a leithéid go ndúirt Confucius iad, gan amhras, mar bhí a leithéid riamh i measc na ndaoine.

Cuid de na fealsaimh ba spéisiúla is i nathanna mar sin a tháinig na léaspairtí chucu. Cé gurbh eolaí agus gur mhatamaiticeoir den chéad scoth é Blaise Pascal tá cuimhne anois air toisc gur bhreac sé smaointe fáin ar bhlúiríocha páipéir ar a bhfuil na Pensées ardcháile anois orthu.

B’eisean a dúirt srón Chleopatra ach í a bheith níos giorra go ndéanfaí claochlú ar aghaidh na talún; ach in Acaill deireadh siad “Is mór an fad orlach ar shrón duine” ag tagairt dóibh, b’fhéidir, don fhiosracht áitiúil.

Léaspairtí aonair mar sin is ea an chuid is fearr de Nietszche, nó ba ea go dtí gur chaith sé é féin an fhuinneog amach chun capaill a phógadh. Ní fhéadfadh Wittgenstein smaoineamh ar a mhalairt de shlí chun breith ar an bhfírinne luaineach.

Abairtí aonair scoite is ea scoth na fealsúnachta uaidh. “Don té a bhfuil fíorchreideamh aige, níl ann don traigéide.” “Dá mbeadh caint ag an leon, ní thuigfimis é.” “Níl aon ní is deacra ná gan dallamhullóg a chur ort féin.” Cheapfá gur bailithe ón Seabhac a bhí siad.

Ina choinne sin thall, nuafhocail ba ea gach seanfhocal nuair a tuismíodh é. B’éigean do dhuine éigin iad a cheapadh as fhuil fhuar nó the.

Dá réir sin, is den riachtanas nuafhocail a chumadh gach maidin is ardtráthnóna, agus an té a chromfadh ar a dhéanamh, ba ghairid go dtuigfí dhó nár dheacair é. Taibhreamh nuafhocal a bhí agam féin agus tháinig seo a leanas amach as, fág nach bhfuil a fhios agam cad is brí lena leath:

An madra a itear sa bhaile, ní bhfaigheann na comharsain aon bhlas air. Dá mhéid an bolg is ea is mó nach bhfeictear ladhracha na gcos. An scriú a ghabhann isteach cam, ní dhíreofar é go brách. Nuair a theipeann ar ghnó an tógálaí déanann an bríce féin rince le háthas. Is gá stoc an mhargaidh a leagadh chun cith dreancaidí a mhúscailt.

I lúib gach cruinnithe istigh tá ar a laghad aon bhalaics amháin. Is fearr a thuigeann an broc an tochailt ná mar a thuigeann an fealsamh. An rud a thosnaíonn i gcloigeann an amadáin, faigheann sé nead i gceann an eacnamaí...

Tá na céadta díobh agam, ach caoi lena n-úsáid.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar