Nic Cormaic ag cumadh cheol na bhfáinleog

Míreanna: Cuas na bhFáinleog/The Hollow of the Swallows is ainm don albam nua ceoil le hAoife Nic Cormaic

Míreanna:Cuas na bhFáinleog/The Hollow of the Swallows is ainm don albam nua ceoil le hAoife Nic Cormaic. Fidléir ó Bhaile Átha Cliath ó dhúchas í agus seo an chéad albam dá cuid.

Tá 13 píosa nuachumtha ar an dlúthdhiosca agus tá Frank Tate (bouzouki), Steve Larkin (fidil), Kevin Murphy (dordveidhil) agus Paul Conlon (bodhrán) le cluinstin ina cuideachta.

Is fada Nic Cormaic i mbun ceoil agus bhí sí ar camchuairt le Kíla, Phil Callery agus Aoife Ní Fhearraigh. Lena chois sin, tá cláir fhaisnéise ar chúrsaí ceoil déanta aici do TG4, ina measc, Concerto Chaitlín Maude agus Aisling Gheal Uí Riada. Oibríonn sí le RTÉ.

Eolas:cuasnabhfainleog@gmail.com

READ MORE

‘An teanga agus a luach’

Reachtálóidh Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, comhdháil lae ar an téama “An teanga is a luach: ról na Gaeilge in eacnamaíocht na hÉireann” Dé Sathairn, 9ú Márta, i mbliana.

Dúirt oifigeach Gaeilge an choláiste, Caitríona Breathnach, gur “buntáirge luachmhar” a bhí sa Ghaeilge agus go raibh “ról lárnach aici i bhféiniúlacht an phobail”.

Scrúdóidh lucht na comhdhála an gaol “íogaireach” seo idir eacnamaíocht agus teanga, ag cur cúrsaí fostaíochta, oidhreachta agus cumarsáide san áireamh.

Is é an Dr Breandán Ó Caoimh, Roinn na Tíreolaíochta, Coláiste Mhuire gan Smál, a thosóidh na himeachtaí le caint faoi thíreolaíocht na tuaithe faoi láthair.

I measc na gcainteoirí eile beidh: Mícheál de Mórdha, Bainisteoir ar Ionad Oidhreachta an Bhlascaoid; Máire Ní Neachtain, Ceann Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire gan Smál; Tomás Mac an Iomaire, craoltóir le Raidió na Gaeltachta agus léiritheoir neamhspleách i dtionscal an raidió; Páidí Ó Lionáird, a chuireann an clár cúrsaí reatha, Seacht Lá, i láthair ar TG4 agus Dara Ó Cinnéide, láithreoir ar RnaG agus TG4.

Eolas:061-204596 nó Ciara.NiShuilleabhain@mic.ul.ie

Bláthnaid Ó Brádaigh ina huachtarán úr oireachtais

Bláthnaid Ó Brádaigh atá ainmnithe ina huachtarán ag Oireachtas na Gaeilge, 2013.

As Glas Naíon, Baile Átha Cliath, a thagann sí ó dhúchas agus tá baint fhada aici le cúrsaí teanga ar bhonn náisiúnta.

Chaith sí seal fada le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i bpostanna sinsearacha agus is fada í ag plé leis an oireachtas mar chomhalta agus mar chathaoirleach.

Dúirt sí go raibh ríméad uirthi an onóir a ghlacadh; eagraíocht náisiúnta a bhí san oireachtas agus bhí “an-bhród orm a bheith ag seasamh ar son eagraíochta atá chomh lárnach sin i gcur chun cinn agus i gcaomhnú theanga agus chultúr dúchais na tíre seo”.

Is i gCill Airne, Co Chiarraí, a bheidh Oireachtas na Samhna.