Ni mor duinn dushlan an abharachais a thabhairt

 

N'fheadair mé an dtiocfaidh an lá amárach seo luath nó mall ach tiocfaidh sé, chomh cinnte le Dia, fad is gur ann don Chruinne agus daoine ag maireachtáil uirthi. Creidim go mbeidh Sibhialtacht Dhialíonta i réim agus droimtuisceana tugtha ag na ciníonacha do chultúr an Ábharachais ina bhfuil sibhialtacht Iartharach ár linne fréamhaithe.

Í seo ag creimeadh cheana féin, í ag lobhadh ina croílár seasc ceal an t-aon inspioráid a chinntíonn fíorthuiscint do luach an Duine. Luach atá inár seilbh uile agus seo 'gan eisceacht ar bith' agus mar a bhí ó thús agus mar a bheas go Lá an Luain féin.

Luacháil a bhuanaíonn tuiscint dár ndínit uile agus dár raison d'etre, ó dhuine go duine, sa saol seo.

Dínit nach mbronnann duine, grúpa, údarás nó cumhacht dhaonna ar bith agus atá, dá bharr sin, neamhspleách, níos luachmhaire ar bhealach iomlán difriúil, 'superior' agus os cionn aon aidhm shaolta ar bith. Sa tuiscint seo amháin is féidir éileamh ar chothromaíocht (eqalitarianism) dáiríre a bhuanú agus, ag an am céanna, léargas ar dhínit indibhidiúlach gach neach beo a fhréamhú.


Níos mó fós mar gur i dtuiscint dár nDiachosúlacht uile go n-aimsítear cinnteacht do chumais ionainn, ainneoin follaithe, atá osnádúrtha, Dia-chosúil. Baineann siad, ní le hintleachtúlacht ná le réasúnaíocht go háirithe, ach le cumais atá i bhfad Éireann níos saibhre.


Cumais chun gráú go fírinneach, chun comhar agus ceart a shantú agus a thóraíocht do chách eile, chun glacadh le hoibleagáideacht i gcoinsias dá chéile uile.


Ní le réasún a ghráítear nó ní ghráítear go hintleachtúil ach le esprit atá i bhfad níos leithne, níos iomláine, níos doimhne agus níos dílse. Cumais, ach iad a shaothrú, a bhriseann teorainn an fhéinlárnachais atá ionainn uile agus seo doimhin fhréamhaithe i sícé an Duine.


Cumais atá ligthe i ndearmad nach mór toisc go bhfuil foinse seo ár mbeo mar pháistí Dé díbrithe ag fealsúnacht an Ábharachais. Fealsúnacht atá tar éis acmhainn ósnádúrtha an Duine a chúngú, a chraplú i gcul de sac spioradálta ina gcothaítear an 'Adulation of Self', gur buantoradh dó Mé-Féineachas, saint agus tóir dochrach an 'Good Life' mar aidhmeanna inghlactha ag daoine. Seachráin a mhoillíonn muid chun anailís mhachnamhach a dhéanamh orainn féin agus ar ár ndlúthghaol in eisint lena chéile uile.


Is i saothrú na comharsanúlachta doimhnithe agus bisithe sin a aimseofar an toil agus an misneach agus, go deimhin, an radacachas chun an mhoráltacht easnamhach a mhoillíonn ár dtuiscint d'oibleagáideacht dhaonna a chlaochlú. Is sa sú-nasc seo amháin is féidir saoirse, cothrom na Féinne agus an daonlathas féin a fhréamhú, a chothú, a chinntiú - agus a fhorbairt.


Mar ní féidir le haon aidhm a bhraitheann ar luach saothair a bhronnann saibhreas, gradam nó cumhacht amháin ach an 'greed, envy motive' a chothú go bhfásann deighiltí i measc daoine. Nó ní féidir le dlíthe, pionóis nó coscanna an t-olc a shrianadh i sochaí ar bith ach go bhfuil siad fréamhaithe agus cothaithe i dtoil thacaíochtach an phobail trí chéile agus seo saor ó laincisí an fhéinlárnachais indírithe (introverted).

Is de bharr chailliúint seo ár mbuan-naisc le maitheas shíorraí go leathnaíonn neamhaird ar na tosaíochtaí daonna a éilíonn grá dá chéile mar bhuanriachtanas i ngach a mbaineann le heagrú shaol an Duine. Cuma cén saghas nó sóirt an eagrúcháin atá i gceist, bíodh sé seo ar bhonn club nó coiste, paróiste nó contae, náisiún nó comhluadar domhanda.


A luaithe is a scartar le riachtanas an ghrá chomhsanúil mar an sú a chothaíonn ár n-aidhmeanna agus ár bpleananna, ár n-institiúidí agus ár gcoisteoireacht ar aon leibhéal nó in aon ghné dár saol díghradamaítear muid, cúngaítear ár ndaonnas, seascaítear ár ndaonnachtúlacht.


CAILLIÚINT na tuisceana seo dár nDiachosúlacht agus, dá bharr sin, dearmad agus neamhaird déanta ar na cumais a d'fhéadfadh muid a shlánú, is bun, barr agus buanchúis le fás na n-uafás inár sochaithe saibhre.


Scéalta laethúla nuachta anois faoi ghadaíocht, gortú agus marú, éigniú agus truailliú fir, mná agus páistí, mídhílseacht do chéilí agus dá chéile, mímhacántacht sa saol gnó agus sna seirbhísí poiblí, gáirsiúlacht i gcaint, in iompar agus i ngreann.


Go fiú go bhfuil i measc Theachtairí Dé féin iad siúd atá súite isteach i seascann suarach an truailliú linbh. Comhartha cinnte teipe chultúr an Ábharachais líon na ndaoine óga a chuireann lámh éadóchasach ina mbás féin. Seo ceal inspioráide a thabharfadh buanaidhm dá n-aistear saoil agus dá saothrú na daonnachtúlachta atá ceilte orthu sa saol cúl de sacach atá tógtha ag Ailtirí an Ábharachais Fhealsúnaigh.


An léiriú is fearr, go bhfios domsa, ar an riocht mí-ábharach ina bhfuil saoránaithe an Domhain shaibhir, tá sé tugtha dúinn ag údar Small is Beautiful, an saoi-eacnamaí E.F. Schumacher, ina shárshaothar A Guide for the Perplexed. De bhuntáiste ag Fritz Schumacher, fear cultúrtha, léannta, gur chruthaigh sé é féin mar eacnamaí de cháil dhomhanda agus mar fhear gnó.


"A condensation of a vast and refreshingly unorthodox system of ideas," a thug Arthur Koestler ar ábhar an leabhair seo. Is fiú an focal 'unorthodox' a mheabhrú anseo mar is i gcreidimh reiligiúnacha athaimsithe, creideamh i nDia atá chomh sean le sean ach seo saibhrithe as an nua, a fhréamhaíonn Schumacher a thuiscint do raison d'etre, do chumais agus d'fhíorchinniúint an Duine sa lá inniu.


Ní 'unorthodoxy' dáiríre atá i gceist ach nach bhfuil an tuiscint do bhuanthabhacht agus riachtannas reiligiúin mar inspioráid dár ndaonnas agus dár ndaonachtúlacht P.C an lae inniu.


"Tá teipthe ar an turgnamh nua-aoiseach le bheith beo gan reiligiún, agus a luaithe a thuigfimid é sin, is eol dúinn céard iad dáiríre ár dtascanna iar-nua-aoiseacha (post-modern)," a deir sé.


Claochlú nó 'metanoia' atá i gceist aige, go n-aimseofaí bunsraith mhorálta úrnua ina bhfréamhófar tosaíochtaí daonna mar riachtanas inár ndéileáil agus inár n-idirbheartaíochtaí uile lena chéile - inár saol príobháideach agus i gcomhar, go háitiúil agus ar fud na cruinne agus seo i ngach réimse de shaol rannpháirtíochtach an Duine.


Roinnt seachas saint mar inspioráid a éileoidh ár ndaonnas nuashaibhrithe i gcúrsaí eacnamaíocha, polaitíochta agus gnó más saibhir dáiríre sa spiorad a bheas muid.


PÁIRT chinnte shásúil sa saothar seo le glacadh ag saoránaigh uile na Cruinne, ar mian leo é agus seo faoi inspioráid a gcumais mhúscailte agus á saothrú acu laistigh dá ngairmeacha féin. Saothar morálta go deimhin a thosóidh, a là an tsíl mustaird, ó dhuine go duine, ó phobal go pobal, ó cheantar go ceantar, go bhfásfaidh dá bharr nuashibhialtacht dhomhanda sa chéad seo romhainn.


Comharsantacht na Cruinne le cruthú agus le tógáil i bhfoinsí daonna a bheidh fréamhaithe i ndomhaintuiscint dár ngaol gairid uile dá chéile ar fud na Comhsanachta seo mar pháistí na Réaltachta lasmuigh, cuma go ngairmfí ar an réaltacht seo 'Dia, Fírinne, Allah, Sat-Chit-Ananda nó Nirvana'.


Nach é an bhrí le reiligiún (re-legio) go n-athnascfaí an Duine leis an Réaltacht lasmuigh, a fhiafraíonn Schumacher. Athnascadh a bhaineann le gach duine againn a bheidh tógtha leis an bhfís seo a chothóidh cultúr seo na nuachomharsanúlachta daonna atá le teacht.

Gach a mbaineann le ceart agus cóir, le cothromaíocht agus saoirse, le dualgas agus hoibleagáideacht, le fírinne agus dílseacht le saothrú mar thosaíochtaí inár saol indibhidiúlach féin.

Bláthóidh, de bharr sá inmheánach an chultúir a eascróidh as seo, beobhéasaíocht ina bhfréamhófar agus ina ndíreófar meanmna na n-institiúidí uile a fhreastalaíonn ar eagrúchán ár saoil, sna réimsí príobháideacha agus poiblí.

Daonnachtú (humanizing) dá bharr a shaibhreoidh dáiríre na hinstitiúidí uile a fhreastalaíonn orainn agus a dhaonlathóidh (democratize) go smior an cleachtadh tanaí 'reamhstairiúil' don daonlathas céanna atá inár seilbh faoi láthair.

Meiteamorfóis nach dtiocfaidh chun foirfeachta ach go mbeidh sé fréamhaithe i gclaochlú pearsanta i saol fhormhór na saoránach.

Cath ar bhochtaineacht agus ar éagóir sa domhan, thall agus abhus, á chur againn uile mar dhaonlathaigh. Ár gcúram dár gcomharsana i gComharsantacht na Cruinne á léiriú agus na héilimh a chothaítear dá bharr á aimsiú go háirithe i gcúrsaí polaitíochta, eacnamaíocha, gnó agus sóisialta.

Ach is gá an fuinneamh tiomána, an toil dhírithe, an dochloíteacht umhal is gá bheith síorchothaithe inár saothrú na gcumas, na tréithe sin is uaisle thuasluaite i saol laethúil an tsaoránaigh féin.

Sin an chinniúint atá le saothrú, sin saothar daonna an lae amáraigh atá leagtha orainn uile anois. Saothar a bheidh fréamhaithe inár saol laethúil uile, ó dhuine go duine, agus a thabharfaidh brí le bheith beo dáiríre sa saol gairid sin a thaithímid ar dhroim na Cruinne áille seo.

Dúchas le saothrú againn le dílseacht bhródúil ach daonna go smior agus seo i dtiúin le todhchaí síoraí an Duine. Go bhfágfaí mar oidhreacht speisialta againn dár bpáistí gur chinneamar go mbainfí amach an aidhm dhaonna a bhí mar inspioráid ag na hÉigiptigh, is é sin, nach bhfágfaí duine ná deoraí ocrach de bharr a neamhchúraim nó a fhaillí.

Ná scaraimis le tionchar na Réaltachta orainn nó ón dínit osnadúrtha a bhronntar orainn de bharr ár ndlúthghaoil leis trí ghlacadh le míthuiscint earráideach den scaradh cuí ba chóir bheith idir Stát agus Eaglais. Scaradh a dhíbríonn Dia ónár gcúraimí saolta.

Nár fhulaing comharsana dúinn a ndóthain cheana féin faoin sórt aindiachais mhí-ámharaigh seo i Rúis Chumannach Stalin agus in Eoraip Naitsíoch Hitler agus Mussolini agus ní ach dornán de bhlianta ó shin. I gcuimhní go leor leor againn, go deimhin.


Scaraimis freisin leis an saghas agnóiseachais phraiticiúil a chleachtaíonn ró-iomarca Críostaithe agus muid ag déanamh neamhairde air agus neamhchúram dár gcomharsana, go ndeirimid, go béal-bánach, gur páistí Dé iad siúd freisin.

Fillimis mar thús in Éirinn go háirithe ar an tuiscint dár gcomhionannas a léiríodh agus a tugadh mar dhúshlán dúinn i bhForógra na Cásca 1916.


Is iriseoir é Colm Ó Tórna. Fillfidh Pól Ó Muirí ar an tseachtain seo chugainn