Ni leor e

Cad é go díreach an chiall atá ag Sin É (TG4) do chúrsaí reatha? Cuireadh ceann ar eagráin an Luain le plé ar Roy Keane agus …

Cad é go díreach an chiall atá ag Sin É (TG4) do chúrsaí reatha? Cuireadh ceann ar eagráin an Luain le plé ar Roy Keane agus ar Chorn an Domhain. Leanadh sin le tuairisc ar an Ghaeilge mar ábhar "éigeantach" scoile.

B'aisteach leis an cholúnaí seo go gcuirfí tús le clár seachtainiúil cúrsaí reatha le mír spóirt. Cinnte, is scéal mór é Roy Keane ach scéal mór spóirt atá ann. Ní bheidh tionchar ná tionchar ag Roy ar chúrsaí sláinte, ar chúrsaí oideachais, ar chúrsaí slándála ...Beidh ag polaiteoirí.

Níl sé ach tamall gairid ó bhí olltoghchán sa Stát seo agus níl deireadh ráite faoi impleachtaí an olltoghcháin chéanna nó a bhfuil roimh an chóras polaitíochta. I bhfianaise a laghad deiseanna a bhíonn ar TG4 cúrsaí polaitíochta a phlé, níor mhiste pilleadh ar an ábhar.

B'ait fosta an mhír ar an Ghaeilge "éigeantach". Bhí an chuma ar an scéal gur taifeadadh an píosa seo roinnt mhaith seachtainí ó shin, tráth ar seoladh leabhar ar an ábhar. Ní raibh sé tráthúil. Má bhí muintir Sin É ag iarraidh píosa faoi chúrsaí Gaeilge, b'fhearr dóibh plé cuimsitheach a dhéanamh ar an dá thuarascáil Ghaeltachta a seoladh an tseachtain seo caite.

READ MORE

B'fhéidir go bhfeicfimis sin i gceann míosa agus tuairisc faoi cé a bhain Corn an Domhain. Sin É. Ní leor é.